Eoin 6
6
Caibidil VI
Coṫuiġeann Críost cúig ṁíle le cúig h-aráin: siuḃlann sé ar an ḟairrge, agus laḃrann sé ar arán na beaṫa.
1Ina ḋiaiḋ seo, ċuaiḋ Íosa trasna ṁuir na Gailile,#Mait. 14, 13; Marc. 6, 32; Lúc. 9, 10. is é sin, muir Ṫiberiais:
2Agus lean sluaġ mór é, de ḃríġ go ḃfaca siad na míorḃailte a rinne sé ar ḋaoine a ḃí easlán.
3Dá ḃríġ sin, ċuaiḋ Íosa suas ar ṡliaḃ, agus ṡuiḋ sé annsin le n-a ḋeisciobail.
4Agus ḃi an Ċáisc, féile na n-Iúdaċ, ar na gaoḃair.
5Ar an aḋḃar sin, nuair a ṫóg Íosa suas a ṡúla, agus ċonnaic sé go raiḃ sluaġ an-ṁór ag teaċt ċuige, duḃairt sé le Pilip: Cá gceannóċamuid arán go n-iṫiḋ siad seo?
6Aċt duḃairt sé seo le na ḟéaċáil: óir ḃí a ḟios aige féin cad é ḋéanfaḋ sé.
7D’ḟreagair Pilip é: Ní leor luaċ ḋá ċéad piġinn d’arán dóiḃ, ċun go ḃfaġaḋ gaċ duine acu beagán beag.
8Deir duine dá ḋeisciobail, Aindrias, dearḃráṫair Ṡíomoin Peadar, leis:
9Tá buaċaill annseo a ḃfuil cúig h-arám eornan agus ḋá iasc aige: aċt cad é is fiú iad sin do’n oiread seo daoine?
10Annsin duḃairt Íosa: Taḃairigiḋ ar na daoine suiḋe síos. Agus ḃí mórán féir san áit. Ar an aḋḃar sin, ṡuiḋ na daoine síos, agus ḃí tuairim agus cúig ṁíle ann.
11Agus ġlac Íosa na h-aráin: agus nuair a ṫug sé altuġaḋ, roinn sé ar an méid a ḃí ina suiḋe: agus na h-éisc mar an gcéadna, a oiread agus a b’áil leo.
12Agus nuair a ḃí a sáiṫ acu, duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Cruinniġigiḋ suas na conamair atá fágṫa, ar eagla go dtéiġeaḋ siad amuġa.
13Ar an aḋḃar sin, ċruinniġ siad, agus líon siad ḋá ḃascáid ḋéag le conamair na gcúig n-arán eornan a ḃí fágṫa i ḃfuiġleaċ ag an ṁuinntir a d’iṫ.
14Dá ḃríġ sin, nuair a ċonnaic na daoine sin an ṁíorḃail a ḃí déanta ag Íosa, duḃairt siad: Is é seo go fíor an fáiḋ atá le ṫeaċt ċun an tsaoġail.
15Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ siad ag dul a ṫeaċt le breiṫ air, agus rí a ḋéanaṁ de, ṫeiċ sé suas ċun an tsléiḃe arís ina aonar.#Mait. 14, 23; Marc. 6, 46.
16Agus nuair a ḃí sé ina ṫráṫnóna, ċuaiḋ a ḋeisciobail síos ċun na fairrge.
17Agus ar ḋul ar bórd luinge dóíḃ, ṫáinic siad trasna na mara go Ċaṗarnaum: agus ḃí sé dorċa an uair sin, agus ní ṫáinic Íosa ċuca.
18Agus d’éiriġ an ḟairrge, as siocair gaoṫ ṁór a ḃeiṫ ag séideaḋ.
19Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí tuairim ar ċúig nó deiċ stáid ar ḟiċid de iomraṁ déanta acu, tċí siad Íosa ag siuḃal ar an ḟairrge, agus ag teaċt i ngaoḃar do’n luing, agus ḃuail eagla iad.
20Aċt deir seisean leo: Is mise atá ann, ná bíoḋ eagla oraiḃ.
21Ar an aḋḃar sin, ḃí fonn orṫa é ġaḃáil ċuca san luing: agus ar an ḃomaite ḃí an long ag an tír, mar a raiḃ siad ag dul.
22Lá ar n-a ḃáraċ, ċonnaic an sluaġ, a ḃí ina seasaṁ taoḃ ṫall de’n ṁuir, naċ raiḃ annsin aċt aon long aṁáin, agus naċ ndeaċaiḋ Íosa san luing le n-a ḋeisciobail, aċt gur imṫiġ a ḋeisciobail léo féin.
23Aċt ṫáinic longa eile isteaċ ó Ṫiberias i n-aice na h-áite i n-ar iṫ siad an t-arán, nuair a ṫug an Tiġearna altuġaḋ.
24Mar sin de, nuair a ċonnaic an sluaġ naċ raiḃ Íosa ná a ḋeisciobail annsin, ċuaiḋ siad ins na longa, agus ṫáinic siad go Caṗarnaum ar lorg Íosa.
25Agus nuair a fuair siad ar an taoiḃ eile de’n ṁuir é, duḃairt siad leis: A Rabbi, cá h-uair a ṫáinic tú annseo?
26Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Amén, amén adeirim liḃ: tá siḃ ar mo lorg, ní ar son go ḃfaca siḃ míorḃailte, aċt de ḃríġ gur iṫ siḃ de na h-aráin, agus go ḃfuair siḃ ḃur sáiṫ.
27Ná saoṫruiġigiḋ ċun an ḃíḋ a ṫéid amuġa, aċt ċun an ḃíḋ a ṁaireas ċun beaṫa síorraiḋe, agus a ḃéarfas Mac an Duine díḃ. Óir is é seo an té ar ċuir Dia, an t-Aṫair, séala air.#Mait. 3, 17, agus 17, 5.
28Ar an aḋḃar sin, duḃairt siad leis: Cad é tá le déanaṁ againn ċun go raḃmuid ag gaḃáil de oibreaċa Dé?
29Duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Is í seo obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té a ċuir sé uaiḋ.#1 Eoin 3, 23.
30Duḃairt siad leis dá ḃríġ sin: Cad é, mar sin, an cóṁarṫa a ġní tusa go ḃfeicimíd é, agus go gcreidimíd ionnat? Cad é ġní tú?
31D’iṫ ár n-aiṫreaċa an manna san ḟásaċ, mar atá scríoḃṫa: Ṫug sé arán ó neaṁ le h-iṫe dóiḃ.#Ecs. 16, 14; Uiṁ. 11, 7; Sailm 77, 24; Eagna 16, 20.
32Duḃairt Íosa, dá ḃríġ sin, leo: Amén, amén adeirim liḃ: Ní h-é Maoise a ṫug an t-arán ó neaṁ díḃ, aċt is é m’Aṫair a beir díḃ an t-arán fíor ó neaṁ.
33Óir is é arán Dé an té a ṫuirling ó neaṁ, agus a ḃeir beaṫa do’n doṁan.
34Ar an aḋḃar sin, duḃairt siad leis: A Ṫiġearna, taḃair dúinn an t-arán seo i gcóṁnaiḋe.
35Agus duḃairt Íosa leo: Is mise arán na beaṫa: an té a ṫig ċugam-sa, ní ḃéiḋ ocras air;#Eccl. 24, 29. agus an té a ċreideas ionnam-sa, ní ḃéiḋ tart air a ċorḋċe.
36Aċt duḃairt mé lib go ḃfaca siḃ mé, agus naċ gcreideann siḃ.
37Gaċ aon dá dtaḃrann an t-Aṫair daṁ, tiocfaiḋ sé ċugam: agus an té a ṫig ċugam, ní ċaiṫfiḋ mé amaċ é:
38Óir ṫáinic mé anuas ó neaṁ, ní ċun mo ṫoil féin a ḋéanaṁ, aċt toil an té a ċuir uaiḋ mé.
39Agus is í seo toil an Aṫar a ċuir uaiḋ mé: naċ gcaillinn aon níḋ dá dtug sé daṁ, aċt go dtógainn suas é ar an lá deireannaċ.
40Óir is í seo toil m’Aṫar a ċuir uaiḋ mé: go raiḃ beaṫa ṡíorraiḋe ag gaċ aoinneaċ dá ḃfeiceann an Mac, agus dá gcreideann ann, agus tógfaiḋ mise suas é ar an lá deireannaċ.
41Rinne na h-Iúdaiġ, ar an aḋḃar sin, monaḃar faoi, de ḃríġ gur ḋuḃairt sé: Is mise an t-arán beo a ṫuirling ó neaṁ,
42Agus duḃairt siad: Naċ é seo Íosa, mac Ióseṗ,#Mait. 13, 55; Marc. 6, 3. a ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? Cad é mar ṫig leis a ráḋ, mar sin: Ṫáinic mé anuas ó neaṁ?
43Ar an aḋḃar sin, d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leo: Ná bígiḋ ag monaḃar eadraiḃ féin.
44Ní féidir le h-aoinneaċ teaċt ċugam-sa muna dtarraingiḋ#6, 44 Muna dtarraingiḋ. Ní dá aiṁḋeoin, ná tré ċur na saorṫola faoi éigean ar biṫ, aċt tré ġríosuġaḋ ḃríoġṁar, ṡéiṁ a ġrásta neaṁḋa. an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé é, agus tógfaiḋ mise suas é ar an lá deireannaċ.
45Tá sé scríoḃṫa ins na Fáiḋe: Agus béiḋ siad uilig dá dteagasc ag Dia.#Isaias 54, 13. Gaċ aoinneaċ dár ċuala ó’n Aṫair, agus a d’ḟoġlaim, tig sé ċugam-sa.
46Ní h-eaḋ go ḃfaca aoinneaċ an t-Aṫair, aċt an té atá ó Ḋia, ċonnaic seisean an t-Aṫair.#Mait. 11, 27.
47Amén, amén adeirim líḃ: An té a ċreideas ionnam-sa, tá beaṫa ṡíorraiḋe aige.
48Is mise arán na beaṫa.
49D’iṫ ḃur n-aiṫreaċa an manna san ḟásaċ,#Ecs. 16, 13. agus fuair siad bás.
50Is é seo an t-arán a ṫig anuas ó neaṁ: ċun naċ ḃfaġaḋ aoinneaċ, dá n-íosaḋ de, bás.
51Is mise an t-arán beo, a ṫáinic anuas ó neaṁ.
52Má iṫeann duine ar biṫ de’n arán seo, mairfiḋ sé a ċoiḋċe: agus an t-arán a ḃéarfas mise uaim, is é mo ċuid feola é, ċun beaṫa an doṁain.
53Ḃí na h-Iúdaiġ, ar an aḋḃar sin, ag argáil le ċéile, ag ráḋ: Cad é mar is féidir dó seo a ċuid feola a ṫaḃairt le h-iṫe dúinn?
54Duḃairt Íosa leo, dá ḃríġ sin: Amén, amén adeirim liḃ: Muna n-iṫiḋ siḃ#6, 54 Muna n-iṫiḋ siḃ ⁊c. Tá sé le tuigsint ó’n ċainnt seo go n-órduiġeann Dia dúinn corp agus fuil Ċríost a ġlacaḋ. Cóiṁlíonann na creidṁiġ ani aiṫne seo, bíoḋ naċ nglacann siad an tSacramaint aċt faoi’n aon ġné aṁáin. Ġeiḃ siad an ḟuil agus an ḟeoil faoi’n aon ġné aṁáin, mar naċ féidir iad sin a scaraḋ ó n-a ċéile. Mar sin de, gealltar an ḃeaṫa síorraiḋe annseo do’n té a ġlacas an tSacramaint faoi aon ġné aṁain, aċt é féin d’ullṁuġaḋ mar is cóir. Ḃéarsa, 52. Má iṫeann duine ar biṫ de’n arán seo, mairfiḋ sé a ċoiḋċe: agus an t-arán a ḃéarfas mise uaim, is é mo ċuid feola é, ċun beaṫa an domain. 58. An té a iṫeas mise, mairfiḋ seisean tríom-sa mar an gcéadna. 59. An té a iṫeas an t-arán seo, mairfiḋ sé go bráṫ. feoil Ṁic an Duine, agus muna n-ólaiḋ siḃ a ċuid fola, ní ḃéiḋ beaṫa agaiḃ ionnaiḃ féin.
55An té a iṫeas mo ċuid feola, agus ólas mo ċuid fola, tá beaṫa ṡíorraiḋe aige: agus tógfaiḋ mise suas é ar an lá deireannaċ.
56Óir is biaḋ go fíor mo ċuid feola: agus is deoċ go fíor mo ċuid fola.#1 Cor. 11, 27.
57An té a iṫeas mo ċuid feola, agus a ólas mo ċuid fola, cóṁnuiġeann sé ionnam-sa, agus mise ann-san.
58Mar a ċuir an t-Aṫair beo mise uaiḋ, agus mairim-se tríd an Aṫair: an té a iṫeas mise, mairfiḋ seisean tríom-sa mar an gcéadna.
59Is é seo an t-arán a ṫáinic anuas ó neaṁ. Ní mar a d’iṫ ḃur n-aiṫreaċa an manna, agus fuair siad bás. An té a iṫeas an t-arán seo, mairfiḋ sé go bráṫ.
60Duḃairt sé na neiṫe seo agus é ag teagasc san tsineagóig i gCaṗarnaum.
61Ar an aḋḃar sin, duḃairt mórán dá ḋeisciobail a ḃí ag éisteaċt: Is cruaiḋ an ċainnt í seo, agus cé ar féidir leis éisteaċt léi?
62Aċt ó ḃí a ḟios ag Íosa ann féin go raiḃ a ḋeisciobail ag monaḃar faoi seo, duḃairt sé leo: An dtugann seo scainneal díḃ?
63Aċt cad é, má tċí siḃ#6, 63 Aċt cad é, má tċí siḃ ⁊c. Ag tráċt do Ċríost mar seo ar a ḋeasgaḃáil, ṫug sé a ċuṁaċt agus a ḋiaḋaċt ós cóṁair a luċt éisteaċta, ċun fírinne na cainnte a rinne sé a ḋeiṁniuġaḋ. Ba ṁian leis fosta an ċiall ṁí-stuamḋa a ḃain siad as a ċuid cainnte a ċeartuġaḋ, is é sin, go raiḃ sé ag órduġaḋ dóiḃ a ċuid fola d’ól, agus a ċuid feola d’iṫe, mar d’íosaḋ siad feoil ainṁiḋe. Ḃí sé ġá ċur i n-iúl dóiḃ go dtaḃarfaḋ sé a ċorp leis slán beo suas ar neaṁ, agus, dá ḃríġ sin, naċ leigfeaḋ sé é a roinnt, a strócaḋ, agus a iṫé ar talaṁ, mar ṡíl siad. Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé ar dtús?
64Is é an spiorad a ḃeoḋuiġeas: ní ḟuil tairḃe ar biṫ san ḟeoil#6, 64 Ní ḟuil tairḃe ar biṫ san ḟeoil. Ní béaḋ tairḃe ar biṫ san ḟeoil ṁairḃ agus í scarṫa ó’n spiorad, ċun í d’iṫe ar an ċuma ṁí-oireaṁnaig a saṁluiġeaḋ dóḃta-san. Mar an gcéadna, ní fuil aon tairḃe i ḃfeoil an duine, is é sin le ráḋ, i ndearcaḋ ċolnaiḋe na nádúra daonna naċ ngéilleann do spiorad agus do ḃriaṫra Ċríost. Aċt ba ṁór an diaṁasla a ráḋ naċ ḃfuil aon tairḃe i ḃfeoil beo Ċríost a ġeiḃmíd san tSacramaint Ró-Naoṁṫa mar aon le n-a spiorad, is é sin, mar aon le n-a anam agus le n-a Ḋiaḋaċt. Óir dá mbéaḋ feoil Ċríost gan tairḃe dúinn, ní ġlacfaḋ sé colann daonna a ċoiḋċe dúinn, agus ní ḟulaingeoċaḋ sé bás na colna an ár son.: is spiorad agus beaṫa#6, 64 Spiorad agus beaṫa. Ċuir briaṫra Ċríost ós a gcóṁair Sacramaint neaṁḋa ina ḃfuiġeaḋ siad ar ṁoḋ ḋo-laḃarta spiorad, grásta, agus an ḃeaṫa i dtobar na beaṫa féin. na briaṫra a laḃair mé liḃ.
65Aċt tá cuid agaiḃ naċ gcreideann. Óir ḃí a ḟios ag Íosa ó ṫús cérḃ iad nár ċreid, agus cérḃ é a ḃí ar tí a ḃraṫ.
66Agus duḃairt sé: Is ar an aḋḃar sin a duḃairt mé liḃ, naċ féidir le h-aoinneaċ teaċt ċugam-sa, muna raiḃ sin tugṫa dó ag m’Aṫair.
67Ó’n am sin ċuaiḋ mórán dá ḋeisciobail ṫar ais: agus níor ṡiuḃal siad leis ní ba ṁó.
68Duḃairt Íosa, dá ḃríġ sin, leis an dáréag: An mian liḃ-se imṫeaċt fosta?
69Ar an aḋḃar sin, d’ḟreagair Síomon Peadar é: A Ṫiġearna, cé ċuige a raċamuid? Is ágat-sa atá briaṫra na beaṫa síorraiḋe:
70Agus ċreideamar agus d’aiṫniġeamar gur tusa an Críost, Mac Dé.#Mait. 16, 16; Marc. 8, 29; Lúc. 9, 20.
71D’ḟreagair Íosa iad: An é naċ ndearna mise an dáréag agaiḃ a ṫoġaḋ: agus tá duine agaiḃ ina ḋiaḃal?
72Agus ba ar Iúdas Iscariot, maċ Síomoin, a laḃair sé: óir ḃí sé sin ċun é ḃraṫ, agus gur ḋuine de’n dáréag é.
Выбрано:
Eoin 6: ASN1943G
Выделить
Поделиться
Копировать
Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь
rights held by the Bible Society in Northern Ireland