Lúcas 3
3
Caibidil III
Seanmóireaċt Eoin: baisteann sé Críost.
1Agus san cúigeaḋ bliaḋain déag d’impireaċt Ṫibériuis Caesar, nuair a ḃí Point Pioláit ina uaċtarán ar Iudaia, Ioruaḋ ina ṫeatrarc ar an Ġailile, agus Pilip, a ḋearḃráṫair, ina ṫeatrarc ar Iturea agus ar ċríoċa Ṫraṫonítis, Lusanias ina ṫeatrarc ar an Aibiléin,
2Le linn Annas agus Caiṗas#Gníoṁ. 4, 6. a ḃeiṫ ina n-árdṡagairt, ṫáinic briaṫar an Tiġearna ċuig Eoin, mac Ṡacaire, san ḟásaċ.
3Agus ṫáinic sé ar fud na gcríoċ go léir timċeall na h-Iordáine#Mait. 3, 1; Marc. 1, 4. ag teagasc baisteaḋ aiṫriġe ċun maiṫeaṁnas peacaiḋe,
4Mar atá scríoḃṫa#Isaias 40, 3; Eoin 1, 23. i leaḃar na ḃfocal a duḃairt Isaias, fáiḋ: Guṫ duine ag glaoḋaċ san ḟásaċ: Ullṁuiġigiḋ sliġe an Tiġearna: déanaigiḋ díreaċ a ċasáin.
5Líonfar gaċ gleann, agus ísleoċar gaċ sliaḃ agus cnoc; agus béiḋ an cam díreaċ, agus an garḃ ina ḃealaċ réiḋ,
6Agus tċífiḋ an uile ḟeoil slánuġaḋ Dé.
7Ar an aḋḃar sin duḃairt sé leis na sluaiġte a ċuaiḋ amaċ le baisteaḋ d’ḟaġáil uaiḋ: A ṡlioċt naiṫreaċ niṁe, cé ṁúin díḃ-se teiċeaḋ ó’n ḟeirg atá le ṫeaċt?#Mait. 3, 7, agus 23, 33.
8Taḃairigiḋ uaiḃ, dá ḃriġ sin, an toraḋ is dual do’n aiṫriġe, agus ná toisiġigiḋ a ráḋ: Tá Abraham ina aṫair againn. Óir deirim liḃ go dtig le Dia clann a ṫógáil do Abraham as na cloċa sin.
9Óir tá an tuaġ leagṫa ċeana féin ar bun na gcrann. Ar an aḋḃar sin, gaċ crann naċ dtaḃrann toraḋ maiṫ uaiḋ gearrfar agus caiṫfear san teiniḋ é.
10Agus d’ḟiafruiġ na sluaiġte de, ag ráḋ: Cad é mar sin atá le déanaṁ againn?
11Agus deir sé leo, ġá ḃfreagairt: An té a ḃfuil ḋá ċasóig aige, taḃaraḋ#Séamus 2, 15; 1 Eoin 3, 17. sé do’n té naċ ḃfuil aige, agus an té a ḃfuil biaḋ aige, déanaḋ sé mar an gcéadna.
12Agus ṫáinic puibliocánaiġ fosta le ḃaisteaḋ d’ḟaġáil, agus duḃairt siad leis: A Ṁáiġistir, cad é atá le déanaṁ againne?
13Agus duḃairt sé leo: Ná déanaigiḋ níos mó ná tá órduiġṫe díḃ.
14Agus ċeistiġ saiġdiuirí é fosta, ag ráḋ: Agus cad é tá le déanaṁ againne? Agus duḃairt sé leo: Ná scannruiġigiḋ aoinneaċ agus ná cuirigiḋ bréag ar aoinneaċ, agus bígiḋ sásta le ḃur dtuarastal.
15Agus ó ḃí na daoine ag breaṫnuġaḋ agus iad uilig ag meaḃ-ruġaḋ ina gcroiḋṫe fá dtaoiḃ de Eoin, arḃ ḟéidir gurḃ é an Críost é.
16D’freagair Eoin, ag ráḋ leo uilig: Tá mise ḃur mbaisteaḋ leoga le h-uisce,#Mait. 3, 11; Marc. 1, 8; Eoin 1, 26. aċt tiocfaiḋ neaċ is treise ná mé, naċ fiú mé iall a ḃróg a scaoileaḋ: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ,#Mait. 3, 11; Gníoṁ. 1, 5 agus 11, 16 agus 19, 4.
17Agus tá a ṡluasad ċáiṫte#Mait. 3, 12. iná láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a urlár, agus cruinneoċaiḋ sé an ċruiṫneaċt isteaċ ina scioból, aċt dóiġfiḋ sé an lóċán le teiniḋ ḋo-ṁúċta.
18Agus ag cóṁairliuġaḋ an ṗobail dó ċraoḃscaoil sé mórán neiṫe eile dóiḃ.
19Agus Ioruaḋ,#Mait. 14, 4; Marc. 6, 17. au teatrarc, nuair a d’aiṫḃriġ sé air Herodias bean a ḋearḃráṫar agus na h-uile eile uilig a rinne Ioruaḋ,
20Ċuir sé seo leo go léir, gur ḋruid sé Eoin i bpríosún.
21Agus ṫárla, nuair a ḃí na daoine uilig dá mbaisteaḋ, agus nuair a baisteaḋ Íosa agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ neaṁ,#Mait. 3, 16; Marc. 1, 10; Eoin 1, 32.
22Agus gur tuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt ċorporḋa mar ċolmán air, agus ṫáinic guṫ ó neaṁ: Is tú mo Ṁac múirneaċ, is ionnat atá mo ṁór-ṫaitneaṁ.#Mait. 3, 17, agus 17, 5; 2 Pead. 1, 17.
23Agus ḃí Íosa é féin ag toiseaċt fá ṫuairim a ḋeiċ mbliaḋan fiċead d’aois, agus é, mar a ṡíltí, ina ṁac ag Ióseṗ, mac Heli#3, 23 Mac Heli. Ṡíolruiġ Naoṁ Ióseṗ do réir nádúra ó Iacób (Mait. 1, 16), aċt do réir an dliġe ba ṁac do Helí é. Ba dearḃráiṫre, clann aon ṁáṫar, Helí agus Iacób. Fuair Helí, an té ba sine, bás gan slioċt, agus, mar a d’órduiġ ar dliġe, ṗós Iacób a ḃaintreaḃaċ. Dá réir sin, Ióseṗ, an mac a rugaḋ dó as an ċleaṁnas sin, measaḋ é ḃeiṫ, do réir an dliġe, ina ṁac ag Helí., mac Ṁatait,
24Mac leiḃí, mac Ṁelċí, mac Ianne, mac Ióseṗ,
25Mac Ṁatatíais, mac Amois, mac Nahuim, mac Heslí, mac Nagge,
26Mac Ṁahait, mac Ṁatatíais, mac Ṡemei, mac Ióseṗ, mac Iúda,
27Mac Ioanna, mac Resa, mac Ṡorobabeil, mac Ṡalatieil, mac Nerí,
28Mac Ṁelċí, mac Addi, mac Ċosain, mac Elmadain, mac Heir,
29Mac Íosa, mac Elieseir, mac Iorim, mac Ṁatait, mac Leiḃí,
30Mac Ṡimeoin, mac Iúda, mac Ióseṗ, mac Iona, mac Eliacim,
31Mac Ṁelia, mac Ṁenna, mac Ṁatata, mac Natain, mac Ḋáiḃiḋ,
32Mac Iesse, mac Obeid, mac Ḃoois, mac Ṡalmoin, mac Naassoin,
33Mac Aminadaib, mac Araim, mac Esroin, mac Ṗareis, mac Iúdais,
34Mac Iacóib, mac Isaaic, mac Abrahaim, mac Tare, mac Naċoir,
35Mac Ṡaruig, mac Ragau, mac Ṗaleig, mac Hebeir, mac Ṡale,
36Mac Ċainain, mac Arṗacsaid, mac Ṡeim, mac Naoi, mac Lameic,
37Mac Ṁatusale, mac Henoic, mac Iareid, mac Ṁalaléil, mac Ċainain,
38Mac Henois, mac Ṡeit, mac Aḋaiṁ, mac Dé.
Currently Selected:
Lúcas 3: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland