YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 23

23
CAIBIDIOL XXIII.
Do ċóṁairliġ Críost deaġ-ṫeagasg na Sgríḃneóirí agus na ḃFarisíneaċ do ġlacaḋ agus a ndroċ-ṡampla do ṡeaċnaḋ, fógrann sé ar a Ḋeisgiobulaiḃ gan aiṫris do ḋéanaṁ ar a n-uaillṁian. A lán mairgí aige d’á ḃagairt orṫa mar ġeall ar an gceilg a ḃí ionta agus mar ġeall ar a ndaille.
1Ansan do laḃair Íosa leis an bpobul agus le n-a ḋeisgiobuil,
2Agus duḃairt sé: Táid na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ suiḋte i gcaṫaoir Ṁaoise. 3D’á ḃríġ sin pé rud a déarfaid siad liḃ a ċoimeád, coimeádaiḋ é agus deiniḋ é; aċ na deiniḋ do réir a n-oibreaċa; óir deirid siad, agus ní ḋeinid siad. 4Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ġuailniḃ na ndaoine iad; aċ ní h-áil leó féin oiread agus méar a ċur ’ġá gcoruiġe. 5Deinid siad gaċ obair leó, áṁṫaċ, ionus go ḃfeicfeaḋ na daoine iad; leaṫnuiġid siad a ḃfulactéirí agus méaduiġid siad faḃraí a mbrat.#23:5 Ver. 5. ḃfulactéirí, .i., giotaí beaga meamruim agus na deiċ n-aiṫeanta sgríoḃṫa orṫa, agus iad d’á gcaiṫeaṁ agus na Fairisíneaċaiḃ ar a n-éadan, ag taisbeáint a ḃfíoraontaċta, mar go raiḃ “an dlíġ os cóṁair a súl i gcóṁnuiḋe.” Ḃíoḋ na meamruim níba leiṫne ag na Fairisíniġ ’ná ag daoiniḃ eile, ’ġá ċur i n-úil gur ṁó an meas a ḃí acu ar an ndlíġ. 6Is maiṫ leó ceann cláir ag suiḋe ċun bíḋ dóiḃ, agus na suiḋċáin uaċtaraċa ins na sinagógaiḃ. 7Agus fáiltiú ḋóiḃ i n-áit an ṁargaiḋ, agus go dtaḃarfaḋ na daoine Rabbí orṫa. 8Aċ ná tugtar #23:8 .i. Ná loirgiḋ é, le h-uaḃar.Rabbí oraiḃ-se: óir is aoinne aṁáin atá ’n-a Ṁáiġistir oraiḃ, agus is bráiṫre siḃ go léir. 9Agus #Mal. 1:6.ná tugaiḋ ḃúr n-aṫair ar aoinne ar an dtalaṁ so: óir is aoinne aṁáin is Aṫair agaiḃ, an t-é atá ins na flaṫais.#23:9 Ver. 9,10. ná tugaiḋ ḃúr n-aṫair ar aoinne ⁊rl., .i. Ní féidir aon aṫair do ċur i gcomparáid le n-ár n-Aṫair atá ar neaṁ, agus ní ceart rud a ḋéanaṁ ar aon ṁáiġistir a ṡeolfaḋ amú sinn ó Ċríost. Ní ċoisgeann san sinn, áṁṫaċ, ar onóir a ṫaḃairt, do réir dlíġe Dé, d’ár n-aṫair agus d’ár máṫair saoġalta, agus d’ár n-aiṫreaċaiḃ spirideálta, agus d’ár máiġ-stiríḃ agus d’ár dteagasgóiriḃ. (Feic 1 Cor. 4:15.) 10Agus ná tugtar máiġistirí oraiḃ: óir is aoinne aṁáin is Máiġistir agaiḃ, .i. Críosd. 11An t-é is fearr oraiḃ, beiḋ sé ’n-a ṡeirḃíseaċ agaiḃ. 12Óir an t-é a ḋ’árdóċaiḋ é féin, ísleófar é; agus an t-é a ḋ’ísleóċaiḋ é féin, árdófar é.
13Aċ is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir do ḋúnaḃair ríġeaċt na ḃflaṫas i n-aġaiḋ na ndaoine; mar, ní ṫéiġeann siḃ isteaċ, ná ní leigeann siḃ isteaċ na daoine atá ag dul isteaċ.
14Is mairg daoiḃ a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir iṫeann siḃ tiġṫe na mbaintreaċ, ag déanaṁ úrnuiġṫe fada; mar ġeall air sin is truime-de an ḃreiṫ a taḃarfar oraiḃ.
15Is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir siuḃlann siḃ muir agus tir ċun aoinne aṁáin a ṫaḃairt ċun ḃúr gcreidiṁ; agus nuair a ṫugann siḃ liḃ é déineann siḃ mac-ḟrinn de níosa ḋá ṁeasa ’ná siḃ féin.
16Is mairg daoiḃ-se, a ġiollaí dalla adeir: Pé duine a ḋearḃóċaiḋ dar an teampal, is neaṁniḋ é; aċ an t-é ḋearḃóċaiḋ dar ór an teampail tá an ceangal air. 17A ḋaoine dalla gan ċiall: cé’cu is mó le ráḋ, an t-ór, nó an teampal a ḃeannuiġeann an t-ór? 18Agus: Pé duine ḋearḃóċaiḋ dar an altóir, is neaṁníḋ é; aċ pé duine a ḋearḃóċaiḋ dar an dtaḃarṫas atá ar an altóir, tá an ceangal air. 19A ḋaoine dalla: Cé’cu is mó, an taḃarṫas nó an altóir a ċuireann an ḃeannuiġṫeaċt ar an dtaḃarṫas? 20D’á ḃríġ sin, an t-é dearḃuiġeann dar an altóir, dearḃuiġeann sé dar an altóir agus gaċ a ḃfuil uirṫi. 21Agus an t-é a ḋearḃuiġeann dar an teampal, dearḃuiġeann sé dar an teampal agus dar an t-é atá ’n-a ċóṁnuiḋe ann. 22Agus an t-é ḋearḃuiġeann dar neaṁ, dearḃuiġeann sé dar caṫaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá ’n-a ṡuiḋe inti.
23Is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir tugann siḃ deaċṁaḋ as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’ḟágaḃair gan cóṁlíonaḋ na neiṫe is truime sa dlíġ, #Mích. 6:8.breiṫeaṁantas, agus trócaire, agus creideaṁ; ḃí sé ceart agaiḃ iad-san do ḋéanaṁ agus gan iad-súd do leigint ar lár. 24A ġiollaí dalla, sgagann siḃ amaċ an ċuil agus sloigeann siḃ an camal.
25Is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir glanann siḃ an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; aċ táṫaoí lán, laistiġ, de ḃraduíol agus de ṡailiġṫeaċt. 26A Ḟairisíniġ ḋaill, glan ar dtúis an taoḃ istiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis, ionus go mbeaḋ an taoḃ amuiġ glan.
27Is mairg daoiḃ, a Sgriḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir is cuma siḃ nó uaġna aolta, a ḟéaċann go h-áluinn lasmuiġ, sé ṡúiliḃ daoine, aċ laistiġ táid siad lán de ċnáṁaiḃ daoine marḃa, agus de’n uile ṡaġas bréantais. 28Ar an gcuma gcéadna féaċann siḃ-se fíoraonta ar an dtaoḃ amuiġ, fé ṡúiliḃ daoine; aċ laistiġ táṫaoí lán de’n ḟeall agus de’n ṁalluiġṫeaċt.
29Is mairg daoiḃ, a Sgríḃneóiri agus a Ḟairisíneaċa an ḟill: a ḋeineann tuamaí do ċur suas do sna fáiḋiḃ; agus a ċuireann na h-órnáidí ar uaġnaiḃ na ḃfíoraon, Agus deireann siḃ:#23:29 Ver. 29. a ḋeineann tuamaí Ní deir an ċaint sin gur droċ-níḋ uaġna na ḃfáiḋ do ḋéanaṁ agus órnáid do ċur orṫa. Cáineann sí an feall a ḃí ins na Fairisíniġ a ḃioḋ ag onórú uaġna na ḃfáiḋ mar ḋ’eaḋ, agus easonóir acu ’a ṫaḃairt do ṫiġearna na ḃfáiḋ. 30Dá mbeimís-ne beó le linn ár sínsear ní ḃeimís páirteaċ leó i ḃfuil na ḃfáiḋ. 31D’á ḃríġ sin is fínniṫe siḃ oraiḃ féin gur siḃ slioċt na ndaoine a ṁairḃ na fáiḋe. 32Líonaiḋ-se suas, mar sin, tóṁas ḃúr sínsear. 33A aiṫreaċa niṁe, a ṡlioċt na n-aiṫreaċ niṁe, cad é an dul atá agaiḃ-se ó ḃreiṫ ifrinn? 34D’á ḃríġ sin, féaċ, cuirim-se ċúġaiḃ fáiḋe, agus luċt eagna, agus luċt sgríḃinne; agus marḃóċaiḋ siḃ cuid acu, agus céasfaiḋ siḃ ar ċrosaiḃ cuid acu agus sgiúrsálfaiḋ siḃ cuid acu i nḃúr sinagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ iad ó caṫair go caṫair. 35Ionus go dtiocfaḋ oraiḃ gaċ fuil ḟíoraonta d’ár doirteaḋ ar an dtalaṁ, ó ḟuil an ḟíoraoin #Gen. 4:8.Abel go fuil #2 Par. 24:22.Ṡacariais mic Ḃaraċiais a ṁarḃaḃair idir an teampal agus an altóir.#23:35 Ver. 35. Ionus go dtiocfaḋ oraiḃ — Ní ’ġá ráḋ é gur ṁó an pionós a ṫiocfaḋ orṫa ná mar a ḃí tuillte aca, aċ ’ġá ráḋ go dtiocfaḋ an uair sin orṫa aon ḋíḃfeirg aṁáin ’n-a mbeaḋ ann coṫrom ar cuireaḋ riaṁ de ḋíḃfeirgíḃ agus de ṗionóisíḃ ar luċt fola a ḃeaḋ neaṁċiontaċ do ḋortaḋ. 36Go deiṁin adeirim liḃ, tiocfaiḋ na neiṫe sin go léir ar an slioċt so.
37A Ierúsalem, a Ierúsalem, a ṁarḃuiġeann na fáiḋe, agus a ġaḃann do ċloċaiḃ ins na daoine a curtar ċúġat, cad é a ṁiniceaċt dob’ áil liom do ċlann a ḃailiú ċuġam mar a ḃailiġeann an ċearc a h-ál fé n-a sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃ’áil leat! 38Féaċ, fágfar ḃúr dtiġ i n’uaigneas agaiḃ. 39Óir adeirim liḃ, ní ḟeicfiḋ siḃ mise feasda go n-abraiḋ siḃ: Molaḋ leis an t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna.

Currently Selected:

Maitiú 23: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in