Maitiú 4

4
Caibidil IV
Troscann Críost ḋá ḟiċid lá: cuirtear caṫuiġṫe air. Toisiġeann sé a ṡeanmóireaċt, a ġairm deisciobal ċuige, agus a ḋéanaṁ míorḃailte.
1Annsin ṫreoruiġ an Spiorad Íosa isteaċ san ḟásaċ#Marc. 1, 12; Lúc. 4, 1. ċun caṫuiġṫe an diaḃail a ṡeasaṁ.
2Agus nuair a ṫrosc sé ḋá ḟiċid lá aguṡ ḋá ḟiċid oiḋċe, ḃí ocras air ina ḋiaiḋ sin.
3Agus ṫáinic an caṫuiġṫeoir ċuige, agus duḃairt leis: Má’s Mac Dé ṫú, abair leis na cloċa sin a ḃeiṫ ina n-arán.
4Aċt d’ḟreagair seisean, agus duḃairt: Tá sé scríoḃṫa: ní ar arán aṁáin#Deut. 8, 3; Lúc. 4, 4. a ṁaireas an duine, aċt ar an uile ḃriaṫar dá dtig ó ḃéal Dé.
5Rug an diaḃal leis annsin é isteaċ san ċaṫair Naoṁṫa, agus ċuir ar ḃeinn an teampaill é,
6Agus duḃairt leis: Má’s Mac Dé ṫú, teilg ṫú ḟéin síos, óir tá sé scríoḃṫa:#Sailm 90, 11. Go dtug sé órduġaḋ dá ċuid aingeal i do ṫaoiḃ, agus tógfaiḋ siad ina láṁa ṫú, ar eagla go mbuailṫeá do ċos n-éadan cloiċe.
7Duḃairt Íosa leis: Tá sé scríoḃṫa#Deut. 6, 16. fosta: Ní ċuirfiḋ tú féaċáil ar an Tiġearna, do Ḋia.
8Rug an diaḃal leis arís é suas ar ṡliaḃ an-árd, agus ṫaisbeán ríoġaċtaí an doṁain#4, 8 Ṫaisbeán ríoġaċtaí an doṁain. Is é sin le ráḋ, léiriġ sé dó an áit ina raiḃ gaċ ríoġaċt, agus ṁíniġ sé i mbriaṫra na neiṫé a ba ġlórṁaire agus a b’iongantaiġe i ngaċ ríoġaċt acu. Sin féin, nó ċuir sé ós cóṁair a súl beo-ṗictiúir ar nós léarscáile ag léiriuġaḋ na ríoġaċt sin. go h-uile, agus a nglóir, dó,
9Agus duḃairt leis: Ḃéarfaiḋ mé iad seo uilig duit, má ṡléaċtann tú daṁ, agus mé d’aḋraḋ.
10Annsin duḃairt Íosa leis: Imṫiġ leat, a Ṡatain, óir tá sé scríoḃṫa:#Deut. 6, 13. Ḃéarfaiḋ tú aḋraḋ do’n Tiġearna, do Ḋia, agus is dó-san aṁáin a ḋéanfas tú seirḃís.
11Annsin d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ; agus féaċ, ṫáinic aingle agus rinne siad freastal air.
12Agus nuair a ċuala Íosa go raiḃ Eoin gaiḃte, d’imṫiġ sé ċun na Gailile.#Marc. 1, 14; Lúc. 4, 14; Eoin 4, 43.
13Agus d’ḟág sé caṫair na Nasaire, go ndeaċaiḋ a ċóṁnaiḋe i gCaṗarnaum i n-aice na mara, i gcríoċa Ṡabuloin agus Neṗtalim.
14Ionnas go gcóiṁlíontaí an níḋ a duḃairt Isaias, fáiḋ.#Isaias 9, 1.
15Talaṁ Ṡabulom agus talaṁ Neṗtalim, bealaċ na mara taoḃ ṫall de’n Iordáin, Gailile na gCiniḋeaċ:
16An pobal a ḃíoḋ ina suiḋe i ndorċadas, ċonnaic siad solus mór; agus d’éiriġ solus do’n ṁuinntir a ḃíoḋ ina suiḋe san ċríċ ar a raiḃ scáile an ḃáis.
17Ó’n am sin amaċ ṫoisiġ Íosa a ṡeanmóireaċt,#Marc. 1, 15. agus a ráḋ: Déanaigiḋ aiṫriġe, óir tá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.
18Agus ag siuḃal do Íosa cois ṁuir na Gailile, ċonnaic sé beirt ḋearḃráṫar,#Marc. 1, 16; Lúc. 5, 2. Síomon, dá ngoirtear Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, ag cur eangaiġe san ḟairrge (óir ba iascairí iad),
19Agus deir sé leo: Leanaigiḋ mise, agus ḋéanfaiḋ mé iascairí ar ḋaoine díḃ.
20Agus ar an ḃomaite d’ḟág siad na h-eangaċa annsin, agus lean siad é.
21Agus ag imṫeaċt as sin dó, ċonnaic sé beirt eile dearḃráṫar, Séamus mac Ṡebede, agus a ḋearḃráṫair Eoin, i luing i dteannta a n-aṫar Sebede, agus iad ag cóiriuġaḋ a gcuid eangaċ: agus ġoir sé ċuige iad.
22Agus ar an ḃomaite d’ḟág siad na h-eangaċa agus a n-aṫair annsin, agus lean siad é.
23Agus ṫaisteal Íosa an Ġailile go léir, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ tinnis imeasc an ṗobail.
24Agus ċuaiḋ a ċliú amaċ ar fud na Síre go léir, agus ṫug siad ċuige na daoine breoiḋte go h-uile a ḃí gaiḃte ag galair agus pianta éagsaṁla, iad sin a raiḃ deaṁain ionnta, daoine a ḃí as a meaḃair, agus iad sin a raiḃ an galar creaṫaċ orṫa, agus leiġeas sé iad.
25Agus lean sluaiġte móra é as an Ġailile, agus as an Decapolis, agus as Ierusalem, agus as Iudaia, agus as an taoiḃ ṫall de’n Iordáin.#Marc. 3, 7; Lúc. 6, 17.

S'ha seleccionat:

Maitiú 4: ASN1943G

Subratllat

Comparteix

Copia

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió

YouVersion utilitza galetes per personalitzar la teva experiència. En utilitzar el nostre lloc web, acceptes el nostre ús de galetes tal com es descriu a la nostra Política de privadesa