Marcus 15
15
Caibidil XV
Tuairisc na páise ar leanaṁaint.
1Agus go luaṫ ar maidin#Mait. 27, 1; Lúc. 22, 66; Eoin 18, 28. ġlac na h-árdṡagairt cóṁairle leis na seanóirí agus na Scríoḃaiḋṫe agus leis an ċóṁairle go h-uile, rug siad Íosa leo ceangailte agus ṫug siad suas do Ṗioláit é.
2Agus dʼḟiaḟruiġ Pioláit de: An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus duḃairt sé leis, ġá ḟreagairt: Deir tú é.
3Agus ċuir na h-árdṡagairt mórán neiṫe ina leiṫ.#Mait. 27, 12; Lúc. 23, 2; Eoin 18, 33.
4Agus ċeistiġ Pioláit arís é, ag ráḋ: Naċ dtugann tú freagair ar biṫ uait? Feic an méid neiṫe atá dá gcur i dʼaġaiḋ acu.
5Aċt dʼḟan Íosa i gcóṁnaiḋe gan freagair a ṫaḃairt, ionnas go raiḃ iongantas ar Ṗioláit.
6Agus le linn lá na féile ba ġnáṫaċ leis duine de na príosún aiġ, cibé a dʼiarraḋ siad, a leigin saor dóiḃ.
7Agus ḃí duine darḃ ainm Barabbas ann, a gaḃaḋ i ḃfoċair luċt ceannairce, agus a rinne dúnṁarḃaḋ san ċeannairc.
8Agus nuair a ṫáinic an sluaġ, ṫoisiġ siad a iarraiḋ air do réir mar ġníoḋ sé i gcóṁnaiḋe dóiḃ.
9Agus duḃairt Pioláit leo, ġá ḃfreagairt: An toil liḃ go leigfinn saor díḃ rí na n-Iúdaċ?
10Óir ḃí a ḟios aige gur tré ṫnúṫ a ṫug na h-árdṡagairt suas é.
11Aċt ḃrostuiġ na sagairt an sluaġ ċun gurḃ é Barabbas a leigfeaḋ sé saor dóiḃ.
12Agus duḃairt Pioláit leo arís,#Mait. 27, 22; Lúc. 23, 14. ġá ḃfreagairt: Cad é, mar sin, is mian liḃ go ndéanfainn le ríġ na n-Iúdaċ?
13Agus scairt siad amaċ arís: Céas é.#Eoin 18, 40.
14Aċt duḃairt Pioláit leo: Agus cad é an t-olc a rinne sé? Aċt ba ṁó go mór a scairt siad amaċ: Céas é.
15Agus mar gur ṁian le Pioláit an pobal a ṡásaṁ, leig sé saor Barabbas dóiḃ, agus i ndiaiḋ Íosa a sciúrsáil, ṫug sé suas ċun a ċéasta é.
16Agus ṫug na saiġdiuirí#Mait. 27, 27; Eoin 19, 2. isteaċ i halla na cúirte é, agus cruinniġeann siad le ċéile an ḃuiḋean go h-iomlán.
17Agus cuireann siad éadaċ corcra air, agus ag snaiḋmeaḋ coróin spíona dóiḃ, cuireann siad air í.
18Agus ṫoisiġ siad a ḃeannuġaḋ dó: Go ṁbeannuiġṫear duit, a rí na n-Iúdaċ.
19Agus ḃuail siad a ċeann le giolcaċ agus ċaiṫ siad seilogaí air, agus ag cromaḋ a nglún dóiḃ, rinne siad uṁluġaḋ dó.
20Agus i ndiaiḋ magaḋ a ḋéanaṁ faoi, ḃain siad an t-éadaċ corcra de, ċuir air a ċuid éadaiġ féin, agus rug leo amaċ ċun a ċéasta é.
21Agus duine áiriṫe a ḃí ag dul ṫart,#Mait. 27, 32; Lúc. 23, 26. ag teaċt óʼn ḟeirm, Síomon as an Ċuiréin, aṫair Alastair agus Rufuis, ṫug siad air a ċros dʼiomċar.
22Agus ḃeir siad leo é go h-áit Ġolgota, is é sin le ráḋ, áit Ċalḃaire.
23Agus ṫug siad fíon meascṫa le miorr le h-ól dó, aċt níor ġlac sé é.
24Agus ġá ċéasaḋ dóiḃ, roinn siad a ċuid éadaiġ,#Mait. 27, 35; Lúc. 23, 34; Eoin 19, 23. ag caiṫeaṁ crann orṫa, féaċaint cad é ḃéarfaḋ gaċ aoinneaċ leis.
25Agus ḃí an tríoṁaḋ h-uair#15, 25 An tríoṁaḋ h-uair. Roinneaḋ an sean-ċunntas an lá ina ċeiṫre trátanna, agus dʼainmniġtí gaċ tráṫ ar an uair le n-a dtoisiġeaḋ sé: an ċéad uair, an tríoṁaḋ h-uair, an seiseaḋ h-uair, agus an naoṁaḋ h-uair. Céasaḋ ár dTiġearna tamall beag roiṁ ṁeaḋón lae, sul an ċríoċnuiġ an tríoṁaḋ h-uair, aċt nuair a ḃí an seiseaḋ h-uair ar tí toiseaċta. ann, agus ċéas siad é.
26Agus ḃí tiodal a ċúise scríoḃṫa: RÍ NA n-IÚDAĊ.
27Agus céasann siad ḋá ġadaiḋe mar aon leis, duine ar a ḋeis agus an duine eile ar a ċlí.
28Agus cóiṁlíonaḋ an scrioptúir a deir: Agus h-airṁiġeaḋ é le cuirpṫiġ.#Isaias 53, 12.
29Agus na daoine a ċuaiḋ ṫart, ṫug siad diaṁasla dó, ag craṫaḋ a gceann, agus ag ráḋ:#Eoin 2, 19. Ḃeá, tusa a leagas teampall Dé agus a ṫógas arís é i gcionn ṫrí lá:
30Saor ṫú féin, agus tar anuas deʼn ċrois.
31Agus mar an gcéadna rinne na h-árdṡagairt magaḋ faoi agus deireaḋ siaḋ féin agus na Scríoḃaiḋṫe le n-a ċéile: Ṡáḃáil sé daoine eile, agus ní ṫig leis é féin a ṡáḃáil.
32Taraḋ an Críost, Rí Israéil, anuas deʼn ċrois anois, go ḃfeicimíd agus go gcreidimíd. Agus iad-san a céasaḋ i n-aoinḟeaċt leis, ṫug siad aċṁusán dó.
33Agus nuair a ḃí an seiseaḋ h-uair ann ṫáinic dorċaḋas ṫar an talaṁ go h-iomlán go dtí an naoṁaḋ h-uair.
34Agus ar an naoṁaḋ h-uair scairt Íosa amaċ de ġuṫ árd, ag ráḋ: Eloi, Eloi, lamma sabacthaní?#Sailm 21, 2; Mait. 27, 46. Is é sin le ráḋ: A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé?
35Agus cuid dá raiḃ ina seasáṁ ann, agus a ċuala, duḃairt siad: Féaċ, tá sé ag glaoḋaċ ar Elías.
36Agus riṫ duine, agus ag líonaḋ maċduail le fínéigir agus ġá ċur ṫart ar ġas cuiscriġe dó, ṫug sé dó le h-ól é, ag ráḋ: Leigigiḋ dó, feicimís an dtiocfaiḋ Elías le n-a ṫógáil anuas.
37Agus scairt Íosa amaċ de ġuṫ árd agus fuair sé bás.
38Agus réabaḋ brat an teampaill ina ḋá ċuid ó ḃárr go bun.
39Aċt nuair a ċonnaic an ceanntúir, a ḃí ina ṡeasaṁ ós a ċóṁair, go ḃfuair sé bás agus é ag glaoḋaċ mar siúd, duḃairt sé: Bʼé Mac Dé go fíor an duine seo.
40Agus ḃí mná#Mait. 27, 55. ann fosta ag féaċaint air i ḃfad uaiḋ, ar a raiḃ Máire Magdailéin, agus Máire, máṫair Ṡéamuis Ḃig agus Ióseṗ, agus Salome.
41Agus nuair a ḃí sé san Ġailile, lean siad é#Lúc. 8, 2. ag freastal air, agus mórán eile ban a ċuaiḋ suas i n-aoinḟeaċt leis go h-Ierusalem.
42Agus nuair a ḃí sé ċeana féin ina ṫráṫnóna mall (mar go raiḃ an t-ullṁuġaḋ ann, is é sin, an lá roiṁ an tsabóid),
43Ṫáinic Ióseṗ ó Arimatéa,#Mait. 27, 57; Lúc. 23, 50; Eoin 19, 38. cóṁairleaċ uasal, a raiḃ súil aige-sean fosta le ríoġaċt Dé, agus ċuáiḋ sé isteaċ go dána ċuig Pioláit gur iarr sé corp Íosa.
44Agus ḃí iongantas ar Ṗioláit go mbéaḋ sé ċeana féin marḃ. Agus cuir sé fá ċoinne an ċeanntúra agus dʼḟiafruiġ de an raiḃ sé marḃ ċeana féin.
45Agus nuair a ṫuiġ sé óʼn ċeanntúir go raiḃ, ḃronn sé an corp ar Ióseṗ.
46Agus ċeannuiġ Ióseṗ línéadaċ, agus ġá ṫaḃairt anuas, ċuaċ sé san línéadaċ é, agus leag sé é i dtuamba a ḃí gearrṫa amáċ as carraig, agus ṫionntuiġ sé cloċ ar ḃéal an tuamba.
47Agus ḃí Máire Magdailéin agus Máire, máṫair Ióseṗ, ag féaċaint ar an áit i n-ar cuireaḋ é.
Currently Selected:
Marcus 15: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland