Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus dʼith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus dʼith sé é.