1
Maitiú 24:12-13
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus toisg an ṁalluiġṫeaċt a ḃeiṫ iomarcaċ fuarfaiḋ an ċarṫanaċt i n-a lán. Aċ an t-é a ḃeiḋ seasaṁaċ amaċ go deire, raġaiḋ sé saor.
Compare
Explore Maitiú 24:12-13
2
Maitiú 24:14
Agus craoḃsgaoilfar an soisgéal so na ríġeaċta tríd an ndoṁan go léir mar ḟiaḋnaise do sna geintiḃ go léir; agus ansan tiocfaiḋ an críoċnú.
Explore Maitiú 24:14
3
Maitiú 24:6
Agus aireóċaiḋ siḃ cogaí agus ráflaí ar ċogaíḃ. Seaċnaiḋ agus ná bíoḋ buaireaṁ oraiḃ; mar ní foláir na neiṫe sin do ṫeaċt, aċ ní h-é an deire fós é.
Explore Maitiú 24:6
4
Maitiú 24:7-8
Óir eireóċaiḋ cine i n-aġaiḋ cine, agus ríġeaċt i n-aġaiḋ ríġeaċta; agus beiḋ galair, agus gorta, agus luasgaḋ talṁan, ar fuid áiteana. Tosaċ na dtrioblóidí, áṁṫaċ, iad san go léir.
Explore Maitiú 24:7-8
5
Maitiú 24:35
Raġaiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ, aċ ní raġaid mo ḃréiṫre-se ar neaṁníḋ.
Explore Maitiú 24:35
6
Maitiú 24:5
Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán.
Explore Maitiú 24:5
7
Maitiú 24:9-11
Ansan cuirfid siad siḃ-se i gcruaḋtan, agus cuirfid siad ċun báis siḃ; agus beiḋ fuaṫ ag na geintiḃ go léir daoiḃ mar ġeall ar m’ainim-se. Ansan glacfaiḋ a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a ċéile, agus beiḋ fuaṫ acu d’á ċéile. Agus eireóċaid a lán fáiḋí fallsa, agus meallfaid siad a lán.
Explore Maitiú 24:9-11
8
Maitiú 24:4
Agus duḃairt Íosa leó ’ġá ḃfreagra: Seaċnaiḋ agus ná cuireaḋ aoinne amú’ siḃ.
Explore Maitiú 24:4
9
Maitiú 24:44
D’á ḃríġ sin, bíḋiḋ-se, leis, ollaṁ, mar an uair náċ eól daoiḃ iseaḋ atá Mac an Duine le teaċt.
Explore Maitiú 24:44
10
Maitiú 24:42
Deiniḋ faire, d’á ḃríġ sin; mar ní fios daoiḃ cad é an uair a ṫiocfaiḋ ḃúr dTiġearna.
Explore Maitiú 24:42
11
Maitiú 24:36
I dtaoḃ an lae sin, áṁṫaċ, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na ḃflaṫas féin iad, aċ ag an Aṫair aṁáin.
Explore Maitiú 24:36
12
Maitiú 24:24
Mar, eireóċaid Críostana fallsa agus fáiḋí fallsa, agus taḃarfaid siad cóṁarṫaí móra uaṫa agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ ḟéidir é).
Explore Maitiú 24:24
13
Maitiú 24:37-39
Óir mar a ḃí i laeṫiḃ Nóe iseaḋ ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine. Mar a ḃíodar ins na laeṫanta roimis an ndílinn ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ agus ag taḃairt le pósaḋ, díreaċ go dtí an lá ’na ndeaġaiḋ Nóe isteaċ sa n-arc, Agus ní raiḃ ḟios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí ċun siúḃail iad go léir; sin mar a ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine.
Explore Maitiú 24:37-39
Home
Bible
Plans
Videos