YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 25

25
CAIBIDIOL XXV.
Parabal an deiċniúḃar maiġdean, agus na dtalant, agus tuairisg, ar an mbreiṫeaṁantas déanaċ.
1Ansan beiḋ ríġeaċt na ḃflaṫas cosṁail le deiċniúḃar maiġdean a ṫóg a lóċranna agus a ċuaiḋ amaċ i gcoinniḃ an ċéile agus na céile. 2Agus ḃí cúigear acu ciallṁar, agus an cúigear eile gan ċiall. 3Agus an cúigear a ḃí gan ċiall nuair a ṫógadar na lóċranna, níor ṫugadar oíle leó. 4Aċ do ṫug an cúigear a ḃí ciallṁar oíle leó i n-a n-árṫaíḃ i dteannta na lóċrann. 5Agus do ḋein an céile moill, agus ṫáinig múisiún orṫa go léir, agus do ṫuiteadar ’n-a gcodlaḋ. 6I lár na h-oiḋċe, áṁṫaċ, do deineaḋ guṫ árd: Féaċ, tá an céile ag teaċt; téiġiḋ amaċ ’n-a ċoinniḃ. 7Ansan d’eiriġeadar na maiġdeana san go léir agus ċuireadar a lóċranna i dtreó. 8Agus duḃairt an ċuid a ḃí gan ċiall leis an gcuid a ḃí ciallṁar: Tugaiḋ dúinne cuid de’n oíle atá agaiḃ-se, mar tá ár loċranna ag dul i n-éag. 9D’ḟreagair an ṁuintir ċiallṁar agus duḃradar: Ar eagla ná beaḋ ár ndóiṫin ann dúinne agus daoíḃ-se, is fearr siḃ a ḋ’imṫeaċt ċun na gceannaiḋṫe agus oíle ċeannaċ daoiḃ féin. 10Agus an ḟaid a ḃíodar ag dul ’ġá ceannaċ, ṫainig an céile; agus an ṁuintir a ḃí ollaṁ ċuadar isteaċ i n-aonḟeaċt leis ċun na bainise, agus do dúnaḋ an dorus. 11Ar ball ṫáinig na maiġdeana eile agus duḃradar: A Ṫiġearna, a ṫiġearna, osgail dúinne. 12Aċ d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Go deiṁin adeirim liḃ, ní’l aon aiṫne agam oraiḃ.
13Deiniḋ faire, d’á ḃríġ sin, mar ní h-eól daoiḃ an lá ná an uair.
14Mar, ar nós an ḟir a ḃí ag dul aḃfad ó ḃaile, agus do ġlaoiḋ ċuige a ṡeirḃísiġ, agus ṫug a ċuid dóiḃ, 15Agus ṫug ċúig talanta do ḋuine acu agus ḋá ṫalant do ḋuine eile, agus talant do ḋuine eile; do gaċ duine do réir a ċumais oibre; agus d’imṫiġ láiṫreaċ. 16Agus d’imṫiġ an t-é a fuair na ċúig talanta, agus d’oibriġ sé iad, agus ḋein sé ċúig talanta eile. 17Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá ṫalant ḋein sé ḋá ċeann eile. 18Aċ an t-é a fuair an t-aon talant aṁáin d’imṫiġ sé agus ḋein sé poll sa talaṁ, agus ċuir sé airgead a ṫiġearna i ḃfolaċ. 19Tar éis mórán aimsire, áṁṫaċ, ṫáinig tiġearna na seirḃíseaċ san, agus ṡocaruiġ sé cúntas leó. 20Agus ṫáinig an t-é a fuair na ċúig talanta agus ṫug sé leis na ċúig talanta eile, agus duḃairt: A Ṫiġearna, ṫugais ċúig talanta ḋom. Féaċ, sin ċúig cinn eile curṫa leó agam. 21Duḃairt a ṫiġearna leis: Is maiṫ é sin, a ṡeirḃísiġ ḟóġanta, dílis; ó ḃís dílis os cionn an ḃeagáin cuirfead ṫu os cionn an ṁóráin; eiriġ isteaċ i n-aoiḃneas do ṫiġearna. 22Agus ṫáinig an fear a fuair an dá ṫalant agus duḃairt: A Ṫiġearna, ṫugais dom ḋá ṫalant; féaċ, sin ḋá ċeann eile curṫa leó agam. 23Duḃairt a ṫiġearna leis: Is maiṫ é sin, a ṡeirḃísiġ ḟóganta, ḋílis; ó ḃís dílis os cionn an ḃeagáin cuirfead ṫu os cionn an ṁóráin; eiriġ isteaċ i n-aoiḃneas do ṫiġearna. 24Ansan do ṫáinig an fear a fuair an t-aon talant aṁáin, agus duḃairt: A Ṫiġearna, is eól dom gur duine cruaiḋ tu; ḃaineann tú sa n-áit nár #25:24 .i. nár ċuiris síol.ċuiris, agus cruinniġeann tú sa n-áit nár sgaipis. 25Agus le h-eagla róṁat ċuireas do ṫalant i ḃfolaċ sa talaṁ; seo, siné do ċuid féin agat. 26Agus d’ḟreagair a ṫiġearna é, agus duḃairt leis: A ḋroċ-ṡeirḃísiġ ḋíoṁaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuiġim sa n-áit nár ḋeineas sgaipeaḋ ann. 27Ḃí sé ceart agat, d’á ḃríġ sin, mo ċuid airgid a ṫaḃairt dos na bancairíḃ, i dtreó, nuair a ṫiocfainn, go ḃfaiġinn mo ċuid féin agus an t-úncumas. 28Tógaiḋ uaiḋ mar sin, an talant agus tugaiḋ é do’n t-é go ḃfuil na deiċ dtalanta aige. 29Óir an t-é go ḃfuil aige, taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, togfar uaiḋ an rud a saṁluiġtear a ḃeiṫ aige. 30Agus an seirḃíseaċ neaṁṫairḃeaċ, caiṫiḋ amaċ é sa doirċeaċt atá amuiġ; ansan iseaḋ ḃeiḋ gol agus díoscán fiacal.
31Aċ nuair a ṫiocfaiḋ Mac an Duine ’n-a ġradam, agus a aingil go léir i n-aonḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé gncaṫaoir a ġradaim; 32Agus cruinneófar ’n-a láṫair i a geinte go léir; agus deiġilfiḋ sé ó n-a ċéile iad, mar ḋeiġileann an t-aoḋaire na caoire ós na gaḃair; 33Agus cuirfiḋ sé na caoire ar a láiṁ ḋeis, agus na gaḃair an a láiṁ ċlé. 34Ansan déarfaiḋ an Rí leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ḋeis: Téanaiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe le m’Aṫair, agus sealḃuiġiḋ an ríġeaċt atá ollaṁ daoiḃ ó ċruiṫniú an doṁain: 35Mar, #Isáias 58:7; Ezech. 18:7.ḃí ocras orm, agus ṫugaḃair rud le n-iṫe ḋom; ḃí tart orm, agus ṫugaḃair le n-ól dom; ḃíos ar fán, agus ṫugaḃair ḃeiṫ istiġ dom; 36Ḃios noċt, agus ċlúdaḃair mé; ḃíos breóite agus ṫánaḃair am’ ḟéaċaint; ḃíos sa ṗríosún agus ṫánaḃair ċúġam. 37Ansan freagaróċaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A Ṫiġearna, caṫain a ċonacamair-ne ocras ort, agus gur ṫugamair bia ḋuit? Nó tart ort, agus gur ṫugamair deoċ duit? 38Nó caṫain a ċonacamair ar fán tu, agus gur ṫugamair ḃeiṫ istiġ duit? nó noċt, agus gur ċlúduiġeamair ṫu? 39Nó caṫain a ċonacamair ṫu breóite, nó i bpríosún, agus gur ṫánamair ċúġat? 40Agus déarfaiḋ an Rí ’ġá ḃfreagra: Go deiṁin adeirim liḃ, an ḟaid a ḋeineaḃair é do ḋuine de’n ċuid is suaraíġe de m’bráiṫriḃ anso, do ḋeineaḃair dóṁ-sa é. 41Ansan déarfaiḋ sé leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ċlé: #Salm 6:9.Imṫiġiḋ uaim, a ḋream ṁallaiġṫe, isteaċ sa teine ṡióruiḋe do h-ollaṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingealaiḃ; 42Mar, ḃí ocras orm, agus níor ṫugaḃair rud le n-iṫe ḋom; ḃí tart orm, agus níor ṫugaḃair deoċ dom. 43Ḃíos ar fán, agus níor ṫugaḃair ḃeiṫ istiġ dom; ḃios noċt, agus níor ċlúdaḃair mé; ḃíos breóite, agus sa ṗríosún, agus níor ṫánaḃair am’ féaċaint. 44Ansan déarfaid siad-san leis, ’ġá ḟreagra: A Ṫiġearna caṫain a ċonacamair-ne ṫu fé ocras ’ná fé ṫart, ná ar fán, ná noċt, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár ḋéineamair furtaċt ort? 45Ansan déarfaiḋ sé ’ġá ḃfreagra: Go deiṁin adeirim liḃ, an ḟaid nár ḋeineaḃair d’aoinne de’n ṁuintir suaraċ so é ’níor ḋeineaḃair dóṁ-sa é. 46#Dan. 12:2.Agus imṫeóċaid siad san isteaċ i bpiantaiḃ síoruíḋe; agus na fíoraoin isteaċ i mbeaṫa ṡíoruiḋe.

Currently Selected:

Maitiú 25: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in