Lúcás 2

2
1Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile. 2Ba é seo an chéad chómhaireamh do‐rinneadh an tráth ’n‐a raibh Curénius ’n‐a cheannphort ar an tSithir. 3Agus do chuadar uile chum go n‐áirmhfidhe iad, gach aoinneach ’n‐a chathair féin. 4Agus do chuaidh Seosamh, leis, ó’n nGalilé, ó chathair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go chathair Dháibhi, ar a dtugtar Beithil, de bhrigh gur de theaghlach agus de shliocht Dháibhi é; 5chum go n‐áirmhfidhe é mar aon le Muire, a bhainchéile do bhí ag iomchar clainne. 6Agus tharla, le linn dóibh bheith annsin, go dtáinig am a seolta. 7Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta.
8Agus do bhí aodhairí sa dúthaigh chéadna ’n‐a gcómhnaidhe ar an machaire, agus iad ag faire a dtréad san oidhche. 9Agus do sheas aingeal ó’n Tighearna le n‐a n‐ais, agus do shoillsigh glóir an Tighearna ’n‐a dtimcheall: agus do bhí eagla mhór ortha. 10Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile: 11óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi. 12Agus is é seo a chómhartha dhaoibh; Do‐gheobhaidh sibh naoidheanán, é fillte i n‐éadaighibh agus ’n‐a luighe i mainséar. 13Agus ar an láthair do bhí i bhfochair an aingil buidhean mhór de’n tsluagh neamhdha, iad ag moladh Dé, agus g‐á rádh,
14Glóir do Dhia ins na flaitheasaibh is aoirde,
Agus ar talamh síothcháin do lucht déighmhéine.
15Agus tharla, nuair d’imthigh na h‐aingil uatha ar neamh, go ndubhairt na h‐aodhairí le chéile, Téighmis chómh fada le Beithil go bhfeicfimíd an nidh seo tharla, mar d’fhógair an Tighearna dhúinn. 16Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar. 17Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin. 18Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh. 19Acht do choimhéad Muire na neithe sin go h‐iomlán, ag machtnamh ortha ’n‐a croidhe istigh. 20Agus d’fhill na h‐aodhairí, agus iad ag glóiriú agus ag moladh Dé mar gheall ar a gcualadar agus a bhfacadar, de réir inar adubhradh leo.
21Agus nuair do bhí na h‐ocht laethe caithte chum an leanbh do thimcheall‐ghearradh, tugadh ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm thug an t‐aingeal air sarar geineadh é i mbroinn.
22Agus nuair do bhí laethe a glanta caithte, de réir reachta Mhaoise, thugadar leo go h‐Iarúsalem é, chum a thoirbheart do’n Tighearna; 23(mar atá scríobhtha i reacht an Tighearna, Gach fireann fhosclas broinn, glaodhfar naomhtha do’n Tighearna air), 24agus chum an íodhbairt do dhéanamh mar órduighthear i reacht an Tighearna, Cúpla féarán, nó dhá cholúr óga. 25Agus féach, do bhí i nIarúsalem fear darbh ainm Simeon; agus do bhí an fear so fíréanta, diadha, agus é ag súil le sólás Israel: agus do bhí an Spiorad Naomh air. 26Agus tugadh foillsiú dhó ó’n Spiorad Naomh nach bhfeicfeadh sé bás nó go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna. 27Agus tháinig sé tríd an Spiorad isteach sa teampall: agus nuair thug an t‐athair agus an mháthair an leanbh Íosa isteach, chum go ndéanfaidís ’n‐a thaobh de réir gnáth‐nóis na dlighe, 28do thóg seisean chuige ’n‐a ucht é, agus do mhol sé Dia, agus adubhairt,
29Anois, a Thighearna, cuireann tú do sheirbhíseach uait,
Le síothcháin, de réir do bhriathair,
30De bhrigh go bhfaca mo shúile do shlánú,
31D’ullamhuighis i bhfiadhnaise na gcinidheach uile;
32Solas chum na Geinte do shoillsiú,
Agus chum glóire do phobail Israel.
33Agus do bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionganta de na neithibh adubhradh ’n‐a thaobh; 34agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh; 35agus rachfaidh claidheamh tré lár t’anma féin; ionnas go nochtfar smaointe as mórán croidhthe. 36Agus do bhí Anna, ban‐fháidh, inghean Phanuél, de threibh Asér, do bhí sí an‐aosta; do chaith sí seacht mbliadhna ag a fear tar éis a maighdeanais, 37agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh. 38Agus ag teacht di‐se, an uair chéadna sin, thug sí buidheachas do Dhia, agus do labhair sí ’n‐a thaobh le gach duine do bhí ag tnúth le fuascailt Iarúsalem. 39Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair.
40Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé, agus do bhí sé lán d’eagna: agus do bhí grás Dé air.
41Agus do théigheadh a athair agus a mháthair suas go h‐Iarúsalem gach bliadhain le linn féile na Cásca. 42Agus nuair do bhí sé dhá bhliadhain déag d’aois, do chuadar suas mar ba ghnáthach, aimsir na féile; 43agus nuair do bhí na laethe chaithte aca, agus iad ag filleadh, d’fhan an gasúr Íosa i nIarúsalem; agus ní raibh a fhios sin ag a athair ná ag a mháthair; 44acht do mheasadar gur ’n‐a gcuideachtain do bhí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do bhíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais; 45agus nuair nach bhfuaradar é d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, g‐á lorg. 46Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha: 47agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé. 48Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn. 49Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a rabhabhar ar mo lorg‐sa? nach raibh a fhios agaibh go gcaithfinn gnótha m’Athar do dhéanamh? 50Agus níor thuigeadar an nidh adubhairt sé leo. 51Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.
52Agus d’fhás Íosa i n‐eagna, agus i n‐aois, agus i ngrás i bhfiadhnaise Dé agus daoine.

Поточний вибір:

Lúcás 2: ATN1951

Позначайте

Поділитись

Копіювати

None

Хочете, щоб ваші позначення зберігалися на всіх ваших пристроях? Зареєструйтеся або увійдіть