YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 14

14
Caibidil XIV
An ċéaḋ ċuid de ṫuairisc ṗáis Ċríost.
1Agus i gcionn ḋá lá ḃí an Ċáisc agus féile an aráin gan deascaiḋ ann,#Mait. 26, 2; Lúc. 22, 1. agus ḃí na h-árdṡagairt agus na Scríoḃaiḋṫe ag cuartuġaḋ sliġe ċun breiṫ air le ceilg agus é ċur ċun báis.
2Agus duḃairt siad: Ná déantar é lá na féile, ar eagla go mbéaḋ gleo imeasc na ndaoine.
3Agus nuair a ḃí sé i mBetánia#Mait. 26, 6; Eoin 12, 1. i dtiġ Ṡíomoin, loḃar, agus é ag caiṫeaṁ biḋ, ṫáinic bean ag a raiḃ bocsa alabastair dʼungaḋ spíocnáird luaċṁair, agus ag briseaḋ an ḃocsa dí, ḋoirt sí ar a ċionn é.
4Agus ḃí cuid acu a raiḃ fearg orṫa ina n-intinn féin, agus duḃairt siad: Cad ċuige a ndearnaḋ an cur amuġa seo ar an ungaḋ?
5Óir dʼḟéadfaiḋe an t-ungaḋ sin a ḋíol ar níos mó ná trí ċéad piġinn, agus a ṫaḃairt do na boċta. Agus rinne siad casaoid uirṫí.
6Aċt duḃairt Íosa: Leigigiḋ dí; cad ċuige a ḃfuil siḃ ġá boḋraḋ? Tá déaġ-obair déanta aice orm.
7Óir bíonn na boċta agaiḃ i gcóṁnaiḋe, agus nuair is mian liḃ, tig liḃ maiṫ a ḋéanaṁ dóiḃ: aċt ní ḃíonn mise agaiḃ i gcóṁnaiḋe.
8Rinne sí seo an rud a bʼḟéidir léi; ṫáinic sí roiṁ ré dʼungaḋ mo ċuirp ċun na h-aḋlaicṫe.
9Amén adeirim liḃ: Cibé áit ar fud an doṁain go h-iomlán a ndéanfar an soiscéal seo a ṡeanmóir, innseoċar an níḋ seo a rinne sí mar an gcéadna mar ċuiṁne uirṫí.
10Agus ċuaiḋ Iúdas Iscariot,#Mait. 26, 14. duine deʼn dáréag, ċuig na h-árdṡagairt ċun é ḃraṫ dóiḃ.
11Agus ġá ċluinstin sin dóiḃ, ḃí lúṫġáir orṫa, agus ġeall siad airgead a ṫaḃairt dó. Agus ḃí seisean ar lorg dóiġe a ḃfuiġeaḋ sé áimear ċun é ḃraṫ.
12Agus ar an ċéad lá dʼḟéile an aráin gan deascaiḋ,#Mait. 26, 17; Lúc. 22, 7. an t-am ar ġnáṫaċ leo an ċáisc a ṁarḃaḋ, deir a ḋeisciobail leis: Cá h-áit ar toil leat go raċaḋ sinn a ḋéanaṁ réiḋ duit ċun an ċáisc a ċaiṫeaṁ?
13Agus cuireann sé beirt dá ḋeisciobail uaiḃ, agus deir sé leo: Téiġigiḋ isteaċ san ċaṫair, agus casfar oraiḃ fear ag iomċar soiṫeaċ uisce; leanaigiḋ é.
14Agus cibé áit ina raċaiḋ sé isteaċ, abraigiḋ le fear an tiġe, go n-abrann an Máiġistir: Cá ḃfuil mo ṡeomra aoiḋeaċta mar a n-íosaiḋ mé an ċáisc i dteannta mo ḋeisciobal?
15Agus taisbeánfaiḋ seisean díḃ seomra bíḋ mór, curṫa fá réir, agus déanaigiḋ réiḋ dúinn annsin.
16Agus dʼimṫiġ a ḋeisciobail, agus ṫáinic siad ċun na caṫraċ, agus fuair siad mar a duḃairt sé leo, agus dʼullṁuiġ siad an ċáisc.
17Agus, nuair a ḃí an tráṫnóna#Mait. 26, 20; Lúc. 22, 14. ann ṫáinic sé le n-a ḋeisciobail.
18Agus nuair a ḃí siad ina suiḋe agus ag caiṫeaṁ bíḋ, duḃairt Íosa: Amén adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ#Mait. 26, 21; Lúc. 22, 21; Eoin 13, 21. duine agaiḃ atá ag iṫe i mo ċuideaċta mé.
19Agus ṫoisiġ siad-san a ġlacaḋ buaiḋearṫa, agus a ráḋ leis i ndiaiḋ a ċéile: An é mise é?
20Agus duḃairt sé leo: Duine deʼn dáréag, a ṫomas a láṁ mar aon liom san ṁéis.
21Agus téid Mac an Duine go deiṁin do réir mar atá scríoḃṫa fá dtaoiḃ de;#Sailm 40, 10; Gníoṁ. 1, 16. aċt is mairg doʼn duine sin le n-a mbraiṫfear Mac an Duine; bʼḟeárr doʼn duine sin dá mḃéaḋ sé gan a ṫeaċt ar an tsaoġal.
22Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag caiṫeaṁ bíḋ, ġlac Íosa arán,#Mait. 26, 26; Lúc. 22, 19; 1 Cor. 11, 24. agus ḃeannuiġ agus ḃris, agus ṫug dóiḃ, agus duḃairt: Glacaigiḋ, is é seo mo ċorp.
23Agus ag glacaḋ na cailíse dó, agus ag taḃairt ḃuiḋeaċais, ṫug sé dóiḃ, agus dʼól siad uilig aiste.
24Agus duḃairt sé leo: Is í seo mʼḟuil na tiomna nua a ḋoirtfear ar son ṁóráin.
25Amén adeirim liḃ, naċ n-ólfaiḋ mé feasta de ṫoraḋ seo na fíneaṁna go dtí an lá sin, nuair a ólfas mé go nua é i ríoġaċt Dé.
26Agus i ndiaiḋ dán a ġaḃáil, dʼimṫiġ siad amaċ go Sliaḃ na gCrann Ola.
27Agus deir Íosa leo: Ġeobaiḋ siḃ uilig scainneal#Mait. 26, 31; Eoin 16, 32. ionnam-sa anoċt, óir tá sé scríoḃṫa: Buailfiḋ mé an t-aoḋaire,#Sac. 13, 7. agus scaipfear na caoiriġ.
28Aċt i ndiaiḋ éirġe daṁ arís, raċaiḋ mé róṁaiḃ go dtí an Ġailile.
29Aċt duḃairt Peadar leis: Bíoḋ go ḃfuiġiḋ gaċ aoinneaċ scainneal ionnat, ní ḟuiġiḋ mise.
30Agus deir Íosa leis: Amén adeirim leat, indiu, anoċt féin, sul a scairtiḋ an coileaċ an dara h-uair#14, 30 Sul a scairtiḋ an coileaċ an dara h-uair. Scairteann na coiliġ ḋá uair fá leiṫ san oiḋċe: tuairim agus an meaḋón oiḋċe ar dtús; agus annsin ag an am ar a dtugtar scairt an ċoiliġ do ġnáṫ. Bʼé sin an scairt ar ar laḃair ár Slánuiġṫeoir. An an aḋḃar sin ní ṫráċtann na Soiscéalaiḋṫe eile ar an ċéad scairt ar ċon ar biṫ., séanfaiḋ tusa mé fá ṫrí.
31Aċt ba ṁóide sin a laḃair seisean: Dá mbʼéigean daṁ bás dʼḟaġáil i n-aoinḟeaċt leat, ní ṡéanfaiḋ mé ṫú. Agus is mar an gcéadna a laḃair siad uilig.
32Agus tig siad go feirm, darab ainm Getsemani.#Mait. 26, 36; Lúc. 22, 40. Agus deir sé le n-a deisciobail: Suiḋigiḋ annseo go ndéanaiḋ mé urnarġe.
33Agus ḃeir sé leis Peadar agus Séamus agus Eoin, agus ṫoisiġ sé dʼéirġe eriṫ-eaglaċ agus doḃrónaċ.
34Agus deir sé leo: Tá brón an ḃáis féin ar mʼanam; fanaigiḋ annseo agus déanaigiḋ faire.
35Agus nuair a ċuaiḋ sé giota beag ċun tosaiġ, ṫuit sé ar an talaṁ, agus ġuiḋ sé go dtéiġeaḋ an uair ṫairis, dá mbʼḟéidir é.
36Agus duḃairt sé: Abba, a Aṫair, tá gaċ níḋ ar do ċumas-sa, beir uaim an ċailís seo, aċt ní h-é an rud is toil liom-sa, aċt an rud is toil leat-sa.
37Agus tig sé, agus ġeiḃ sé ina gcodlaḋ iad. Agus deir sé le Peadar: A Ṡíomoin, an i do ċodlaḋ atá tú? Naċ dtiocfaḋ leat faire a ḋéanaṁ ar feaḋ aon uaire aṁáin?
38Coiṁéadaigiḋ agus guiḋigiḋ naċ dtéiġiḋ siḃ isteaċ i gcaṫuġaḋ. Tá an spiorad, leoga, toilteannaċ, aċt tá an ċolann lag.
39Agus ag imṫeaċt ḋó aṫuair, ġuiḋ sé, ag ráḋ an ḃriaṫair ċéadna.
40Agus ag pilleaḋ dó arís fuair sé ina geodlaḋ iad (óir ḃí a súla trom), agus ní raiḃ a ḟios acu cad é mar ḃéarfaḋ siad freagair air.
41Agus tig sé an tríoṁaḋ h-uair agus deir sé leo: Codluiġigiḋ anois agus déanaigiḋ ḃur scíste. Is leor sin: ṫáinic an uair; ḟéaċ, ḃéarḟar Mac an Duine isteaċ i láṁa na bpeacaċ.
42Éiriġigiḋ, téiġimís; féaċ, tá an té a ḃraiṫfeas mé i n-aice linn.
43Agus le linn é ḃeiṫ ag cainnt, tig Iúdas Iscariot,#Mait. 26, 47; Lúc. 22, 47; Eoin 18, 3. duine deʼn dáréag, agus i n-aoinḟeaċt leis sluaġ mór, agus claiḋṁe agus bataí leo, ó na h-árḋṡagairt agus na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí.
44Agus ṫug a ḃraṫadóir cóṁarṫa dóiḃ, ag ráḋ: Cibé a dtaḃar-faiḋ mé póg dó, is é sin é; beirigiḋ air agus taḃairigiḋ liḃ go faiṫċilleaċ é.
45Agus nuair a ṫáinic sé, ċuaiḋ sé ċuige láiṫreaċ, agus deir: Go mbeannuiġṫear duit, a Rabbi; agus ṗóg sé é.
46Aċt fuair siad-sar greim air, agus ġaḃ siad é.
47Agus duine áiriṫe acu sin a ḃí ina seasaṁ ṫart, ṫarraing sé amaċ a ċlaiḋeaṁ, ḃuail seirḃíseaċ an árdṡagairt, agus ġearr an ċluas de.
48Agus dʼḟreagair Íosa agus duḃairt leo: An dtáinic siḃ amaċ aṁail ċuig gadaiḋe le claiḋṁe agus bataí le breiṫ orm?
49Ḃí mé i mo ṡuiḋe gaċ lá i ḃur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug siḃ orm. Aċt is ċun na Scrioptúirí a ċóiṁlíonaḋ é.
50Annsin dʼḟág a ḋeisciobail uilig é agus ṫeiċ siad.#Mait. 26, 56.
51Agus lean óigḟear áiriṫe é, a raiḃ línéadaċ cuaċta aige fá n-a ċorp ṫárnoċt, agus rug siad air.
52Aċt ar ḟágáil an línéadaiġ ina ḋiaiḋ dó, ṫeiċ sé uaṫa cárnoċt.
53Agus ṫug siad Íosa go dtí an t-árdṡagart,#Mait. 26, 57; Lúc. 22, 54; Eoin 18, 13. agus ċruinniġ annsin na sagairt agus na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí.
54Agus lean Peadar i ḃfad uaiḋ é go dtí go raiḃ sé istiġ i gcúirt an árdṡagairt, agus ṡtuḋ sé i ḃfoċair na searḃóntaí ag an teiniḋ, agus rinne sé a ġoraḋ.
55Agus ḃí na h-árdṡagairt agus an ċóṁairle#Mait. 26, 59. go léir ag iarraiḋ fiaḋnaise dʼḟaġáil i n-aġaiḋ Íosa, ċun é ċur ċun báis; aċt ní ḟuair siad.
56Óir ṫug mórán fiaḋnaise ḃréige ina aġaiḋ, agus ní raiḃ a ḃfiaḋnaise ag cur lé ċéile.
57Agus dʼéiriġ daoine áiriṫe agus ṫug siad fiaḋnaise ḃréige ina aġaiḋ, ag ráḋ:
58Ċualamar é ag ráḋ: leagfaiḋ#Mait. 26, 61; Eoin 2, 19. mé an teampall seo a rinneaḋ le láṁa, agus i dtrí lá tógḟaiḋ mé ceann eile gan obair láṁ.
59Agus ní raiḃ a ḃfiaḋnaise ag cur le ċéile.
60Agus ag éirġe i lár na h-áite doʼn árdṡagart, ċuir sé ceist ar Íosa, ag ráḋ: Naċ dtaḃrann tú ḟreagair ar biṫ ar na neiṫe atá dá gcur i dʼaġaiḋ acu seo?
61Aċt dʼḟan seisean ina ṫost agus ní ṫug sé aon ḟreagair uaiḋ. Agus ċeistiġ an t-árdṡagart é arís agus duḃairt leis: An tusa an Críost, Mac an Dé Ḃeannuiġṫe?
62Agus duḃamt Íosa leis: Is mé; agus tċifiḋ siḃ Mac an Duine#Mait. 24, 30, agus 26, 64. ina ṡuiḋe ar ḋeas-láiṁ ċuṁaċt Dé agus ag teaċt le néallta neiṁe.
63Agus deir an t-árdṡagart agus é ag réabaḋ a ċuid éadaiġ: Cad é an feiḋm atá againn feasta le fiaḋnaisiġ?
64Ċuala siḃ an diaṁasla: cad é tċíṫear díḃ? Agus ṫug siad uilig breiṫ ina aġaiḋ gurḃ airiḋe air an bás.
65Agus ṫoisiġ dream áiriṫe a ċaiṫeaṁ seileog air, a ḟolaċ a aġaiḋe, a ḃualaḋ le duirn, agus a ráḋ leis: Déan tairngireaċt: agus ḃí na searḃóntaí ġá ḃualaḋ le n-a mbosa.
66Agus nuair a ḃí Peadar ṫíos san ċúirt,#Mait. 26, 69; Lúc. 22, 56; Eoin 18, 17. tig cailín aimsire de ċuid an árdṡagairt,
67Agus nuair a ċonnaic sí Peadar ag déanaṁ a ġorṫa, dearcann sí air, agus deir: Ḃí tusa fosta le h-Íosa as Nasair.
68Aċt ṡéan seisean sin, ag ráḋ: Ní ḟuil a ḟios agam agus ní ṫuigim caḋ é tá dá ráḋ agat. Agus ċuaiḋ sé amaċ ós cóṁair na cúirte, agus scairt an coileaċ.
69Agus nuair a ċonnaic an cailín arís é,#Mait. 26, 71. ṫoisiġ sí a ráḋ leis na daoine a ḃí ina seasaṁ ṫart: Is duine acu é seo.
70Aċt ṡéan seisean sin arís. Agus i gcionn tamaill ḃig arís duḃairt an ṁuinntir#Lúc. 22, 59; Eoin 18, 25. a ḃí ina seasaṁ ann le Peadar: Go dearḃṫa is díoḃṫa siúd ṫú, óir is Gaililéaċ ṫú.
71Agus ṫoisiġ sé a ṁalluġaḋ agus a ṁionnuġaḋ: Ní ḟuil aiṫne agam ar an duine sin a deir siḃ.
72Agus ar an ḃall scairt an coileaċ an dara h-uair. Agus ċuiṁniġ Peadar#Mait. 26, 75; Lúc. 22, 61; Eoin 13, 38. ar an ḟocal a duḃairt Íosa leis: Sul a scairtiḋ an coileaċ an dara h-uair, séanfaiḋ tusa mé fá ṫrí. Agus ṫoisiġ sé a ġol.

Currently Selected:

Marcus 14: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in