YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 2

2
Caibidil II
Teaċt ar an tsaoġal do Ċríost: a ofráil san teampall: tairn-gireaċt Ṡimeoin. Ġeiḃṫear Críost i n-aois a ḋá ḃliaḋan déag san teampall imeasc na ndoctúirí.
1Agus ṫárla ins na laeṫe sin go ndeaċaiḋ órduġaḋ amaċ ó Ċaesar August go ndéanfaiḋe áireaṁ ar an doṁan go léir.
2B’é Curínus, uaċtarán na Síre, a rinne an t-áireaṁ seo i gcéaduair.
3Agus ċuarḋ na daoine go léir ċun go ndéantaí iad d’áireaṁ, gaċ aoinneaċ go dtí a ċaṫair féin.
4Agus ċuaiḋ Ióseṗ fosta suas as an Ġailile, ó ċaṫair na Nasaire, go h-Iudaia, go caṫair Ḋáiḃiḋ,#1 Ríġ. 20, 6. ar a dtugtar Beiṫil,#Miċeas 5, 2; Mait. 2, 6. siocair gurḃ de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Ḋáiḃiḋ é,
5Ċun go ndéantaí a áireaṁ i n-aoinḟeaċt le Muire, a ḃainċéile, a ḃí ag iomċar cloinne.
6Agus ṫárla, nuair a ḃí siad annsin, go dtáinic a h-am ċun an leanḃ a ṫaḃairt ar an tsaoġal.
7Agus rug sí a céid-ġein#2, 7 A céid-ġein. Ní h-ionann sin agus a ráḋ go raiḃ aon duine eile cloinne aice ina ḋiaiḋ sin. Ḃí sé ina nós cainnte ag na h-Eaḃnaiġ céid-ġein a ṫaḃairt ar leanḃ, agus gan aċt an leanḃ sin ar an ṁuiriġin. Féaċ nóta ar Mait. 1, 25. mic, agus ċuaċ sí i n-éadaċ ceangail é, agus leag sí i mainséar é, mar naċ raiḃ áit ar biṫ fá n-a gcoinne san tiġ ósta.
8Agus san ċeanntar ċéadna ḃí aoḋairí ag faire agus ag congḃáil a dtráṫ oiḋċe ar a dtréada.
9Agus féaċ, ṫáinic aingeal ó’n Tiġearna gur ṡeasuiġ se i n-aice leo, agus las solus Dé ṫart fá dtaoiḃ díoḃ, agus ṫáinic eagla ṁór orṫa.
10Agus duḃairt an t-aingeal leo: Ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir féaċ, ḃeirim scéala maiṫ díḃ fá lúṫġáir ṁóir atá le ṫeaċt ċuig na daoine go léir;
11Óir tá Slánuiġṫeoir, is é sin le ráḋ, Críost, an Tiġearna, beirṫe díḃ indiu i gcaṫair Ḋáiḃiḋ.
12Agus béiḋ seo ina ċóṁarṫa agaiḃ: ġeoḃaiḋ siḃ an leanḃ cuaċta i n-éadaċ ceangail agus é ina luiġe i mainséar.
13Agus i dtoibinne ḃí i gcuideaċta an aingil sluaġ mór de luċt na ḃflaiṫeas ag molaḋ Dé agus ag ráḋ:
14Glóir do Ḋia i n-árd na ḃflaiṫeas, agus ar talaṁ síoṫċáin do luċt na déaġ-ṫola.
15Agus ṫárla, nuair a d’imṫiġ na h-aingle uaṫa ċun na ḃflaiṫeas, gur ḋuḃairt na h-aoḋairí le n-a ċéile: Téiġimís anonn go Beiṫil, go ḃfeicimíd an briaṫar seo a ṫárla, agus a d’ḟoillsiġ an Tiġearna dúinn.
16Agus ṫáinic siad fá ḋeifre, agus fuair siad Muire agus Ióseṗ, agus an leanḃ ma luiġe san ṁainséar.
17Agus nuair a ċonnaic siad, ṫuig siad an rud a duḃraḋ leo fá’n leanḃ seo.
18Agus na h-uile ḋaoine dár ċuala, ḃí iongantas orṫa fá na neiṫe a d’innis na h-aoḋairí dóiḃ.
19Agus ṫaisciġ Muire na briaṫra sin uilig, ġá mbreaṫnuġaḋ ina croiḋe.
20Agus ṗill na h-aoḋairí ag taḃairt glóire agus molta do Ḋia, mar ġeall ar a ḃfaca agus ar ar ċuala siad, do réir mar duḃraḋ leo.
21Agus nuair a críoċnuiġeaḋ na h-oċt laeṫe#Gein. 17, 12; Leiḃ. 12, 3. ċun an leanḃ a ṫimċeallġearraḋ, tugaḋ Íosa#Mait. 1, 21. mar ainm air, an t-ainm a ṫug an t-aingeal air sul ar gaḃaḋ é san ḃroinn.
22Agus nuair a ḃí laeṫe a glanta caiṫte#Leiḃ. 12, 6. do réir dliġe Ṁaoise, ṫug siad go h-Ierusalem é ċun é ċur i láṫair an Tiġearna,
23Do réir mar atá scríoḃṫa i ndliġe an Tiġearna: Gaċ fireann a ṫig as ḃroinn béiḋ sé naoṁṫa#Ecs. 13, 2; Uiṁ. 8, 16. do’n Tiġearna,
24Agus ċun gó dtaḃaraḋ siad an ofráil, mar atá ráiḋte i ndliġe#Leiḃ. 12, 8. an Tiġearna, cúpla colmán, nó ḋá ċolmán óga.
25Agus féaċ, ḃí duine i n-Ierusalem arḃ ainm dó Simeon, agus ḃí an duine sin cóir agus diaḋanta, agus é ag súil le sólás Israéil agus ḃí an Spiorad Naoṁ ann.
26Agus d’ḟoillsiġ an Spiorad Naóṁ dó naċ ḃfeicfeaḋ sé bás sul a ḃfeiceaḋ sé Críost an Tiġearna.
27Agus ṫáinic sé san Spiorad isteaċ san teampall. Agus nuair a ṫug a aṫair agus a ṁáṫair an leanḃ Íosa isteaċ le déanaṁ dó do réir nós an dliġe,
28Ġáḃ seisean ċuige ina uċt é, agus ṁol sé Dia, agus duḃairt:
29Anois, a Ṫiġearna, leigeann tú do do ṡeirḃíseaċ imṫeaċt fá ṡíoṫċáin do réir do ḟocail,
30Óir ċonnaic mo ṡúla do ṡlánuġaḋ,
31Rud a d’ullṁuiġ tú ós cóṁair an uile ṗobail,
32Solus ċun na ciniḋeaċa a ṡoillsiuġáḋ, agus glór do do ṗobal féin Israél.
33Agus ḃí a aṫair agus a ṁáṫair ag déanaṁ iongantais fá na neiṫe seo a duḃraḋ fá dtaoiḃ de.
34Agus ṫug Simeon a ḃeannaċt dóiḃ, agus duḃairt sé le Muire, a ṁáṫair: Féaċ, tá sé i ndán dó seo a ḃeiṫ ma ċúis ṫuitime#2, 34 ċúis ṫuitime. Ṫáinic Críost leis an ċineaḋ daonna go h-iomlán a ṡlánuġaḋ. Aċt ġní Simeon tairngireaċt ar an rud a tárlóċaḋ: tré ḃeiṫ dall agus dúr go toilteannaċ, ḃéaḋ mórán ann naċ gcreidfeaḋ i gCríost agus naċ nglacfaḋ le n-a ṫeagasc, agus béaḋ an diúltaḋ sin ina ċúis ṫuitime dóib; aċt béaḋ Críost ina ċúis eiséirġe do’n méid a ċreidfeaḋ ann agus a ḋéanfaḋ a aiṫeanta a ċóiṁlíonaḋ.#Isaias 8, 14; Róṁ. 9, 33; 1 Pead. 2, 7. agus ma ċúis eiséirġe ag mórán i n-Israél, agus ma ċóṁarṫa a gcuirfear ma aġaiḋ;
35Agus raċaiḋ claiḋeaṁ fríd d’anam féin, ionnas go noċttar smaointe as mórán croiḋṫe.
36Agus ḃí banḟáiḋ ann, Anna, inġean Ṗanueil, de ṫreiḃ Aser; ḃí sí siar go mór i mbliaḋanta, agus ḃí sí i ndiaiḋ seaċt mbliaḋna a ċaiṫeaṁ le n-a fear ó ḃí sí ina h-óiġ.
37Agus ḃí sí ina baintreaḃaiġ go h-aois a ceiṫre scór agus ceiṫre bliaḋna, agus ní ḟágaḋ sí an teampall, aċt ag taḃairt seirḃíse do Ḋia lá agus oiḋċe le troscaḋ agus urnaiġe.
38Agus ag teaċṫ i laṫair díṫe-se an uair ċéadna, d’adṁuiġ sí an Tiġearna, agus laḃair sí air le gaċ duine dá raiḃ ag dréim le fuasclaḋ Israéil.
39Agus nuair a ḃí gaċ níḋ cóiṁlíonta acu do réir dliġe an Tiġearna, ṗill siad go dtí an Ġailile, go Nasair, a gcaṫair féin.
40Agus d’ḟás an gasúr, agus d’éiriġ sé láidir, lán d’eagna; agus ḃí grásta Dé ann.
41Agus ṫéiġeaḋ a aṫair agus a ṁáṫair go h-Ierusalem gaċ bliaḋain#Ecs. 23, 15, agus 34, 18; Deut. 16, 1. lá sollaṁanta na Cásca.
42Agus nuair a ḃí sé ḋá ḃliaḋain déag d’aois ċuaiḋ siad suas go h-Ierusalem do réir nós na féile,
43Agus nuair a ḃí na laeṫe caiṫte agus iad ag pilleaḋ, d’ḟan an páiste, Íosa, i n-Ierusalem, agus ní raiḃ a ḟios sin ag a ṁuinntir.
44Agus mar gur ṁeas siad é a ḃeiṫ san ċuideaċta, ṫáinic siad siuḃal lae, agus ċuir siad a ṫuairisc imeasc a ngaolta agus a luċt aiṫeantais.
45Agus mar naċ ḃfuair siad é, ṗill siad go h-Ierusalem ar a lorg.
46Agus ṫárla, i gcionn na dtrí lá, go ḃfuair siad san teampall é ina ṡuiḋe imeasc na ndoctúirí ag éisteaċt leo agus ġá gceistiuġaḋ.
47Agus ḃí iongantas ar a raiḃ ag éisteaċt leis fá n-a eagna agus fá n-a ḟreagraċa.
48Agus nuair a ċonnaic siad-san é, ḃí iongantas orṫa. Agus duḃairt a ṁáṫair leis: A ṁic, cad ċuige a ndearna tú seo orainn? Féaċ, ḃí mise agus do aṫair fá ḃrón do ċuartuġaḋ.
49Agus duḃairt seisean leo: Cad ċuige a raiḃ siḃ mo ċuartuġaḋ? Naċ raiḃ a fios agaiḃ go ḃfuil agam-sa le ḃeiṫ ag gaḃáil do na neiṫe a ḃaineas le m’Aṫair?
50Agus níor ṫuig siad-san an focal a duḃairt sé leo.
51Agus ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinic sé go Nasair, agus ḃí sé uṁal dóiḃ. Agus ċongḃuiġ a ṁáṫair na focail sin uilig ina croiḋe.
52Agus ċuaiḋ Íosa ar aġaiḃ i n-eagna, i n-aois, agus i ngrásta i láṫair Dé agus daoine.

Currently Selected:

Lúcas 2: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in