1
Lúcás 12:40
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus bídhidh-se ollamh, óir ni’l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine.
Сравнить
Изучить Lúcás 12:40
2
Lúcás 12:31
Loirgidh ar dtúis, ámhthach, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus gheobhaidh sibh mar thuille na neithe sin go léir.
Изучить Lúcás 12:31
3
Lúcás 12:15
Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.
Изучить Lúcás 12:15
4
Lúcás 12:34
Óir an áit ’n-a bhfuil bhúr stór is ann a bheidh bhúr gcroidhe.
Изучить Lúcás 12:34
5
Lúcás 12:25
Cé’cu agaibh-se d’fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin do chur le n’aoirde féin?
Изучить Lúcás 12:25
6
Lúcás 12:22
Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d’á bhrígh sin, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh’íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh.
Изучить Lúcás 12:22
7
Lúcás 12:7
Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin. Is mó le rád sibh-se ’ná a lán gealbhún.
Изучить Lúcás 12:7
8
Lúcás 12:32
Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh.
Изучить Lúcás 12:32
9
Lúcás 12:24
Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní bhainid siad fóghmhar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?
Изучить Lúcás 12:24
10
Lúcás 12:29
Ná bídhidh-se ag lorg na neithe a dh’íosfaidh sibh ná a dh’ólfaidh sibh, agus ná bíodh eirighe anáirde oraibh.
Изучить Lúcás 12:29
11
Lúcás 12:28
Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó ’ná san [éideóchaidh sé] sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?
Изучить Lúcás 12:28
12
Lúcás 12:2
Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, ná i bhfolach ná tiocfaidh chun eóluis.
Изучить Lúcás 12:2
Домой
Библия
Планы
Видео