Marcus 15
15
1Agus go moch ar maidin, do chuaidh uachtaráin na sagart i ndáil cómhairle leis na seanóiribh, agus leis na scríobhaidhthibh agus leis an gcómhairle iomláin, agus do cheangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus thugadar do Phíoláid é. 2Agus d’fhiafruigh Píoláid de, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhiafruigh seisean agus adubhairt, Adeirir é. 3Agus do chuir uachtaráin na sagart mórán neithe ’n‐a leith. 4Agus d’fhiafruigh Píoláid arís de, agus adubhairt, Nach bhfuil freagra ar bith agat le tabhairt? féach an méid atá aca d’á chur id’ leith. 5Acht níor fhreagair Íosa a thuilleadh; i dtreo go raibh iongnadh ar Phíoláid.
6Is amhlaidh ba ghnáthach leis, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh saor chuca, aon duine d’iarraidís air. 7Agus do bhí duine darbh ainm Barabbas ceangailte mar aon leo‐san do rinne ceannairc, daoine do rinne dúnmharbhadh sa gceannairc. 8Agus do chuaidh an pobal suas agus do thosnuigheadar ar iarraidh air an rud ba ghnáthach leis do dhéanamh dhóibh. 9Agus d’fhreagair Píoláid iad, agus adubhairt, An áil libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nIúdach? 10Óir do bhí a fhios aige gur le droch‐aigne thug uachtaráin na sagart ar láimh é. 11Acht do spreag uachtaráin na sagart an pobal go n‐iarrfaidís air Barabbas do scaoileadh saor chuca. 12Agus d’fhreagair Píoláid arís, agus adubhairt sé leo, Agus créad is áil libh do‐ghéanad do’n té ar a nglaodhann sibh Rí na nIúdach? 13Agus do liúghadar arís, Céas é. 14Agus adubhairt Píoláid leo, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht ba dhéine do liúghadar, Céas é. 15Agus de bhrigh gur mhian le Píoláid an pobal do shásamh, do scaoil sé chuca Barabbas, agus thug sé Íosa chum a chéasta tar a éis dó a sciúrsáil.
16Agus do rug na saighdiúirí leo é isteach sa gcúirt, is é sin cúirt an Pháláis, agus do chruinnigheadar an bhuidhean iomlán. 17Agus do chuireadar éadaighe corcra air, agus do shníomhadar coróin spíne, 18agus do chuireadar air í; agus do thosnuigheadar ar bheannú dhó, go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach! 19Annsin do bhuaileadar sa gceann é le giolcach, agus do chaitheadar seilí air, agus ag cromadh a nglún dóibh do rinneadar omós dó. 20Agus nuair do bhí an magadh déanta aca do bhaineadar an chorcair dhe, agus do chuireadar a éadaighe féin air. Agus do rugadar leo é le n‐a chéasadh.
21Agus do bhí duine darbh ainm Síomón Curénéach ag gabháil thairis, athair Alecsandair agus Rúfuis, tháinig isteach ó’n tuaith, do chuireadar d’fhiachaibh air‐sean an chroch d’iomchur dó. 22Agus do rugadar leo é go dtí an áit d’á ngoirthear Golgotá, is é sin, Áit cloiginn. 23Agus thugadar fíon, agus mirr measctha leis, le n’ól dó: acht níor ghlac seisean é. 24Agus do chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaighe, ’g‐a gcur ar chrannaibh, d’fhéachain créad do bhéadh ag gach duine aca. 25Agus do bhí an treas uair ann, agus do chéasadar é. 26Agus do bhí teideal a chúise scríobhtha os a chionn, RÍ NA N‐IÚDACH. 27Agus do chéasadar beirt bhitheamhnach i n‐éinfheacht leis; duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé. 29Agus na daoine do ghabhadh thairis, thugaidís masla dhó ag crothadh a gceann, agus iad ’g‐a rádh, Há! thusa leagas an teampall, agus thógas é i gceann trí lá, 30saor thú féin agus tar anuas de’n chroich. 31Mar an gcéadna do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag magadh faoi, agus iad ’g‐a rádh le n‐a chéile, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh. 32Tigeadh an Críost, Rí Israel, anuas de’n chroich anois go bhfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do bhí d’á gcéasadh i n‐éinfheacht leis, thugadar masla dhó.
33Agus nuair tháinig an sémhadh h‐uair, do leath dorchadas ar an talamh uile go dtí an naomhadh h‐uair. 34Agus sa naomhadh h‐uair do ghlaodh Íosa de ghuth árd, Elóí, Elóí, Lamá sabachtaní? is é sin, A Dhia, a Dhia, cad chuige ar thréigis mé? 35Agus nuair do‐chuala cuid díobh‐san do bhí láithreach é, adubhradar, Féach, atá sé ag glaodhach ar Élias. 36Agus do rith duine aca, agus do líon sé sponnc de bhínéagra. Agus do chuir sé ar ghiolcach é, agus thug sé le n’ól dó é, agus adubhairt, Fan, feicimís an dtiocfaidh Élias le n‐a thógáil anuas. 37Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus d’imthigh an t‐anam as. 38Agus do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun. 39Agus an ceanntúir do bhí ’n‐a sheasamh os a chómhair ’n‐a aice, nuair do chonnaic sé gur imthigh a anam as ar an gcuma sin, adubhairt sé, Go fírinneach do b’é Mac Dé an fear so.
40Agus do bhí mná ann i bhfad uaidh, agus iad ag féachain air: ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais bhig agus Iósés, agus Salómé; 41is iad‐san do bhíodh ’g‐a leanamhain, agus ag friotháileamh air nuair do bhíodh sé sa nGalilé; agus mórán ban eile tháinig i n‐éinfheacht leis go h‐Iarúsalem.
42Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, de bhrigh gurbh é lá an Ullmhuighthe é, is é sin, an lá roimh an tsabóid, 43tháinig Seosamh ó Arimatéa, cómhairleoir cóir, onórach, fear do bhí ag súil le ríoghacht Dé; agus do chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air. 44Agus do b’iongnadh le Píoláid a rádh go raibh sé marbh cheana: agus do ghlaodh sé chuige an ceanntúir, agus d’fhiafruigh sé dhe an raibh sé i bhfad tar éis báis. 45Agus nuair fuair sé fios air ó’n gceanntúir, tug sé an corp do Sheosamh. 46Agus do cheannuigh seisean brat línéadaigh, agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé sa mbrat línéadaigh é, agus do chuir sé isteach i dtuama do bhí gearrtha as carraig; agus d’iontuigh sé leac thar bhéal an tuama. 47Agus do bhí Máire Mhagdaléné agus Máire Iósés ag féachain ar an áit ’n‐ar cuireadh é.
Поточний вибір:
Marcus 15: ATN1951
Позначайте
Поділитись
Копіювати
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fuk.png&w=128&q=75)
Хочете, щоб ваші позначення зберігалися на всіх ваших пристроях? Зареєструйтеся або увійдіть
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932