Lúcas 1
1
Caibidil I
Gaḃáil Eoin Baiste agus gaḃáil Ċríost: cuairt agus caincic na Maiġdine Beannuiġṫe Muire: teaċt ar an tsaoġal do Eoin Baiste, agus caintic Ṡacaire.
1De ḃríġ gur ġlac mórán as láiṁ cunntas a ṫaḃairt as éadan a ċéile ar na neiṫe a cóiṁlíonaḋ i n-ár measc,
2Do réir mar fuaireaṁar iad uaṫa sin a ḃí ó ṫús iad féin ina ḃfiaḋnaisiġ agus ina ḃfrioṫálaiḋṫe ar an ḃriaṫar.
3Ċonnacṫas dáṁ-sa fosta, a Ṫeoifil oirḋeirc, i ndiaiḋ fios d’ḟaġáil go díḃirceaċ ar gaċ níḋ ó ṫús báire, go scríoḃfainn duit iad as éadan a ċéile.
4Ionnas go mbéaḋ a ḟios agat fírinne na mbriaṫar sin a múineaḋ duit.
5Le linn Ioruaiḋ, rí Iudaia, ḃí sagart áiriṫe ann darḃ ainm Sacaire, de ṡeal Abia#1, 5 De ṡeal Abia. Is é sin, de rang Abia, agus glactar an focal sin san Ġréigis de ġnáṫ ċun obair aoin lae aṁáin a ċialluġaḋ: aċt annseo cialluiġeann sé obair seaċtṁaine. Óir, do réir mar ṡocruiġ Dáiḃiḋ (1 Par. 24), roinneaḋ slióċt Aaroin ina gceiṫre dteaġlaiġ fiċead, agus ḃí teaġlaċ Abia ar an oċtṁaḋ cionn acu sin. Ba de síolraḋ Abia Sacaire, agus ḃí a ṡeal-sean ann an tseaċtṁain seo ċun a ḋualgas sagairṫ a ḋéanaṁ.,#1 Par. 24, 10. agus ba de ṡlioċt Aaroin a ḃean, agus Elisabet ab ainm dí.
6Agus ḃí siad araon cóir i láṫair Dé, ag siuḃal gan ċáim do réir aiṫeanta agus deasġnáṫa an Tiġearna go h-iomlán.
7Agus ní raiḃ aon duine cloinne acu, óir ḃí Elisabet aimrid, agus ḃí an ḃeirt Siar go maiṫ i mbliaḋanta.
8Agus ṫárla, nuair a ḃí a ḋualgas sagairt dá ḋéanaṁ aige ar a ṡeal ós cóṁair Dé,
9Gur ṫuit sé ar a ċrann, do réir nós na sagartaċta, túis d’ofráil, ar ḋul isteaċ i dteampall an Tiġearna dó;
10Agus ḃí an sluaġ daoine uilig ag guide taoḃ amuiġ ag uair na túise.#Ecs. 30, 7; Leiḃ. 16, 17.
11Agus taiḋḃsiġeaḋ dó aingeal an Tiġearna ina ṡeasaṁ ar an taoiḃ ḋeis de altóir na túise.
12Agus nuair a ċonnaic Sacaire é ċuaiḋ sé fríd a ċéile, agus ṫáinic eagla air.
13Aċt duḃairt an t-aingeal leis: Ná bíoḋ eagla ort, a Ṡacaire, óir h-éisteaḋ do urnaiġe; agus béarfaiḋ do ḃean, Elisabet, mac duit, agus ḃéarfaiḋ tú Eoin mar ainm air.
14Agus béiḋ lúṫġáir agus áṫas ort, agus béiḋ lúṫġáir ar ṁórán fá n-a ṫeaċt ar an tsaoġal.
15Agus béiḋ sé mór i láṫair an Tiġearna, agus ní ólfaiḋ sé fíon ná deoċ ṁeisceaṁail, agus béiḋ sé lán de’n Spiorad Naoṁ fiú ó ḃroinn a ṁáṫar.
16Agus tionntóċaiḋ sé mórán de ċloinn Israéil ċuig a dTiġearna Dia.
17Agus raċaiḋ seisean roiṁe i Spiorad agus i gcuṁaċt Elíais,#Mal. 4, 6; Mait. 11, 14. ċun croiḋṫe na n-aiṫreaċ a ṫionntóḋ ar a gcloinn, agus na díċreidṁiġ ar eagna na ḃfíréan, le pobal cóir d’ullṁuġaḋ do’n Tiġearna.
18Agus duḃairt Sacaire leis an aingeal: Cad é mar ḃéas a ḟios seo agam? óir is seanduine mise, agus tá mo ḃean an-aosta.
19Agus duḃairt an t-aingeal leis, ġá ḟreagairt: Is mise Gabriél, a ṡeasas ós cóṁair Dé, agus cuireaḋ mé a laḃairt leat agus d’innse na scéala maiṫe seo duit.
20Agus féaċ, béiḋ tú gan ċainnt agus ní ḃéiḋ tú ábalta laḃairt go dtí an lá ina dtárlóċaiḋ na neiṫe seo, de ḃríġ nár ċreid tú mo ḃriaṫra-sa, a ċóiṁlíonfar ina n-am féin.
21Agus ḃí na daoine ag feiṫeaṁ le Sacaire, agus ḃí iongantas orṫa é ḃeiṫ ag déanaṁ moille san teampall.
22Agus ar ṫeaċt amaċ dó, ní raiḃ sé ábalta laḃairt leo, agus ḃí a ḟios acu go ḃfaca sé raḋarc san teampall. Agus ḃí sé ag déanaṁ cóṁarṫaí dóiḃ, agus ṁair sé balḃ.
23Agus ṫárla, nuair a ḃí laeṫe a ḋualgais cóiṁlíonta, gur imṫiġ sé ċun a ṫiġe féin.
24Agus i ndiaiḋ na laeṫe sin ġaḃ a ḃean, Elisabet, ina broinn, agus d’ḟoluiġ sí í féin ar feaḋ ċúig míos, ag ráḋ:
25Is mar seo a rinne an Tiġearna liom ins na laeṫe i n-ar ḋearc sé orm ċun mo aċṁusán ós cóṁair na ndaoine a ṫógáil díom.
26Agus san tseiseaḋ mí, cuireaḋ an t-Aingeal Gabriél ó Ḋia go caṫair de’n Ġailile, darḃ ainm Nasair,
27Ċuig óiġ a ḃí luaiḋte le fear, arḃ ainm dó Ióseṗ, de ṫeaġlaċ Ḋáiḃiḋ; agus ba Muire ainm na h-óiġe.
28Agus ṫáinic an t-aingeal isteaċ ċuice, agus duḃairt léi: Dia do ḃeaṫa-sa, atá lan de ġrásta; tá an Tiġearna leat; is beannuiġṫe ṫú eadar na mná.
29Agus nuair a ċuala sí sin, ċuir a ċainnt trioblóid uirṫí, agus ḃí sí ag meaḃruġaḋ cad é ba ċiall leis an ḃeannuġaḋ siúd.
30Agus duḃairt an t-aingeal léi: Ná bíoḋ eagla ort, a Ṁuire, óir fuair tú grásta i láṫair Dé.
31Féaċ, gaḃfaiḋ#Isaias 7, 14. tú i do ḃroinn, agus ḃéarfaiḋ tú mac ar an tsaoġal, agus ḃéarfaiḋ tú Íosa mar ainm air.
32Béiḋ sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia dó caṫaoir Ḋáiḃiḋ, a aṫair, agus béiḋ sé ina ríġ i dteaġlaċ Iacóib a ċoiḋċe,#Dan. 7, 14 agus 27; Miċeas 4, 7.
33Agus ní ḃéiḋ deireaḋ le n-a ríoġaċt.
34Agus duḃairt Muire leis an aingeal: Cad é mar ḃéas sin aṁlaiḋ, óir ní ḟuil aiṫne fir agam-sa?
35Agus duḃairt an t-aingeal léi, ġá freagairt: Tiocfaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an té is Áirde ṫú. Dá ḃríġ sin fosta, an Neaċ Naoṁṫa a ḃéarfas tú ar an tsaoġal, goirfear Mac Dé de.
36Agus féaċ, do ḃean ġaoil, Elisabet, ġaḃ sise fosta mac agus í aosta, agus seo an seiseaḋ mí díṫe-se a dtugtar aimrid uirṫí;
37Óir ní ḃéiḋ níḋ ar biṫ do-ḋéanta ag Dia.
38Agus duḃairt Muire: Féaċ, baintsearḃónta an Tiġearna; go ndéantar liom do réir do ḃriaṫair. Agus d’imṫiġ an t-aingeal uaiṫe.
39Agus d’éiriġ Muire ins na laeṫe sin, agus ċuaiḋ sí fá ḋeifre ċun na sléiḃte go caṫair de ċuid Iúda.
40Agus ċuaiḋ sí isteaċ go tiġ Ṡacaire, agus ḃeannuiġ sí do Elisabet.
41Agus ṫárla, nuair a ċuala Elisabet beannuġaḋ Ṁuire, gur ḃíoḋg an naoiḋeanán ina broinn, agus líonaḋ Elisabet leis an Spiorad Naoṁ,
42Agus laḃair sí de ġuṫ árd, agus duḃairt: Is beannuiġṫe ṫú eadar mná, agus is beannuiġṫe toraḋ do ḃronn.
43Agus cad é mar d’éiriġ seo daṁ-sa, go dtigeaḋ máṫair mo Ṫiġearna ċugam?
44Óir féaċ, nuair a ṫáinic fuaim do ḃeannuiġṫe i mo ċluasa, ḃíoḋg an naoiḋeanán le lúṫġáir i mo ḃroinn.
45Agus is ḃeannuiġṫe ṫusa a ċreid, óir cóiṁlíonfar na neiṫe a duḃairt an Tiġearna leat.
46Agus duḃairt Muire: Mórann m’anam-sa an Tiġearna,
47Agus ḃain mo Spiorad aoiḃneas as Dia mo Slánuiġṫeoir,
48Óir ḋearc sé ar ísleaċt a ḃaintsearḃónta. Óir féaċ, as seo suas goirfiḋ an uile ġlúin beannuiġṫe díom#1, 48 Goirfiḋ an uile ġlúin beannuiġṫe díom. Réiṁinnse na focla seo ar an onóir a ḃi an Eaglais le taḃairt i ngaċ aois do’n Ṁaiġdoin Ḃeannuiġṫe. Dearcaḋ na Protastúnaiġ má ḃaineann an tairngireaċt seo leo féin ar ḋoiġ ar biṫ.,
49De ḃríġ go ndearna an té atá cuṁaċtaċ neiṫe móra daṁ, agus is naoṁṫa a ainm,
50Agus bíonn a ṫrócaire ó ṡlioċt go slioċt do’n ṁuinntir ar a mbíonn a eagla.
51D’oibir sé cuṁaċt#Isaias 51, 9; Sailm 32, 10. le n-a láiṁ; scaip sé luċt an díomais i sotal a gcroiḋe.
52Leag sé luċt na cuṁaċta as a gcaṫaoireaċa, agus d’árduiġ sé an dream íseal.
53Líon sé le neiṫe maiṫe#1 Ríġ. 2, 5; Sailm 33, 11. an méid a raiḃ ocras orṫa, agus ċuir sé na saiḋḃre ar ṡiuḃal folaṁ.
54Ġlac sé ċuige Israél, a ṡearḃónta, ag cuiṁniuġaḋ dó ar a ṫrócaire,
55Do réir mar laḃair sé le n-ár n-aiṫreaċa,#Gein. 17, 9, agus 22, 16; Sailm 131, 11; Isaias 41, 8. le h-Abraham agus le n-a ṡíol go deo.
56Agus d’ḟan Muire aice tuairim ar ṫrí ṁí, agus ṗill sí ċun a tiġe féin.
57Agus ṫáinic am Elisabet ċun a gein a ṫaḃairt uaiṫe, agus rug sí mac.
58Agus ċuala a cóṁarsain agus a gaolta go ndearna an Tiġearna a ṁór-ṫrócaire uirṫí, agus rinne siad cóṁġáirdeaċas léi.
59Agus ṫárla ar an oċtṁaḋ lá go dtáinic siad leis an naoiḋ-eanán a ṫimċeallġearraḋ, agus ḃí siad ag dul a ainmniuġaḋ ar ainm á aṫair, Sacaire.
60Agus d’ḟreagair a ṁáṫair agus duḃairt: Ní h-eaḋ ar ċor ar biṫ, aċt Eoin a ḃéarfar air.
61Agus duḃairt siad léi: Ní ḟuil aoinneaċ de do ċineaḋ a ngoirtear an t-ainm sin de.
62Agus rinne siad cóṁarṫa dá aṫair, cad é ba ṁian leis go dtaḃarfaiḋe air mar ainm.
63Agus ag iarraiḋ clár scríoḃṫa dó, scríoḃ sé, ag ráḋ: Is é Eoin a ainm. Agus ḃí iongantas orṫa uilig.
64Agus ar an ḃall fosclaḋ a ḃéal agus a ṫeanga, agus laḃair sé ag molaḋ Dé.
65Agus ṫáinic eagla ar a gcóṁarsain go h-uile, agus h-innseaḋ na neiṫe seo uilig ar fud sléiḃte Iudaia ar fad.
66Agus gaċ uile duine dár ċuala é, ċongḃuiġ sé ina ċroiḋe é, ag ráḋ: Cad é an seort, dar leat, a ḃéas san ġasúr sin? Óir ḃí láṁ an Tiġearna leis.
67Agus líonaḋ a aṫair, Sacaire, leis an Spiorad Naoṁ, agus rinne sé fáiḋeadóireaċt, ag ráḋ:
68Go moltar an Tiġearna,#Sailm 73, 12. Dia Israéil, óir ṫug sé cuairt agus fu ascailt ar a ṗobal,
69Agus ṫóg sé aḋarc#Sailm 131, 17. ṡlánuiġṫe#1, 69 Aḋarc ṡlánuiġṫe. Slánuġaḋ cuṁaċtaċ, mar aistriġeann an Dr. Weṫem é. San Scrioptúir, cialluiġeann aḋarc neart nó cuṁaċt. dúinn i dtiġ Ḋáiḃiḋ, a ṡearḃónta,
70Do réir mar laḃair sé tré ḃéal a ḟáiḋ#Ier. 23, 6, agus 30, 10. naoṁṫa a ḃí ann ó ṫús an tsaoġail:
71Go saorfaḋ sé sinn ó n-ár náiṁde, agus ó láiṁ gaċ aoin dá dtug fuaṫ dúinn,
72Go ndéanfaḋ sé trócaire ar ár n-aiṫreaċa, agus a ċonnraḋ naoṁṫa a ċuiṁniuġaḋ;
73An mionna,#Gein. 22, 16; Ier. 31, 22; Eaḃ. 6, 13 agus 17. le n-ar ṁiónnuiġ sé do Abraham, ár n-aṫair, go dtaḃarfaḋ sé dúinn,
74Ar ḃeiṫ dúinn gan eagla, agus saor ó láiṁ ár náṁad, seirḃís a ḋéanaṁ dó
75I naoṁṫaċt agus i ḃfíréantaċt ina láṫair gaċ lá dár saoġal.
76Agus tusa, a leinḃ, goirfear fáiḋ an té is áirde díot; óir raċaiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Tiġearna le n-a ṡliġṫe d’ullṁuġaḋ,
77Le h-eolas slánuiġṫe#Mal. 4, 5. a ṫaḃairt dá ṗobal ċun maiṫeaṁnas a bpeacaiḋe,
78Tré ṁór-ṫrócaire ár nDé, le n-a dtug lonnraḋ na maidne#1, 78 Lonnraḋ na maidne. Caṁaoir (Oriens; san Laidin): tiodal de ċuid an Ṁessíais, fíor-ṡolus an doṁain, agus grian na córa.#Sac. 3, 9, agus 6, 12; Mal. 4, 2. ó neaṁ cuairt orainn,
79A ṫaḃairt soluis dóḃṫa sin atá ina suiḋe i ndorċadas agus i scáile an ḃáis, agus ár gcosa a ḋíriuġaḋ ar ṡliġe na síoṫċána.
80Agus d’ḟás an leanḃ agus neartuiġeaḋ i spiorad é, agus ḃíoḋ sé ins na fásaiġ go dtí an lá i n-ar ḟoillsiġ sé é féin do Israél.
Currently Selected:
Lúcas 1: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland