YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 22

22
CAIBIDIOL XXII.
Parabal na bainise. D’órduiġ Críost cáin do ḋíol le Caesar. Do ċlaoiḋ sé na Sadducíniġ. Do ṫaisbeáin se cad í an ċéad aiṫne sa dlíġ. Do ċuir sé measgán mearaíḋe ar na Fairisíneaċaiḃ.
1Agus d’ḟreagair Íosa agus do laḃair sé airís i soluídiḃ, agus duḃairt sé: 2#Lúc. 14:16; Apoc. 19:9.Is cosṁail ríġeaċt neiṁe le fear a ḃí ’n-a rí, agus do ḋein bainis d’á ṁac. 3Agus ċuir sé a ṡeirḃísiġ ag glaoḋaċ ar na daoine a fuair cuireaḋ ċun na bainise; agus níor ḃ’áil leó teaċt. 4Agus ċuir sé seirḃísiġ eile uaiḋ airís. Abraiḋ, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireaḋ, Féaċ, tá an féasda ollaṁ agam; táid mo ṁairt marḃ agus m’ealta raṁara, agus gaċ níḋ ollaṁ: Tagaiḋ ċun na bainise. 5Aċ ḋeineadar-san neaṁṡuím de, agus d’imṫíġeadar, duine acu ċun a ḟeirime, agus duine acu ċun a ċeannaiḋeaċta. 6Agus do rug an ċuid eile acu ar a ṡeirḃísiġ, agus ṫugadar tarcuisne ḋóiḃ, agus ṁarḃuiġeadar iad. 7Nuair airiġ an rí an níḋ sin ṫáinig fearg air, agus ċuir sé a ṡluaiġte armṫa uaiḋ, agus d’ídiġ sé na marḃṫóirí sin, agus do loisg sé a gcaṫair. 8Ansan duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċaiḃ: Tá an ḃainḟeis ollaṁ; aċ an ṁuintir a fuair cuireaḋ, níor ḃfiú iad é. 9Imṫiġiḋ amaċ, d’á ḃríġ sin, ar na bóiṫriḃ agus pé daoine a ġeoḃaiḋ siḃ, glaoiḋiḋ isteaċ orṫa ċun na bainise. 10Agus d’imṫiġ na seirḃísiġ amaċ ar na bóiṫriḃ, agus ḃailiġeadar isteaċ gaċ a ḃfuaradar de daoine, idir olc agus maiṫ, agus ḃí an ḃainis lán de ḋaoine ’n-a suiḋe ċun bíḋ. 11Ansan do ṫáinig an rí isteaċ go ḃfeicfeaḋ sé an ċuideaċta, agus ċonaic sé ann duine ná raiḃ culaiṫ na bainise uime. 12Agus duḃairt sé leis: A ċara, conus a ṫánaís-se anso isteaċ gan culaiṫ na bainise umat? Aċ níor laḃair seisean focal. 13Ansan duḃairt an rí leis an luċt frioṫálṁa, Deiniḋ a láṁa agus a ċosa do ċeangal, agus caiṫiḋ amaċ é sa doirċeaċt atá amuiġ, áit ’n-a mbeiḋ gol agus díoscán fiacal. 14Óir tá glaoiḋte ar ṁórán, agus ní’l toġṫa aċ beagán.
15Ansan d’imṫiġ na Fairisíniġ, agus ċuadar i gcóṁairle go ndéanfaidís búntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint. 16Agus ċuireadar ċuige deisgiobuil leó féin i n-aonḟeaċt le muintir Héróid, ċun a ráḋ leis: A Ṁáiġistir, is eól dúinn gur duine fírinneaċ tu, agus go múineann tú slíġ Dé sa ḃfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní ḟéaċann tú ċun pearsan aon duine.#22:16 Ver. 16. muintir Héróid, .i., daoine ó Héród a ḃí ar aon aigne leis i dtaoḃ na cánaċ a ḋíol le Caesar, .i., le h-ímpire na Róṁa. Measaid drong go raiḃ ameasg na nIúdaċ aicme ar a dtugtí “Héródiánaiġ,” toisg go ndeiridís gur b’é Héród an Messias. 17Innis dúinn, d’á ḃríġ sin, cad is dóiġ leat? An ceart cáin do ḋíol le Caesar nó gan a ḋíol? 18Aċ ḃí fios a ndroċ-aigne ag Íosa agus duḃairt sé: A ċluan-uiḋṫe, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ a’m braṫ? 19Taisbeánaiḋ dom píosa d’airgead na cána. Agus ṫugadar dó pingin. 20Agus duḃairt Íosa leó: Cé leis an íoṁáiġ seo agus an sgríḃinn seo? 21Le Caesar, ar siad. Ansan duḃairt seisean leo: D’á ḃríġ sin #Róṁ. 13:7.tugaiḋ do Ċaesar na neiṫe is le Caesar; agus tugaiḋ do Ḋia na neiṫe is le Dia. 22Nuair airiġeadar an méid sin ṫáinig iongnaḋ orṫa, agus d’ḟágadar ansan é, agus d’imṫiġeadar.
23An lá san ṫáinig na Sadducíniġ ċuige, #Gníoṁ. 23:6.daoine adeir ná fuil aiseiriġe ann, agus ċeistiġeadar é, agus duḃradar. 24A Ṁáiġistir, duḃairt Maois, #Deut. 25:5.Má ġeiḃeann duine bás gan slioċt, pósaḋ a ḋriṫáir a ḃean, ionus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋriṫáir. 25Ḃí i n-ár measg-ne mórṡeisear driṫár, agus do ṗós an ċéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan slioċt a ḃeiṫ air, d’ḟág sé a ḃean agá ḋriṫáir; 26Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an tríṁaḋ duine, gur ráinig an seaċtṁaḋ duine. 27I n-a ndiaiḋ go léir fuair an ḃean bás. 28Sa n-aireiriġe, áṁṫaċ, cé’cu de’n ṁórṡeisear gur leis í? mar, ḃí sí acu go léir. 29D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leó: Táṫaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a ḃeiṫ agaiḃ ar an Scriptiúir ná ar ċóṁaċtaiḃ Dé. 30Óir sa n-aireiriġe ní pósfar ná ní taḃarfar le pósaḋ, aċ beid siad cosṁail le h-aingealaiḃ Dé ar neaṁ. 31Aċ, i dtaoḃ aiseiriġe na marḃ, nár léiġeaḃair an rud aduḃairt Dia, mar a ndeir sé liḃ: 32#Deut. 6:5.Is mise Dia Ábrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do ḋaoiniḃ marḃa Dia, aċ do ḋaoiniḃ beó. 33Agus nuair a ḋ’airiġ na daoine é ḃíodar ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.
34Nuair airiġ na Fairisíniġ nár ḟág sé focal le ráḋ ag na Sadducíniġ, ṫánadar i ḃfoċair a ċéile; 35Agus ċeistiġ duine acu é, ollaṁ sa dlíġ, ag baint trialaċ as, agus duḃairt: 36A Ṁaiġistir, cad í an aiṫne ṁór sa dlíġ? 37Duḃairt Íosa leis:#Exod. 3:6. Gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ó d’ċroiḋe go h-iomlán, agus ó d’anam go h-iomlán, agus ó d’aigne go h-iomlán. 38Siní an aiṫne is mó, agus isí an ċéad aiṫne í. 39Agus tá an tarna h-aiṫne cosṁail léi:#Leḃit. 19:18. Gráḋfaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫu féin. 40Tá an dlíġ go léir agus na fáiḋe ag seasaṁ ar an dá aiṫne sin.
41Ḃí na Fairisíniġ cruinniġṫe i ḃfoċair a ċéile, agus do ċeisdiġ Íosa iad, 42Agus duḃairt sé: Cad a ṫuigeann siḃ-se i dtaoḃ Ċríost? Cé ’ro mac é? Agus duḃradar leis: Mac Dáiḃid. 43Duḃairt sé leó: Ma ’seaḋ, cad uime go dtugann Dáiḃid, sa spioraid, a Ṫiġearna air, mar a ndeir sé: 44#Salm 109:1.Duḃairt an Tiġearna le m’ Ṫiġearna, Suiḋ ar mo ḋeis, go gcuiread do naṁaid mar fuairmín fé d’ċosaiḃ? 45D’á ḃríġ sin, má ṫugann Dáiḃid a Ṫigearna air, conus atá sé ’n-a ṁac aige? 46Agus ní raiḃ oiread agus focal ag aoinne le ráḋ ’ġá ḟreagra; agus ó’n lá san amaċ níor leóṁaiḋ aoinne é ċeisdiú a ṫuille.

Currently Selected:

Maitiú 22: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in