Maitiú 3

3
Caibidil III
Seanmóireaċt Eoin: baisteann sé Críost.
1Aċt ins na laeṫe sin ṫáinic Eoin Baiste ag seanmóireaċt i ḃfásaċ Iudaia,
2Agus ag ráḋ: Déanaigiḋ aiṫriġe#3, 2 Déanaigiḋ aiṫriġe. Poenitentiam agite (Gr. Metanoeite). Do réir na Scrioptúirí agus na n-Aiṫreaċ Naoṁṫa, cialluiġeann an focal sin ní aṁáin aiṫriġe agus leasuġaḋ beaṫa, aċt pionós mar ṫroscaḋ agus a leiṫéidí eile de ċolann-smaċt mar ṡásaṁ ins na peacaiḋe a rinneaḋ.;#Marc. 1, 4; Lúc. 3, 3. óir tá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe linn.
3Óir is é seo an té ar laḃraḋ air tré Isaias, fáiḋ, a duḃairt: Guṫ duine ag glaoḋaċ san ḟásaċ:#Isaias 40, 3; Marc. 1, 3; Lúc. 3, 4. Ullṁuiġigiḋ sliġe an Tiġearna; déanaigiḋ díreaċ a ċasáin.
4Ḃí culaiṫ de ḟionnaḋ camall ar Eoin é féin, agus crios leaṫair fá n-a ċoim; agus ba lócuistí agus mil ḟiaḋam a ḃiaḋ.
5An uair sin ṫéiġeaḋ Ierusalem, agus Iudaia go h-uile, agus an ceanntar go h-uile ṫart fá’n Iordáin amaċ ċuige.#Marc. 1, 5.
6Agus ḃaisteaḋ sé iad san Iordáin, agus iad ag adṁáil a bpeacaiḋe.
7Agus nuair a ċonnaic sé mórán de na Fairisíniġ agus de na Sadducaiġ#3, 7 fairisíniġ agus...Sadducaiġ. Ḋá aicme iad sin a ḃí ar na h-Iúdaiġ. Ḃí an ċéad dream iomráiḋteaċ mar ḃréagċráiḃṫiġ, agus dearcaḋ leaṫan ag an dream eile ar ċúrsaí creidiṁ. ag teaċt ċuig a ḃaisteaḋ, duḃairt sé leo: A ṡlioċt#Lúc. 3, 7. naiṫreaċ niṁe, cé ṫaiḋḃsiġ díḃ-se teiċeaḋ ó’n ḟeirg atá le ṫeaċt?
8Ar an aḋḃar sin, taḃairigiḋ uaiḃ toraḋ is dual do’n aiṫriġe.
9Agus ná saṁluiġigiḋ a ráḋ liḃ féin: Tá Abraham ina aṫair againn;#Eoin 8, 39. óir deirim-se liḃ gur féidir do Ḋia clann a ṫógáil do Abraham as na cloċa sin.
10Tá an tuaġ leagṫa ċeana féin ar ḃun na gcrann: Ar an aḋḃar sin, gaċ crann naċ dtaḃrann déaġ-ṫoraḋ, gearrfar agus caiṫfear san teiniḋ é.
11Baistim-se#Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 26; Gníoṁ. 1, 5. siḃ leoga le h-uisce ċun aiṫriġe; aċt an té atá le ṫeaċt i mo ḋiaiḋ, is treise é ná mise, agus ní fiú mé a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ.
12Agus tá a ṡluasad ċáiṫte ina láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus cruinneoċaiḋ sé a ċruiṫneaċt isteaċ san scioból, aċt dóiġfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ ḋo-ṁúċta.
13Annsin ṫáinic Íosa#Marc. 1, 9. ó’n Ġailile go dtí an Iordáin ċuig Eoin le baisteaḋ d’ḟaġáil uaiḋ.
14Aċt ċuir Eoin ina aġaiḋ, ag ráḋ: Is daṁ-sa ba ċóir baisteaḋ d’ḟaġáil uait-se; agus an aṁlaiḋ atá tusa ag téaċt ċugam-sa?
15Aċt d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt leis: Ceaduiġ é an uair seo: óir is mar seo is cuiḃe dúinn gaċ dá ḃfuil cóir a ċóiṁlíonaḋ. Annsin ġéill sé dó.
16Nuair a ḃí Íosa baistṫe ṫáinic sé aníos láiṫreaċ as an uisce, agus féaċ, ḟosclaḋ na flaiṫis dó, agus ċonnaic sé Spiorad Dé ag teaċt anuas i rioċt colmáin,#Lúc. 3, 22. agus ag tuirling air.
17Agus féaċ, guṫ as na flaiṫis ag ráḋ: Is é seo mo Ṁac dílis ina ḃfuil mo ṁór-ṫaitneaṁ.#Marc. 1, 11; Lúc. 9, 35; 2 Pead. 1, 17.

S'ha seleccionat:

Maitiú 3: ASN1943G

Subratllat

Comparteix

Copia

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió

YouVersion utilitza galetes per personalitzar la teva experiència. En utilitzar el nostre lloc web, acceptes el nostre ús de galetes tal com es descriu a la nostra Política de privadesa