1
Maitiú 7:7
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Iarraigidh, agus bhéarfar díbh; cuartuighigigh, agus gheobhaidh sibh; buailigidh, agus fosclóchar díbh.
Thelekisa
Phonononga Maitiú 7:7
2
Maitiú 7:8
Óir glacann gach aoinneach a iarras, gheibh an té a chuartuigheas, agus fosclóchar do’n te a bhuaileas.
Phonononga Maitiú 7:8
3
Maitiú 7:24
Ar an adhbhar sin, gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus a ghní dá réir, samhlóchar é le fear críonna a thóg a theach ar charraig.
Phonononga Maitiú 7:24
4
Maitiú 7:12
Gach uile nídh, ar an adhbhar sin, dár mhaith libh go ndéanfadh daoine díbh, déanaigidh dóbhtha-san é: óir is é seo an dlighe agus na fáidhe.
Phonononga Maitiú 7:12
5
Maitiú 7:14
Nach cumhang an geafta, agus nach caol an bóthar, a threoruigheas chun na beatha; agus is beag a chuireas eolas air.
Phonononga Maitiú 7:14
6
Maitiú 7:13
Téighigidh isteach ar an gheafta chumhang, óir is fairsing an geafta, agus is leathan an bóthar a threoruigheas chun na h-aimhleasa; agus dá mórán a théid isteach air.
Phonononga Maitiú 7:13
7
Maitiú 7:11
Dá bhrígh sin, má tá tuigse agaibh-se, atá olc, tabhartaisí maithe a thabhairt do bhur gcloinn: nach mó go mór a bhéarfas bhur n-Athair, atá ar neamh, neithe maithe dóbhtha sin a iarras air?
Phonononga Maitiú 7:11
8
Maitiú 7:1-2
Ná tabhairigidh breith, chun nach dtabharthar breith oraibh. Óir is do réir na breithe a thug sibh, a bhéarfar breith oraibh: agus is leis an mhiosúr le n-ar thómhais sibh, a thómhaisfear thar ais díbh.
Phonononga Maitiú 7:1-2
9
Maitiú 7:26
Agus gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus nach ndéan dá réir, béidh sé cosamhail le fear amaideach a thóg a theach ar an ghainimh.
Phonononga Maitiú 7:26
10
Maitiú 7:3-4
Agus cad chuige a bhfeiceann tú an scealbóg i súil do dhearbhráthar, agus nach dtabhrann tú fá dear an tsail i do shúil féin? Nó cad é mar thig leat rádh le do dhearbhráthair: leig damh an scealbóg a bhaint as do shúil; agus féach, an tsail i do shúil féin?
Phonononga Maitiú 7:3-4
11
Maitiú 7:15-16
Seachnaigidh na fáidhe bréige, a thig chugaibh i gculaith chaorach, acht ar maca tíre crosacha iad ar an taoibh istigh. As a dtortha a chuirfeas sibh aithne ortha. An gcruinnigheann daoine caora fíneamhna de dhreasógaí, nó fígí de fhothannáin?
Phonononga Maitiú 7:15-16
12
Maitiú 7:17
Mar sin, bheir gach crann maith toradh maith uaidh, acht bheir an droch-chrann droch-thoradh uaidh.
Phonononga Maitiú 7:17
13
Maitiú 7:18
Ní thig le crann maith droch-thoradh a thabhairt, agus ní thig le droch-chrann toradh maith a thabhairt.
Phonononga Maitiú 7:18
14
Maitiú 7:19
Gach crann nach dtugann toradh maith, gearrfar anuas é, agus caithfear san teinidh é.
Phonononga Maitiú 7:19
Ekuqaleni
IBhayibhile
Izicwangciso
Iividiyo