YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 24

24
CAIBIDIOL XXIV.
An íde a ḃí le teaċt ar an dteampul; agus na cóṁarṫaí a ḃí le teaċt roimis; agus roime lá an ḃreiṫeaṁantais. Ní foláir dúinn ḃeiṫ ag faire i gcóṁnuíġe.
1Agus do ċuaiḋ Íosa amaċ as an dteampul, agus ḃí sé ag imṫeaċt; agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige ag taisbeáint oibreaċa an teampail dó. 2Agus duḃairt seisean leó ’ġá ḃfreagra: An ḃfeiceann siḃ na neiṫe sin go léir? Go deiṁin adeirim liḃ, ní fágfar anso cloċ ar muin cloiċe gan raobaḋ.
3Agus do ṡuid sé ar ċnoc Oliḃet, agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige a gan ḟios, agus duḃradar: Innis dúinn caṫain a ṫuitfid na neiṫe seo amaċ, agus cad a ḃeiḋ mar ċóṁarṫa ar do ṫeaċt-sa, agus ar ḋeire an tsaoġail. 4Agus duḃairt Íosa leó ’ġá ḃfreagra: #Eṗes. 5:6; Col. 2:18.Seaċnaiḋ agus ná cuireaḋ aoinne amú’ siḃ.
5Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. 6Agus aireóċaiḋ siḃ cogaí agus ráflaí ar ċogaíḃ. Seaċnaiḋ agus ná bíoḋ buaireaṁ oraiḃ; mar ní foláir na neiṫe sin do ṫeaċt, aċ ní h-é an deire fós é. 7Óir eireóċaiḋ cine i n-aġaiḋ cine, agus ríġeaċt i n-aġaiḋ ríġeaċta; agus beiḋ galair, agus gorta, agus luasgaḋ talṁan, ar fuid áiteana. 8Tosaċ na dtrioblóidí, áṁṫaċ, iad san go léir. 9Ansan cuirfid siad siḃ-se i gcruaḋtan, agus cuirfid siad ċun báis siḃ; agus beiḋ fuaṫ ag na geintiḃ go léir daoiḃ mar ġeall ar m’ainim-se. 10Ansan glacfaiḋ a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a ċéile, agus beiḋ fuaṫ acu d’á ċéile. 11Agus eireóċaid a lán fáiḋí fallsa, agus meallfaid siad a lán. 12Agus toisg an ṁalluiġṫeaċt a ḃeiṫ iomarcaċ fuarfaiḋ an ċarṫanaċt i n-a lán. 13Aċ an t-é a ḃeiḋ seasaṁaċ amaċ go deire, raġaiḋ sé saor. 14Agus craoḃsgaoilfar an soisgéal so na ríġeaċta tríd an ndoṁan go léir mar ḟiaḋnaise do sna geintiḃ go léir; agus ansan tiocfaiḋ an críoċnú.
15D’á ḃríġ sin, nuair a ċífiḋ siḃ #Dan. 9:27.gráin an léirsgriosa, ar ar laḃair Daniel fáiḋ, ’n-a seasaṁ sa n-áit naoṁṫa: an t-é a léiġfiḋ, tuigeaḋ: 16Ansan an ṁuintir atá i n-Iúdéa teiṫidís ċun na gcnoc; 17Agus an duine ar ḃuaic an tiġe, ná téiġeaḋ sé síos ċun aon rud a ḃreiṫ as a ṫiġ leis; 18Agus an duine sa ṗáirc ná filleaḋ sé a d’iarraiḋ a ḃrait. 19Is mairg do luċt clainne d’iompar, áṁṫaċ, agus do luċt oileaṁna, ins na laeṫiḃ sin. 20Aċ guíḋiḋ gan ḃúr dteiṫe ḃeiṫ sa ġeiṁreaḋ ná ar an sabbóid. 21Óir beiḋ buaireaṁ mór an uair sin, ná raiḃ a leiṫéid ó ṫosaċ an doṁain go dtí so, agus ná beiḋ. 22Agus mura gciorruiġtí na laeṫanta san ní ḃeaḋ dul as ag feóil ar biṫ; Aċ ciorrófar na laeṫanta san ar son na ḃfíoraon. 23An uair sin má deir aoinne liḃ: Féaċ, tá Críost anso, nó ansúd; ná creidiḋ. 24Mar, eireóċaid Críostana fallsa agus fáiḋí fallsa, agus taḃarfaid siad cóṁarṫaí móra uaṫa agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ ḟéidir é). 25Féaċ, ta innste agam daoiḃ roim sé. 26D’á ḃríġ sin má deirid siad liḃ: Féaċ, tá sé sa ḃfásaċ: ná téiġiḋ amaċ; Féaċ, tá sé ins ná seómraíḃ: ná creidiḋ. 27Óir, mar an splanc a ṫagann as an dtaoḃ toir agus a ċítear go dtí an taoḃ ṫiar, sin mar a ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine. 28Pé áit ’n-a mbeiḋ an corp, is ann a ċruinneóċaid na fiolair.#24:28 Ver. 28. Pé áit ⁊rl. — Beiḋ teaċt Ċríost obann agus soiléir os cóṁair an doṁain, ar nós na splainnce tóirṫniġe, agus pé áit ’n-a dtiocfiḋ sé cruinneófar an ċine ḋaona go léir ċuige ann, fé mar a cruinniġtear na fiolair ċun na h-áite ’n-a mbíonn an corpán.
29 # Isáias 13:10; Ezech. 32:7. Agus láiṫreaċ tar éis trioblóide na laeṫanta san doirċeófar an ġrian, agus ní taḃarfaiḋ an ġealaċ a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cóṁaċta na ḃflaṫas d’á suaṫaḋ;#24:29 Ver. 29. na réalta .i., na lasraċa solais i ḃfuirm réaltan. 30Agus ansan ċífar cóṁarṫa Ṁic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treaḃa an doṁain go léir, #Apoc. 1:7.agus ċífid siad Mac an Duine ag teaċt i sgamallaiḃ neiṁe le mór-ċóṁaċt agus le gradam.#24:30 Ver. 30. cóṁarṫa .i., cruis ċéasta Ċríost. 31#1 Cor. 15:52; 1 Tess. 4:11.Agus cuirfiḋ sé a aingil amaċ, le trúmpa agus le guṫ árd: agus cruinneóċaid siad a ḟíoraoin ós na ċeiṫre gaoiṫiḃ, ó uaċtar na ḃflaṫas go dtí a n-íoċtar. 32Foġlumuiġiḋ soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a ḃíonn a ġéag bog, agus a ḋuilleaḃar tagaiṫe amaċ, tá ḟios agaiḃ an saṁraḋ ḃeiṫ i n-aċmaireaċt. 33Mar sin daoiḃ-se, nuair a ċífiḋ siḃ na neiṫe seo uile, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé i n-aice liḃ, ins na dóirsiḃ. 34Go deiṁin adeirim liḃ, ní imṫeóċaiḋ an tslioċt so go dtiocfaid na neiṫe seo go léir cun cinn. 35Raġaiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ, aċ ní raġaid mo ḃréiṫre-se ar neaṁníḋ.#24:35 Ver. 35. Raġaiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ, .i., aṫarófar iad i ndeire an tsaoġail agus déanfar neaṁ nua agus talaṁ nua ḋíoḃ.
36I dtaoḃ an lae sin, áṁṫaċ, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na ḃflaṫas féin iad, aċ ag an Aṫair aṁáin. 37Óir mar a ḃí i laeṫiḃ Nóe iseaḋ ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine. 38Mar a ḃíodar ins na laeṫanta roimis an ndílinn ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ agus ag taḃairt le pósaḋ, díreaċ go dtí an lá ’na ndeaġaiḋ Nóe isteaċ sa n-arc, 39Agus ní raiḃ ḟios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí ċun siúḃail iad go léir; sin mar a ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine. 40Ansan beiḋ beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine. 41Beiḋ beirt ḃan ag meilt le muileann: Tógfar bean agus fágfar bean. 42Deiniḋ faire, d’á ḃríġ sin; mar ní fios daoiḃ cad é an uair a ṫiocfaiḋ ḃúr dTiġearna. 43Aċ bíoḋ ḟios an méid seo agaiḃ, dá mbeaḋ ḟios ag fear an tiġe cad é an uair a ḃeaḋ an biṫeaṁnaċ le teaċt, go deiṁin do ḋéanfaḋ sé faire, agus ní leigfeaḋ sé a ṫiġ do ḃriseaḋ isteaċ. 44D’á ḃríġ sin, bíḋiḋ-se, leis, ollaṁ, mar an uair náċ eól daoiḃ iseaḋ atá Mac an Duine le teaċt.
45Cé h-é, is dóiġ leat, an seirḃíseaċ dílis, ciallṁar, a ċuir a ṫiġearna os cionn a ṁuintire, ċun bíḋ a ṫaḃairt dóiḃ do réir aimsire? 46#Apoc. 16:15.Is aoiḃinn do’n tseirḃíseaċ san, nuair a ṫiocfaiḋ a ṫiġearna, má ġeiḃeann sé é ag déanaṁ na h-oibre sin. 47Go deiṁin adeirim liḃ, cuirfiḋ sé os cionn a ċoda go léir é. 48Aċ má deir an droċ-ṡeirḃíseaċ san ’n-a ċroiḋe féin: Tá mo ṫiġearna ag déanaṁ ríġnis de teaċt; 49Agus má ḋírí-ġeann sé ar a ċóṁ-ṡeirḃíseaċa do ḃualaḋ, agus ar ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i ḃfoċair luċt meisge; 50Tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ sin an lá náċ dóiġ leis, agus an uair naċ eól dó; 51Agus deiġilfiḋ sé é, agus ceapfaiḋ sé a ċuid ameasg luċt fill: beiḋ sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.

Currently Selected:

Maitiú 24: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in