Eoin 5
5
Caibidil V
Leiġeasann Críost ar an tsabóid duine a ḃí easlán le h-oċt mbliaḋna déag agus fiċe: an ċainnt a rinne sé ar an ócáid sin.
1Ina ḋiaiḋ seo ḃí lá féile de ċuid na n-Iúdaċ ann, agus ċuaiḋ Íosa suas go h-Ierusalem.
2Agus i n-Ierusalem tá linn, dá ngoirtear Probatica#5, 2 Probatica. Is é sin, linn na gcaoraċ. Tugaḋ an t-ainm sin ar an linn de ḃríġ go niġcí inntí na caoiriġ a ḃíoḋ le h-ofráil mar íoḋbarṫa san teampall, nó de ḃríġ go raiḃ sí i n-aice le geafta na gcaonaċ. Is léir ó’n téacs naoṁṫa go ndéantaí míorḃailte san linn seo. Is léir fosta nár leiġeas nádúrṫa a ḃí san uisce, óir ní ḟaġaḋ aoinneaċ leiġeas ann aċt an ċéad duine a ṫéiġeaḋ isceaċ san linn i ndiaiḋ ċorruġaḋ an uisce. Dá mbéaḋ leiġeas nádúrṫa san uisce féin, ḋéanfaiḋe slán gaċ aoinneaċ eile dá gcuirtí isteaċ san am ċéadna., agus ar a dtugtar Beṫsaida san Eaḃrais, ar a ḃfuil cúig póirsí.
3Agus ionnta seo luiġeaḋ sluaġ mór de ḋaoine breoiḋte, de ḋaill, de ḃacaiġ, agus de ḋaoine seargṫa, ag feiṫeaṁ le corruġaḋ an uisce.
4Óir ṫigeaḋ aingeal leis an Tiġearna anuas san linn ó am go h-am: agus ċorruiġtí an t-uisce. Agus an ċéad duine a ṫéiġeaḋ síos san linn i ndiaiḋ ċorruġaḋ an uisce, ġníṫí slán é ó cib é éagcruaḋas a ḃéaḋ air.
5Agus ḃí duine áiriṫe annsin fá n-a ḋíṫ sláinte le h-oċt mbliaḋna déag agus fiċe.
6Nuair a ċonnaic Íosa é seo ina luiġe, agus fios aige go raiḃ mórán ama caiṫte aige ann ċeana féin, deir sé leis: An mian leat go ndéanfaiḋe slán ṫú?
7D’ḟreagair an t-easlán é: A Ṫiġearna, ní ḟuil aon duine agam le mé ċur isteaċ san linn, nuair a ḃios an t-uisce dá ċorruġaḋ: óir nuair a ḃíos mise ag teaċt, téid duine eile síos róṁam.
8Deir Íosa leis Éiriġ, tóg do ṡráideog, agus siuḃal.
9Agus ar an ḃomaite rinneaḋ slán an duine: agus ṫóg sé a ṡráideog, agus ṡiuḃal sé. Agus ḃí an tsabóid ann an lá sin.
10Ar an aḋḃar sin, duḃairt na h-Iúdaiġ leis an té a rinneaḋ slán: Tá an tsabóid ann, agus ní ceadṁaċ duit do ṡráideog d’iomċar.
11D’ḟreagair sé iad: An té a rinne slán mé, duḃairt seisean liom: Tóg do ṡráideog, agus siuḃal.
12Ar an aḋḃar sin, d’ḟiafruiġ siad de: Cé h-é an duine úd, a duḃairt leat: Tóg do ṡráideog, agus siuḃal?
13Aċt ní raiḃ a ḟios ag an té a rinneaḋ slán cérḃ é é. Óir ċuaiḋ Íosa i leaṫ taoíḃ ó’n tsluaġ a ḃí ina seasaṁ san áit.
14Ina ḋiaiḋ sin fuair Íosa san teampall é, agus duḃairt sé leis: Féaċ, rinneaḋ slán ṫú: ná déan peacaḋ feasta, ar eagla go dtárluiġeaḋ rud éigin níos measa duit.
15D’imṫiġ an duine sin, agus d’innis sé do na h-Iúdaiġ gurḃ é Íosa an té a rinne slán é.
16Ar an aḋḃar sin ḃíoḋ na h-Iúdaiġ ag géirleanaṁaint Íosa, de ḃríġ go ndéanaḋ sé na neiṫe seo ar an tsabóid.
17Aċt d’ḟreagair Íosa iad: Oibriġeann m’Aṫair go dtí anois, agus oibriġim-se.
18Ba ṁóide, dá ḃríġ sin, a ba ṁian leis na h-Iúdaiġ é ċur ċun báis: óir ní h-eaḋ aṁáin go mbíoḋ sé ag briseaḋ na sabóide, aċt duḃairt sé fosta gurḃ é Dia a aṫair, ġá ḋéanaṁ féin cóiṁ-ionann le Dia. Annsin d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leo:
19Amén, amén adeirim liḃ: ní féidir leis an Ṁac aon níḋ a ḋéanaṁ, aċt an níḋ atċí sé an t-Aṫair a ḋéanaṁ: óir cibé neiṫe a ġní seisean, ġní an Mac iad fosta mar an gcéadna.
20Óir tá gráḋ ag an Aṫair do’n Ṁac, agus noċtann sé dó gaċ níḋ dá ndéan sé: agus noċtfaiḋ sé oibreaċa is mó ná iad seo dó, ċun go raiḃ iongantas oraiḃ.
21Óir aṁail mar a ṫógas an t-Aṫair na mairḃ, agus ḃeir sé beaṫa dóiḃ: is mar an gcéadna a ḃeir an Mac beaṫa do’n méid is toil leis.
22Ná ní ṫaḃrann an t-Aṫair breiṫeaṁnas ar aoinneaċ, aċc ṫug sé an uile ḃreiṫeaṁnas do’n Ṁac,
23Ċun go dtaḃaraḋ na h-uile ḋaoine onóir do’n Ṁac, mar a ḃeir siad onóir do’n Aṫair: an té naċ dtaḃrann onóir do’n Ṁac, ní ṫaḃrann sé onóir do’n Aṫair a ċuir uaiḋ é.
24Amén, amén adeirim liḃ: an té éisteas le mo ḃriaṫar-sa, agus ċreideas san té a ċuir uaiḋ mé, tá beaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé ċun breiṫeaṁnais, aċt ċuaiḋ sé ó’n ḃás go dtí an ḃeaṫa.
25Amén, amén adeirim liḃ, go ḃfuil an uair ag teaċt, agus is anois é, nuair a ċluinfeas na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus iad sin a ċluinfeas, mairfiḋ siad beo.
26Óir mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin: is mar an gcéadna a ṫug sé do’n Ṁac fosta beaṫa a ḃeiṫ aige ann féin:
27Agus ṫug sé cuṁaċt dó breiṫeaṁnas a ḋéanaṁ, de ḃríġ gurab é Mac an Duine é.
28Ná bíoḋ iongantas oraiḃ faoi seo, óir tá an uair ag teaċt ina gcluinfiḋ a ḃfuil ins na tuambaí guṫ Ṁic Dé:
29Agus iad sin a rinne neiṫe maiṫe, raċaiḋ siad amaċ go h-eiséirġe na beaṫa; aċt iad sin a rinne droċ-neiṫe, go h-eiséirġe an ḃreiṫeaṁnais#5, 29 Eiséirġe an ḃreiṫeaṁnais. Is é sin, eiséirġe ċun a ndaorṫa..
30Ní féidir daṁ-sa aon níḋ a ḋéanaṁ uaim féin. Do réir mar ċluinim, ḃeirim breiṫeaṁnas: agus tá mo ḃreiṫeaṁnás cóir: óir ní h-í mo toil féin is mian liom, aċt toil an té a ċuir uaiḋ mé.
31Má ġním-se fiaḋnaise daṁ féin, mar sin, ní fíor m’ḟiaḋnaise.
32Tá neaċ eile a beir fiaḋnaise fá dtaoiḃ díom: agus tá a ḟios agam gur fíor an fiaḋnaise a ġní sé daṁ.
33Ċuir siḃ-se ċuig Eoin: agus ṫug sé fiaḋnaise ar an ḟírinne.
34Aċt ní ó ḋuine a ġeiḃim-se fiaḋnaise: aċt deirim na neiṫe seo ċun go slánuiġtí siḃ.
35Ba lampa loiscneaċ agus lonnraċ é siúd. Agus ar feaḋ tamaill ḃí fonn oraiḃ-se taitneaṁ a ċur ina ṡolus.
36Aċt tá fiaḋnaise agam-sa is mó ná Eoin. Óir na h-oibreaċa a ṫug m’Aṫair daṁ, ċun go dtaḃrainn ċun críċe iad, na h-oibreaċa sin féin, a ġním, ḃeir siad fiaḋnaise fá dtaoiḃ díom, gurab é an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé.
37Agus an t-Aṫair féin a ċuir uaiḋ mé, ṫug sé fiaḋnaise fá dtaoiḃ díom: agus níor ċuala siḃ a ġuṫ ariaṁ, ná ní ḟaca siḃ a ġné.
38Agus ní fuil a ḃriaṫar-sán agaiḃ ag fanaċt ionnaiḃ: óir ní ċreideann siḃ san té seo a ċuir seisean uaiḋ.
39Cuartuiġigiḋ na scrioptúirí#5, 39 Cuartuiġigiḋ na scrioptúirí. Scrutamini, ereunate. Ní ḟuil órduġaḋ annseo do gaċ aoinneaċ na scrioptúirí a léiġeaṁ. Tá Críost ag taḃairt aċmusáin do na Fairisíniġ a ḃíoḋ ag léiġeaṁ na scrioptúirí i ḃfáṫaċ leis an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟaġáil ionnta, agus naċ nġlacfaḋ eisean, an té aṁáin arḃ ḟéroir dóiḃ an ḃeaṫa síorraiḋe d’ḟaġáil tríd, agus an té fá n-a dtug na scrioptúirí sin uilig fiaḋnaise., óir measann siḃ beaṫa ṡíorraiḋe d’ḟaġáil ionnta: agus is iad-san a ġní fiaḋnaise daṁ-sa:
40Agus ní h-áil liḃ teaċt ċugam, ċun go raíḃ beaṫa agaiḃ.
41Ní ó ḋaoine a ġeiḃim-se glóir.
42Aċt is aiṫnid daṁ siḃ-se, naċ ḃfuil gráḋ Dé agaiḃ istiġ ionnaiḃ.
43Ṫáinic mise i n-ainm m’Aṫar, agus ní glacann siḃ mé: má ṫig neaċ eile ina ainm féin, glacfaiḋ sib eisean.
44Cad é mar is féidir díḃ-se creidḃeáil, nuair a ġeiḃ siḃ glóir ó n-a ċéile, agus naċ n-iarrann sib an ġlóir a ṫig ó Ḋia aṁáin?
45Ná measaigiḋ go ḃfuil mise ag dul a ḋéanaṁ casaoide oraiḃ leis an Aṫair: tá neaċ a ġní casaoid oraiḃ, Maoise, an té ma ḃfuil ḃur ndóċas.
46Óir dá gcreideaḋ siḃ Maoise, b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ mise fosta. Óir is orm-sa a scríoḃ seisean.
47Aċt muna gcreidiḋ siḃ a scríḃinn-sean, cad é mar ċreidfeas siḃ mo ḃriaṫra-sa?
Выбрано:
Eoin 5: ASN1943G
Выделить
Поделиться
Копировать
Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь
rights held by the Bible Society in Northern Ireland