Marcus 16
16
Caibidil XVI
Eiséirġe agus deasgaḃáil Ċríost
1Agus nuair a ḃí an tsabóid ṫart,#Mait. 28, 1; Lúc. 24, 1; Eoin 20, 1. ċeannuiġ Máire Magdailéin agus Máire, máṫair Ṡéamuis, agus Salome spíosraiḃe cuṁra le ṫeaċt agus Íosa dʼungaḋ.
2Agus go fíor-luaṫ ar maidin, an ċéad lá deʼn tseaċtṁain, tig siad ċun an tuamba i ndiaiḋ éirġe na gréine#16, 2 I ndiaiḋ éirġe na gréine. Ḃog siad leo amaċ le dul ċuig an tuamba sul a raiḃ sé ina ṡolus: aċt ḃí an ġrian ina suiḋe nuair a ṡroiċ siad an tuamba. Nó, i ḃfígiúir, tá tagairt annseo do Ġréin ha Córa, Íosa Críost, ár dTiġearna, a ḃí tar éis éirġe óʼn ḃás sul a dtáinic siad..
3Agus ḃí siad ag ráḋ le n-a ċéile: Cé ṫionntóċas an ċloċ dúinn ó ḃéal an tuamba?
4Agus ag aṁarc dóiḋ, ċonnaic siad an ċloċ tionntuiġṫe. Óir ḃí sí an-ṁór.
5Agus ag dul isteaċ san tuamba dóiḃ, ċonnaic#Mait. 28, 5; Lúc. 24, 4; Eoin 20, 12. siad fear óg ina ṡuiḋe ar an taoiḃ ḋeis, agus culaiṫ ġeal air, agus ḃí iongantas orṫa.
6Agus deir seisean leo: Ná bíoḋ eagla oraiḃ. Tá siḃ ag cuartuġaḋ Íosa as Nasair, a céasaḋ. Dʼéiriġ sé; ní ḟuil sé annseo; feicigiḋ an áit i n-ar ċuir siad é.
7Aċt imṫiġigiḋ, agus innsigiḋ dá ḋeisciobail agus do Ṗeadar, go ḃfuil sé ag dul róṁaiḃ ċun na Gailile; tċífiḋ siḃ annsin é#Marc. 14, 28., mar a duḃairt sé liḃ.
8Aċt dʼimṫiġ siad-san amaċ agus ṫeiċ siad óʼn tuamba; óir ṫáinic criṫ agus uaṫḃás orṫa agus níor innis siad dadaṁ do ḋuine ar biṫ; óir ḃí eagla orṫa.
9Aċt dʼéiríġ seisean ar maidin,#Eoin 20, 16. an ċéad lá deʼn tseaċtṁain, agus ṫaisbeán sé é féin ar dtús do Ṁáire Magdailéin, as ar ṫeilg sé amaċ seaċt ndeaṁain.
10Dʼimṫiġ sise agus dʼinnis doʼn ṁuinntir a ḃíoḋ ina ċuid-eaċta, agus a ḃí ag caoineaḋ agus ag gol.
11Agus nuair a ċuala siad-san go raiḃ sé beo agus go ḃfaca sise é, níor ċreid siad.
12Agus ina ḋiaiḋ sin ṫaisbeán sé é féin i gcruṫ eile do ḃeirt#Lúc. 24, 13. acu ar a siuḃal, agus iad ag dul amaċ san tír.
13Agus dʼimṫiġ siad-san gur innis é doʼn ċuid eile: aċt níor ċreid siad iad-san aċt a oiread.
14Fá ḋeireaḋ ṫaisbeán sé é féin doʼn aon ḟear déag nuair a ḃí siad ag glacaḋ bíḋ, agus dʼaiṫḃriġ sé a ndíċreideaṁ agus a gcruaḋas croiḋe orṫa, de ḃríġ nár ċreid siad iad-san a ċonnaic é i ndiaiḋ a eiséirġe.
15Agus duḃairt sé leo: Imṫiġigiḋ ar fud an doṁain go léir, agus déanaigiḋ an Soiscéal a ṡeanmóir doʼn uile ċréatúir.
16An té a ċreidfeas agus a ḃaistfear, slánóċar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, damnóċar é.
17Agus leanfaiḋ na cóṁarṫaí seo an dream a ċreidfeas: Cuirfiḋ siad amaċ#Gníoṁ. 16, 18. deaṁain i mʼainm-se, laḃarfaiḋ siad le teangaċa nua.#Gníoṁ. 2, 4 agus 10, 46.
18Tógfarḋ siad naiṫreaċa niṁe#Gníoṁ. 28, 5.; agus má ólann siad rud marḃṫaċ ar biṫ, ní ḋéanfaiḋ sé doċar dóiḃ; cuirfiḋ siad a láṁa ar ḋaoine breoiḋte,#Gníoṁ. 28, 8. agus béiḋ biseaċ orṫa.
19Agus i ndiaiḋ é laḃairt leo, tógaḋ an Tiġearna Íosa suas ar neaṁ, agus tá sé ina ṡuiḋe ar ḋeis Dé.#Lúc. 24, 51.
20Aċt dʼimṫiġ siad-san leo, ag seanmóireaċt san uile áit, agus an Tiġearna ag cóṁoibriuġad leo agus ag taḃairt dearḃaċta dá mbriaṫar leis na míorḃailte a lean dóiḃ.
Currently Selected:
Marcus 16: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland