Agus tharla, nuair do bhí na daoine go léir baistthe, agus bhí Íosa baistthe, agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh na flaithis, agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas.