Agus ag féachain suas dóibh, thugadar fá deara go raibh an leac iontuighthe: óir do bhí sí an‐mhór. Agus ag dul isteach sa tuama dhóibh, do chonnacadar an t‐ógánach ’n‐a shuidhe ar thaobh na láimhe deise, agus brat geal air; agus tháinig uathbhás ortha.