Marcus 16
16
1Agus nuair do bhí an tsabóid thart, do cheannuigh Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais, agus Salómé spíosraidhe, chum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é. 2Agus thángadar go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, go dtí an tuama, le h‐éirighe gréine. 3Agus do bhíodar ’g‐a rádh le n‐a chéile, Cia iontóchas an leac dúinn ó bhéal an tuama? 4Agus ag féachain suas dóibh, thugadar fá deara go raibh an leac iontuighthe: óir do bhí sí an‐mhór. 5Agus ag dul isteach sa tuama dhóibh, do chonnacadar an t‐ógánach ’n‐a shuidhe ar thaobh na láimhe deise, agus brat geal air; agus tháinig uathbhás ortha. 6Agus adubhairt seisean leo, Ná bíodh eagla oraibh: atá sibh ar lorg Íosa Nasardha, an té do céasadh: d’éirigh sé; ní fhuil sé annso; féachaidh an áit ’n‐ar chuireadar é! 7Acht imthighidh, innisidh d’á dheisceablaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go dtí an Ghalilé: do‐chífidh sibh annsin é, mar adubhairt sé féin libh. 8Agus d’imthigheadar amach, agus do theicheadar ó’n tuama; óir do bhi crith‐eagla agus uathbhás ortha: agus níor labhradar focal le h‐aon duine; óir do bhí scannradh ortha.
9Agus nuair d’aiséirigh sé go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, do thaisbeán sé é féin ar dtús do Mháire Mhagdaléné, as ar chuir sé amach seacht ndeamhain. 10D’imthigh sise, agus d’innis sí é dhóibh‐sean do bhíodh ’n‐a fhochair, agus do bhí ag caoi agus ag gol. 11Agus nuair do‐chualadar go raibh sé beo, agus go bhfaca sise é, níor chreideadar é.
12Agus tar a éis sin, do thaisbeán sé é féin i gcruth eile do bheirt aca agus iad ag siubhal, ag dul fá’n tuaith dhóibh. 13Agus d’imthigheadar‐san agus d’inniseadar do’n chuid eile é: acht mar sin féin, níor chreideadar iad.
14Fá dheireadh, do thaisbeán sé é féin do’n ao n fhear déag ar fad, agus iad ’n‐a suidhe ag caitheamh bidh; agus do chas sé leo a míchreideamh agus a ndúire croidhe, de bhrigh nár chreideadar na daoine do chonnaic é iar h‐éirghe dhó.
15Agus adubhairt sé leo, Imthighidh ar fud an domhain uile, agus déanaidh an soiscéal do chraobhscaoileadh do’n chineadh daonna ar fad. 16An té chreidfeas agus baistfear, saorfar é; acht an té nach gcreidfidh, daorfar é. 17Agus is iad so na cómharthaí leanfas iad‐san chreidfeas: caithfid deamhain amach im’ ainm‐se; labharfaid as teangthachaibh nua; 18tógfaid nathracha nimhe: agus má ólaid aon nidh marbhthach, ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dhóibh; cuirfid a lámha ar na daoinibh breoite agus leigheasfar iad.
19Agus, tar a éis do’n Tighearna Íosa labhairt leo, do gabhadh suas ar neamh é, agus do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé. 20Agus d’imthigheadar‐san, agus do chraobhscaoileadar ins gach uile áit, an Tighearna ag cómhoibriú leo, agus ag neartú an bhriathair leis na cómharthaibh do lean é.
Поточний вибір:
Marcus 16: ATN1951
Позначайте
Поділитись
Копіювати
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fuk.png&w=128&q=75)
Хочете, щоб ваші позначення зберігалися на всіх ваших пристроях? Зареєструйтеся або увійдіть
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932