Lúcás 3

3
1Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne, 2nuair do bhí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐shagartaibh, tháinig briathar Dé chum Eoin mac Shachariais sa bhfásach. 3Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh; 4mar atá scríobhtha i leabhar Ésáiais fáidh,
Guth an té ag glaodhach sa bhfásach,
Réidhtighidh slighe an Tighearna,
Déanaidh a chosáin díreach,
5Líonfar gach gleann,
Agus ísleochar gach sliabh agus cnoc;
Agus díreochar an cam,
Agus déanfar na slighthe garbha réidh;
6Agus do‐chífidh an uile fheoil slánú Dé.
7Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht. 8Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin. 9Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é. 10Agus d’fhiafruigh an sluagh uile dhe, g‐á rádh, Má’s eadh, créad atá le déanamh againn? 11Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna. 12Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne? 13Agus adubhairt sé leo, Ná h‐éilighidh níos mó ’ná an méid atá dlisteanach. 14Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal.
15Agus nuair do bhí na daoine ag feitheamh, agus iad uile ag machtnamh ’n‐a gcroidhthibh i dtaobh Eoin, arbh fhéidir gurbh é an Críost é; 16d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh: 17atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta.
18Is iomdha spreagadh eile thug sé do na daoinibh, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dóibh; 19acht Ioruat, an tetrarcha, do bhí smachtuighthe aige i dtaobh Héródias, bean a dhearbhráthar, agus i dtaobh na ndroch‐neithe uile do‐rinne Ioruath, 20do chuir sé leo mar bhárr ar gach nidh, Eoin do chur fá ghlas bpríosún.
21Agus tharla, nuair do bhí na daoine go léir baistthe, agus bhí Íosa baistthe, agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh na flaithis, 22agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas.
23Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli, 24mic Mhattat, mic Lébhi, mic Mhelchi, mic Iannai, mic Sheosaimh, 25mic Mhattatias, mic Amós, mic Naúm, mic Esli, 26mic Haggai, mic Mhaát, mic Mhattatias, mic Shemeí, mic Iósech, mic Ióda, 27mic Ióanan, mic Résa, mic Shorobábel, mic Shalatiél, mic Néri, 28mic Mhelchi, mic Addi, mic Chósam, mic Elmadam, mic Ér, 29mic Íosa, mic Eliéser, mic Iórim, mic Mhattat, mic Lébhi, 30mic Shimeon, mic Iúda, mic Sheosaimh, mic Iónam, mic Eliacim, 31mic Mhelea, mic Mhenna, mic Mhattata, mic Natán, mic Dháibhi, 32mic Iesse, mic Óbéd, mic Bhóos, mic Shala, mic Naasón, 33mic Aminadab, mic Admi, mic Arni, mic Esrón, mic Phares, mic Iúda, 34mic Iácóib, mic Íosóig, mic Abrachaim, mic Thára, mic Nachór, 35mic Sherúch, mic Ragú, mic Phálec, mic Eber, mic Shalá, 36mic Chainam, mic Arfacsad, mic Sheim, mic Naoi, mic Lamech, 37mic Mhatúsala, mic Enóch, mic Iáret, mic Mhaleleél, mic Chainan, 38mic Enós, mic Shét, mic Ádhaimh, mic Dé.

Поточний вибір:

Lúcás 3: ATN1951

Позначайте

Поділитись

Копіювати

None

Хочете, щоб ваші позначення зберігалися на всіх ваших пристроях? Зареєструйтеся або увійдіть