Maitiú 5

5
Caibidil V
Seanmóir Ċríost ar an tsliaḃ. Na h-oċt mBeannaċta.
1Agus ar ḟeiceáil na sluaġ do Íosa, ċuaiḋ sé suas ar ṡliaḃ, agus nuair a ṡuiḋ sé síos, ṫáinic a ḋeisciobail ċuige.
2Agus d’ḟoscail sé a ḃéal, agus ṫug sé teagasc dóiḃ, ag ráḋ:
3Is beannuiġṫe na boċta i spiorad#5, 3 Na boċta i spiorad. Is iad sin na daoine a ḃíos uiríseal i gcroiḋe; Agus fosta an dream naċ gcuireann a ndúil i maoin an tsaoġail.:#Lúc. 6, 20. óir is leo ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
4Is beannuiġṫe na daoine ceannsa:#Sailm 36, 11. óir béiḋ sealḃ an talaiṁ acu.
5Is beannuiġṫe luċt an dóláis:#Isaias 61, 2. óir ġeoḃaiḋ siad sólás.
6Is beannuiġṫe an dream ar a mbíonn ocras agus tart na córa: óir sásóċar iad.
7Is beannuiġṫe luċt na trócaire: óir ġeoḃaiḋ siad trócaire.
8Is beannuiġṫe luċt an ġlan-ċroiḋe:#Sailm 23, 4. óir tċífiḋ siad Dia.
9Is beannuiġṫe luċt déanta na síoṫċána: óir goirfear clann Dé díoḃ.
10Is beannuiġṫe an dream a ḟulaingeas géirleanaṁaint#1 Pead. 2, 20 agus 3, 14 agus 4, 14. ar son na córa: óir is leo ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
11Is beannuiġṫe siḃ-se nuair a ḃéarfar aċṁusán díḃ, agus ċuirfear géirleanaṁaint oraiḃ, agus déarfar gaċ olc i ḃur n-aġaiḋ go bréagaċ, mar ġeall orm-sa;
12Bíoḋ lúṫġáir agus áṫas oraiḃ, óir is ró-ṁór ḃur luaċ saoṫair ar neaṁ: óir is mar sin a ġéirlean siad na fáiḋe a ṫáinic róṁaiḃ.
13Is síḃ-se salann an talaiṁ.#Marc. 9, 49; Lúc. 14, 34. Aċt má ċailleann an salann a ḃríġ, cá leis a ndéanfar salann de? Ní ḃíonn de ṁaiṫ ann annsin, aċt a ċaiṫeaṁ amaċ, agus a ḃrúġaḋ faoi ċosa daoine.
14Is síḃ-se solus an doṁain. Ní féidir caṫair atá suiḋte ar ṡliaḃ d’ḟolaċ.
15Agus ní lasann daoine coinneal,#Marc. 4, 21; Lúc. 8, 16 agus 11, 33. ċun í ċur faoi ḃoesa an ṗlúir, aċt ar an ċoinnleoir, ċun go dtugaiḋ sí solus dá ḃfuil san tiġ.
16Go mba mar sin a ṡoillseoċas ḃur solus-sa ós cóṁair daoine,#1 Pead. 2, 12. ionnas go ḃfeiciḋ siad ḃur ndéaġ-oibreaċa, agus go dtugaiḋ siad glóir do ḃur n-Aṫair atá ar neaṁ.
17Ná measaigiḋ go dtáinic mise ċun an dliġe, nó na fáiḋe, a ċur ar neiṁníḋ: ní ċun a gcur ar neiṁníḋ a ṫáinic mé, aċt ċun a gcóiṁlíonta#5, 17 Ċun a gcóiṁlíonta. Ḃi cóiṁlíonaḋ na ḃḟígiúirí agus na dtairn-gireaċt go léir i gCríost, agus ḃeaċtuiġ sé an méid a ḃí neimbeaċt san tSean-Reaċt..
18Óir amén#5, 18 Amén. Is é sin, go deiṁin, nó go fírinneaċ. Is focal Eaḃraise Amén, is congḃuiġtear annseo é ar uġdarás na gceiṫre Soiscéalaiḋṫe, agus do réir a sompla, óir congḃuigeann an ceaṫrar acu an focal. Ġní ár dTiġearna úsáid de le foirḃríġ a ċur ina ċuid cainnte, agus ċun an ḟírinne a ḋearḃaḋ go tréan. adeirim liḃ, go raiḃ deireaḋ le neaṁ agus talaṁ, ní raċaiḋ aon litir ná aon ṁarc as an dliġe, go dtí go dtárluiġiḋ an t-iomlán.#Lúc. 16, 17.
19Ar an aḋḃar sin, an té a ḋéanfas neiṁníḋ d’aon ċionn de na h-aiṫeanta fíor-ḃeaga seo,#Séamus 2, 10. agus a ṁúinfeas aṁlaiḋ do ḋaoine, goirfear an té is luġa i ríoġaċt na ḃḟlaiṫeas de: aċt an té a ċongḃóċas agus a ṁúmfeas iad, goirfear duine mór de-sean i ríoġaċt na ḃḟlaiṫeas.
20Óir deirim liḃ, muna raiḃ ḃur ḃḟíréantaċt níos treise ná fíréantaċt#Lúc. 11, 39. na Scríoḃaiḋṫe agus na ḃFairisíneaċ#5, 20 Scríoḃaiḋṫe agus na ḃFairisíneaċ . Ba doctúirí, is é sin, mú inteoirí agus míniġṫeoirí Ḋliġe Ṁaoise ha Scríoḃaiḋṫe. Aicme na Fairisíniġ a bí i n-ainm a ḃeit an-ḃeaċt ina n-iomċar, agus ḃeireaḋ siad le fios go mbíoḋ siad ag congḃáil an dliġe ar ṁoḋ ní ba ċúramaiġe ná ġníoḋ dream ar biṫ eile. Dá ḃríġ sin, ḃí meas mór ag an ṗobal orṫa., naċ raċaiḋ siḃ isteaċ go ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
21Ċuala siḃ go nduḃraḋ leis na sinnsir: Ná déan marḃaḋ;#Ecs. 20, 13; Deut. 5, 17. cibé a ġní marḃaḋ, béiḋ sé cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas#5, 21 Béiḋ sé cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas. Béiḋ pionós tuillte aige ó ċúirt ísil na n-lúdaċ, ar a dtugtaí an Breiṫeaṁnas, agus a raiḃ uġdarás aice coirṫe de’n tseort seo a ḟéaċáil..
22Aċt ḋeirim-se liḃ: cibé a mbíonn fearg air le n-a ḋear-ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas. Agus cibé a déarfas le n-a ḋearḃráṫam, Raca#5, 22 Raca. Focal a raiḃ fearg ṁór nó tarcuisne ṁór ag dul leis. Béiḋ sé cionntaċ do’n Ċóṁairle. Bérḋ pionós tuillte aige ó’n árd-ċúirt ar a dtugtaí an Ċóṁairle, nó an Sanhedrim. I gcaṫair Ierusalem a ḃíoḋ an Ċóṁairle, agus ḃí ḋá ḃall déag agus trí fiċid ar a líon. Ṫigeaḋ na coirṫe a ba ṫruime ċun féaċála agus breiṫeaṁnais ós cóṁair na Cóṁairle seo., béiḋ sé cionntaċ ḋo’n ċóṁairle. Agus cibé a déarḟas, a amadáin#5, 22 A Amadáin. Nuair a deirtí seo le tarcuisne, te fuaṫ, nó le droċ-aigne, ṁeastaí ina, ṁasla mór é; dá ḃríġ sin, cáintear go trom annseo é., béiḋ sé cionntaċ do ṫeiniḋ ifrinn#5, 22 Béiḋ sé cionntaċ do ṫeiniḋ ifrinn. Do réir na Gréigise, tuillfiḋ sé a ċaiṫeaṁ isteaċ i nGehenna na teineaḋ. Ġní an Slánuiġṫeoir úsáid de na focla sin le teine agus pianta ifrinn a ċur i n-iúl dúinn..
23Ar an aḋḃar sin, má ḃeir tú do ṫaḃartas ċun na h-altóra, agus cuiṁniuġaḋ annsin go ḃḟuil rud éigm ag do ḋearḃráṫair i d’aġaiḋ.
24Fág do ṫaḃartas annsin ós cóṁair na h-altóra, agus imṫiġ agus réiḋtiġ le do ḋearḃráṫair ar dtús: annsin tar, agus ofráil do ṫaḃartas.
25Réiḋtiġ le d’eascaraid go luaṫ,#Lúc. 12, 58. nuair a ḃíos tú i n-aoinḟeaċt leis san tsliġe: ar eagla go dtaḃaraḋ an eascara ar láiṁ do’n ḃreiṫeaṁ ṫú, agus go dtaḃaraḋ an breiṫeaṁ ar láiṁ dá ġiolla ṫú, agus go gcaiṫtí isteaċ i ḃpríosún ṫú.
26Amén adeirim leat, naċ raċaiḋ tú amaċ as sin go dtí go ndíolaiḋ tú an ḟeoirling ḋeireannaċ.
27Ċuala siḃ go nduḃraḋ leis na sinnsir:#Ecs. 20, 14. ná déan aḋaltranas.
28Aċt deirim-se liḃ: cibé a ḋearcas ar ṁnaoi le n-a sann-tuġaḋ, go mbíonn aḋaltranas déanta aige léi ċeana ḟéin ina ċroiḋe.
29Agus má ḃíonn do ṡúil ḋeas ina cúis ṗeacaiḋ#5, 29 Cúis ṗeacaiḋ. Is léir dúinn ó’n ċainnt seo go ḃfuil orainn gar-ócáideaċa peacaiḋ a ṡeaċaḋ, fiú dá mbéaḋ siad cóṁ riaċtanaċ dúinn, agus sinn cóṁ leagṫa orṫa, agus dá mba láṁ nó súil linn iad. agat,#Marc. 9, 46. stróc amaċ í, agus teilg uait í: óir is ḟeárr duit aon ḃall de do ċuid a ḋul amuġa, ná dá dteilgṫí do ċorp uilig isteaċ go h-ifreann.
30Agus má ḃíonn do láṁ ḋeas ina cúis ṗeacaiḋ agat, gearr díot í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon ḃall de do ċuid a ḋul amuġa, ná dá dtéiġeaḋ do ċorp uilig go h-ifreann.
31Agus duḃraḋ: Cibé a ċuirfeas uaiḋ a ḃainċéile,#Deut. 24, 1. taḃaraḋ sé litir a scaoilte dí.
32Aċt deirim-se liḃ:#Marc. 10, 11; Lúc. 16, 18; 1 Cor. 7, 10. Cibé a ċuirḟeas uaiḋ a ḃainċéile, aċt aṁáin i gcás drúise, go dtaḃrann sé uirṫí aḋaltranas a ḋéanaṁ: agus cibé a ṗósfas í sin a cuireaḋ ar ṡiuḃal, ġní sé aḋaltranas.
33Mar an gcéadna, ċuala siḃ go nduḃraḋ leis na sinnsir: Ná taḃair mionna bréige:#Ecs. 20, 7; Leiḃ. 19, 12; Deut. 5, 11; Séamus 5, 12. aċt cóiṁlíon do ṁóide do’n Tiġearna.
34Aċt deirim-se liḃ gan mionna a ṫaḃairt#5, 34 Gan mionna a ṫaḃairt. Ní ḟuil sé crosta orainn mionna a ṫaḃairt i ḃfírinne, i gceart, agus i mbreiṫeaṁnas; nuair a ḃíos onóir Dé i gceist, nó ár gceart féin nó ceart na cóṁarsan le cosaint. Mionnaḋ tobann, diaṁaslaċ, i gcóṁráḋ, gan riaċtanas leis, atá crosta. ar ċor ar biṫ: ná mionnuiġ dar neaṁ, óir is í caṫaoir Dé í;
35Ná dar an talaṁ, óir is é stól a ċoise é; ná dar Ierusalem, óir is í caṫair an Ríoġ Ṁóir í.
36Agus ná mionnuiġ dar do ċeann, mar naċ dtig leat aon ruibe a ḋéanaṁ geal ná duḃ.
37Aċt bíoḋ seaḋ, seaḋ:#Séamus 5, 12. ní h-eaḋ, ní h-eaḋ, mar ċainnt agaiḃ: óir cibé níḋ a ḃíos níos déine ná iad sin, is ó’n olc é.
38Ċuala siḃ go nduḃraḋ:#Ecs. 21, 24; Leiḃ. 24, 20; Deut. 19, 21. Súil ar son súile, fiacal ar son fiacaile.
39Aċt deirim-se liḃ, gan cur i n-aġaiḋ an uile#5, 39 Gan cur i n-aġaiḋ an uile. Is é rud atá órduiġṫe annseo díoġḃáil agus masla a ġlacaḋ le foiġid Ċríostaṁail, agus a ḃeiṫ fonnṁar tuilleaḋ féin d’ḟuilstin ṡul a ngéillfiḋe do ḟonn díoġaltais. Ní ḟuil an ċuid eile de seo le tuigḃeáil do réir na litre, óir níor ṫionntuiġ Críost ná N. Pól an leicinn eile. (Eoin 18 Agus Gníoṁ. 23.):#Lúc. 6, 29. aċt má ḃuail-eann duine san leicinn ḋeis ṫú, tionntuiġ an ceann eile ċuige fosta.
40Agus má’s mian le duine an dliġe a ċur ort,#1 Cor. 6, 7. agus do ċasóg a ḃreiṫ leis, leig leis do ċlóca fosta.
41Agus cibé a ċuirfeas d’ḟiaċaiḃ ort míle a ṡiuḃal, gaḃ leis ḋá ṁíle eile.
42Taḃair do’n té a iarras ort,#Deut. 15, 8. agus ná tionntuiġ ar ṡiuḃal ó’n té arḃ áil leis iasaċt uait.
43Ċuala siḃ go nduḃraḋ: Bíoḋ gráḋ#Leiḃ. 19, 18. agat ar do ċóṁarsain, agus bíoḋ fuaṫ agat ar do náṁaid.
44Aċt deirim-se liḃ: Gráḋuiġigiḋ#Lúc. 6, 27. ḃur náiṁde: déanaigiḋ maiṫ dóḃṫa sin a ḃeir fuaṫ díḃ:#Róṁ. 12, 20. agus guiḋigiḋ orṫa sin a ġní géirleanaṁaint agus tromaiḋeaċt oraiḃ:#Lúc. 23, 34; Gníoṁ. 7, 59.
45Ionnas go raiḃ siḃ i ḃur gcloinn ag ḃur n-Aṫair atá ar neaṁ: an té a ḃeir ar a ġréin éirġe ar ḋéaġ-ḋaoine agus ar ḋroċ-ḋaoine, agus a ċuireas fearṫainn ċuig daoine córa agus ċuig éagcóraiġ.
46Óir má ġráḋuiġeann siḃ iad sin a ḃeir gráḋ díḃ, cad é an luaċ saoṫair a ḃéas agaiḃ? Naċ ndéan na puibliocánaiġ#5, 46 Na puibliocánaiġ. B’iad-san a ḃailiġeaḋ na cánaċa puibliḋe. Ḃí fuaṫ onṫa, agus droċ-ċliú orṫa imeasc na n-lúdaċ, mar ġeall ar a stracaireaċt agus a n-éagcóir. féin an méid sin?
47Agus muna mbeannuiġiḋ siḃ aċt aṁáin do ḃur mbráiṫre, cad é ḃíos dá ḋéanaṁ ṫar an ċoitċeann agaiḃ? Naċ ndéan na págánaiġ féin sin?
48Dá ḃríġ sin, bígiḋ sár-ṁaiṫ, díreaċ mar atá ḃur n-Aṫair neaṁḋa sár-ṁaiṫ.

S'ha seleccionat:

Maitiú 5: ASN1943G

Subratllat

Comparteix

Copia

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió

YouVersion utilitza galetes per personalitzar la teva experiència. En utilitzar el nostre lloc web, acceptes el nostre ús de galetes tal com es descriu a la nostra Política de privadesa