YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 13

13
Caibidil XIII
Innseann Críost fá scrios an teampaill, agus fá na cóṁarṫaí a ṫiocfas roiṁ lá an ḃreiṫeaṁnais.
1Agus nuair a ḃí sé ag teaċt amaċ as an teampall, deir duine dá deisciobail leis:#Mait. 24, 1. A Ṁáiġistir, féaċ, cad é a leiṫéid de ċloċa agus cad é a leiṫéid de ḋéanaṁ.
2Agus ḋuḃairt Íosa leis, ġá ḟreagairt: An ḃfeiceann tú na tiġṫe móra seo uilig?#Lúc. 19, 44, agus 21, 6. Ní ḟágfar cloċ ós cionn cloiċe naċ leagfar.
3Agus nuair a ḃí sé ina ṡuiḋe ar Ṡliaḃ na gCrann Ola ós coinne an teampaill, ċeistiġ Peadar agus Séamus agus Eoin agus Aindrias i leat taoiḃ é:
4Innis dúinn, cá h-uair a ḃéas na neiṫe sin ann? Agus cad é an cóṁarṫa a ḃéas ann, nuair a ṫoiseoċas na neiṫe seo uilig a gcóiṁlíonaḋ?
5Agus ṫoisiġ Íosa a ráḋ leo, ġá ḃfreagairt: Taḃairigiḋ aire naċ meallaiḋ aoinneaċ siḃ;#Eṗ. 5, 6; 2 Teas. 2, 3.
6Óir tiocfaiḋ mórán i mʼainm-se, ag ráḋ: Is mise é, agus meallḟaiḋ siad mórán.
7Agus nuair a ċluinfeas siḃ fá ċogṫa agus fá ṫuarascḃála cogaḋ, ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir is éigean do na neiṫe sin a ḃeiṫ ann, aċt ní h-é an deireaḋ é go fóill.
8Óir éireoċaiḋ cineaḋ i n-aġaiḋ ciniḋ agus ríoġaċt i n-aġaiḋ ríoġaċta, agus béiḋ craṫaḋ talaiṁ i n-áiteaċa, agus gorta. Tús pianta iad seo.
9Aċt feicigiḋ ċugaiḃ féin. Óir ḃéarfaiḋ siad ar láiṁ siḃ i gcóṁairleaċa, agus sciúrsálfar siḃ i sineagóga, agus seasóċaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríġṫe ar mo ṡon-sa mar ḟiaḋnaise dóḃṫa-san.
10Agus is éigean an soiscéal a ṡeanmóir ar dtús do na ciniḋeaċa go h-uile.
11Agus nuair a ḃéarḟas siad leo siḃ ċun siḃ a ṫaḃairt ar láiṁ, ná bígiḋ ag meaḃruġaḋ roiṁ ré cad é déarḟas siḃ,#Mait. 10, 19; Lúc. 12, 11, agus 21, 14. aċt an rud a ḃéarfar díḃ an uair sin, abraigiḋ é; óir ní siḃ-se a laḃras, aċt an Spiorad Naoṁ.
12Agus ḃéarfaiḋ dearḃráṫair dearḃráṫair, agus aṫair mac, suas ċun báis, agus éireoċaiḋ clann i n-aġaiḋ aiṫreaċ agus máiṫreaċ, agus imreoċaiḋ siad bás orṫa.
13Agus béiḋ fuaṫ ag an uile ḋuine oraiḃ mar ġeall ar mʼainmse. Aċt an té a ḃéas seasṁaċ go deireaḋ, is é a ṡlánóċar.
14Agus nuair atċífeas siḃ fuaṫṁaireaċt#Dan. 9, 27; Mait. 24, 15; Lúc. 21, 20. an scriosta ina seasaṁ san áit naċ cóir dí (an té a léiġeas, tuiġeaḋ sé), annsin iad-san atá i n-Iudaia teiċeaḋ siad ċun na sléiḃte,
15Agus an té atá ar ṁullaċ an tiġe, ná taraḋ sé anuas ċun an tiġe, agus ná téiġeaḋ sé isteaċ le rud ar biṫ a ṫaḃairt leis as a ṫiġ,
16Agus an té a ḃéas san ġort, ná pilleaḋ sé ṫar ais le n-a ċasóg a ṫaḃairt leis.
17Agus is mairg do na mná a ḃéas ag iomċar cloinne, agus dóḃṫa-san a ḃeir diúl ins na laeṫe sin.
18Aċt guiḋigiḋ gan na neiṫe seo a ḃeiṫ ann san ġeiṁreaḋ.
19Óir béiḋ buaiḋearṫa ann na laeṫe sin naċ raiḃ a leiṫéroí ann ó ṫús an ċruṫuiġṫe a ċruṫuiġ Dia go dtí anois, agus naċ mbéiḋ.
20Agus muna ngiorruiġeaḋ an Tiġearna na laeṫe, ní ḃéaḋ feoil ar biṫ sáḃáilte, aċt mar ġeall ar na fíréin a ṫoġ sé, ġiorruiġ sé na laeṫe.
21Agus annsin má deir aoinneaċ liḃ: Féaċ, tá Críost annseo, nó annsiúd:#Mait. 24, 23; Lúc. 17, 23, agus 21, 8. ná creidigiḋ.
22Óir éireoċaiḋ críostanna bréige agus fáiḋe bréige amaċ, agus léireoċaiḋ siad cóṁarṫaí agus tuarṫa ċun na fíréin féin dá mbʼḟéidir é, a ṁeallaḋ.
23Taḃaingiḋ aire, dá ḃríġ sin; féaċ, dʼinnis mé gaċ níḋ díḃ roiṁ ré.
24Aċt ins ná láeṫe sin i ndiaiḋ an ḃuarḋearṫa úd dorċóċar an ġrian,#Isaias 13, 10; Eséciel 32, 7; Ióel 2, 10; Mait. 24, 29; Lúc. 21, 25. agus ní ṫaḃarfaiḋ an ġealaċ a solus,
25Agus béiḋ réalta neiṁe ag tuitim, agus béiḋ na cuṁaċtaí atá ins na spéarṫaí dá suaṫaḋ.
26Agus annsin tċífiḋ siad Mac an Duine ag teaċt ins na néallta fá ṁór-ċuṁaċt agus fá ġlóir.
27Agus annsin cuirfiḋ sé a aingle amaċ,#Mait. 24, 31. agus cruinneoċaiḋ sé a ḟíréin as na ceiṫre h-áirde, ó ḟír-imeall talaiṁ go fír-imeall neiṁe.
28Agus óʼn ċrann fíge foġlaimigiḋ fáiṫscéal. Nuair a ḃíos a ġéag ċeana féin bog agus na duilleogaí ag teaċt amaċ, is eol díḃ go mbíonn an saṁraḋ ar na gaoḃair.
29Mar an gcéadna díḃ-se, nuair atċífeas siḃ na neiṫe seo ag teaċt ċun cinn, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé ar na gaoḃair, ag na doirse féin.
30Amén adeirim liḃ, naċ n-imṫeoċaiḋ an ġlúin seo go dtí go ndéantar na neiṫe sin uilig.
31Raċaiḋ neaṁ agus talaṁ ar neiṁníḋ, aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra-sa ar neiṁníḋ.
32Aċt ní ḟuil fios an lae ná na h-uaire sin ag aoinneaċ, fiú ag na h-aingle atá ar neaṁ, ná ag an Ṁac#13, 32 Ná ag an Ṁac. Ní ḟuil sé ag ráḋ naċ raiḃ aon eolas ag an Ṁac ar an am a mbéaḋ lá an ḃreiṫeaṁnais ann, aċt naċ raiḃ an t-eolas sin aige mar ṁúinteoir le n-a ċur i n-iúl dúinne: níor ċuiḃe dúinn an t-eolas sin dʼḟaġáil., aċt ag an Aṫair.
33Taḃairigró aire,#Mait. 24, 42. coiṁéadaigiḋ agus guiḋigiḋ: óir ní ḟuil a ḟios agaiḃ cá h-uair a ḃéas an t-am ann.
34Aṁail duine ag dul ar an ċoigċríċ, a ḋʼḟág a ṫeaċ, agus ṫug uġdarás dá ṡeirḃísiġ ar gaċ obair, agus dʼórduiġ doʼn doirseoir faire a ḋéanaṁ.
35Déanaigiḋ faire, dá ḃríġ sin, (óir ní ḟuil a ḟios agaiḃ cá h-uair a ṫiocfas fear an tiġe, an tráṫnóna, nó meaḋón oiḋċe, nó ag scairt an ċoiliġ, nó ar maidin),
36Ar eagla, ag teaċt i dtoibinne dó, go ḃfaġaḋ sé siḃ-se i ḃur gcodlaḋ.
37Agus an rud a deirim liḃ-se, deirim le gaċ aoinneaċ é: Déanaigiḋ faire.

Currently Selected:

Marcus 13: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in