YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 12

12
Caibidil XII
Fáiṫscéal an ḟíonġuirt agus na ḃfeirmeoirí. Díol cánaċ le Caesar. Sáruġaḋ na Sadducaċ. An ċéad aiṫne. Cianóg na baincreatḃaiġe.
1Agus ṫoisiġ sé a laḃairt leo i ḃfáiṫscéalta: Ċuir duine fíonġort,#Isaias 5, 1; Ier. 2, 21; Mait. 21, 33; Lúc. 20, 9. agus rinne sé claiḋe ina ṫimċeall, agus ṫoċail sé poll daḃċa, agus ṫóg sé túr, agus ṡuiḋ sé le feirmeoirí é, agus dʼimṫiġ sé ar an ċoigċríċ.
2Agus ċuir sé seirḃíseaċ ċuig na feirmeoirí nuair a ḃí an séasúr ann, go ḃfaġaḋ sé ó na feirmeoirí cuid de ṫoraḋ an ḟíonġuirt.
3Aċt rug siad-san air gur ḃuail siad é, agus ċuir siad ar ṡiuḃal ḟolaṁ é.
4Agus ċuir sé seirḃíseaċ eile ċuca arís: agus ġoin siad eisean san ċionn agus ṫug siad droċ-íde dó.
5Agus arís ċuir sé duine eile: agus ṁarḃ siad é, agus mórán eile ar ḃuail siad cuid acu, agus ar ṁarḃ siad an ċuid eile.
6Dá ḃríġ sin, ó ḃí aige go fóill aon ṁac ró-ḋílis, ċuir sé eisean ċuca fosta san deireaḋ, ag ráḋ: Ḃéarfaiḋ siad urraim do mo ṁac.
7Aċt duḃairt na feirmeoirí le n-a ċéile: Is é seo an t-oiġre: taraigiḋ, cuirimís ċun báis é, agus béiḋ an oiġreaċt againn.
8Agus rug siad air gur ċuir siad ċun báis é, agus ṫeilg siad amaċ as an ḟíonġort é.
9Cad é, ar an aḋḃar sin, ḋéanfas Tiġearna an ḟíonġuirt? Tiocfaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na feirmeoirí, agus béarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoine eile.
10An é nár léiġ siḃ an scrioptúir#Sailm 117, 22; Isaias 28, 16; Mait. 21, 42; Gníoṁ. 4, 11; Róṁ. 9, 33; 1 Pead. 2, 7. seo: An ċloċ dár ḋiúltuiġ na saoir, tá cloċ ċoirnéil déanta dí.
11Is é an Tiġearna a rinne seo, agus is iongantaċ é i n-ár súla?
12Agus ba ṁian leo breiṫ air, aċt ḃí eagla orṫa roiṁ an tsluaġ: óir ḃí a ḟios acu gur fá dtaoiḃ díoḃ féin a laḃair sé an fáiṫscéal seo. Agus dʼḟág siad é, agus ḃog leo.
13Agus cuireann siad ċuige dream áiriṫe#Mait. 22, 15; Lúc. 20, 20. de na Fairisíniġ agus de luċt leanáṁna Ioruaiḋ le breiṫ air ina ċainnt.
14Agus ag teaċt dóiḃ, deir siad leis: A Ṁáiġistir, is eol dúinn go ḃfuil tú fírinneaċ, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ; óir ní dearcann tú ar ġnúis daoine, aċt teagascann tú sliġe Dé do réir na fírinne. An cóir cáin a ṫaḃairt do Ċaesar, nó naċ dtaḃarfamuro?
15Aċt ó bʼeol dó a ngliocas, duḃáirt sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag cur féaċála orm? Taḃairigiḋ ċugam piġinn go ḃfeiciḋ mé í.
16Agus ṫug siad ceann ċuige. Agus deir sé leo: Cé ar de an íoṁáiġ agus an scríḃinn seo? Agus deir siad leis: De Ċaesar.
17Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Ar an aḋḃar sin, taḃairigiḋ do Ċaesar na neiṫe is le Caesar, agus do Ḋia na neiṫe is le Dia.#Róṁ. 13, 7. Agus ġaḃ iongantas iad faoi.
18Agus na Sadducaiġ,#Mait. 22, 23; Lúc. 20, 27. a deir naċ mbíonn aon eiséirġe ann, ṫáinic siad ċuige, agus ċeistiġ siad é, ag ráḋ:
19A Ṁáiġistir, seríoḃ Maoise dúinn,#Deut. 25, 5. dá ḃfaġaḋ ḋearḃráṫair duine ar ḃiṫ bás agus a bean dʼḟágáil ina ḋiaiḋ, agus gan clann ar biṫ dʼḟágáil, go nglacfaḋ a ḋearḃráṫair-sean a ḃean, agus go dtógfaḋ sé slioċt dá ḋearḃráṫair.
20Aċt ḃí seaċt nḋearḃráiṫre ann, agus ṗós an ċéaḋ duine acu bean, agus fuair sé bás gan slioċt dʼḟágáil.
21Agus glac an dara fear í agus fuair sé bás, agus níor ḟág seisean slioċt aċt a oiread. Agus an tríoṁaḋ fear mar an gcéadna.
22Agus ġlac an seaċtar í mar an gcéadna, agus níor ḟág siad slioċt. Ina ndiaiḋ uilig fuair an ḃean bás fosta.
23San eiséirġe, dá ḃríġ sin, nuair a éireoċas siad, cé aige díoḃ sin ambéiḋ sí ina mnaoi? Óir ḃí sí ag an tseaċtar mar ṁnaoi.
24Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Naċ ḃfuil seaċrán oraiḃ, ar an aḋḃar naċ eol díḃ na Scrioptúirí ná cuṁaċt Dé?
25Óir nuair a éireoċas siad ó ṁarḃaiḃ, ní pósann siad agus ní ṫaḃartar le pósaḋ iad, aċt bíonn siad mar aingle ins na flaiṫis.
26Aċt i dtaoiḃ na marḃ, go n-éireoċaiḋ siad arís, nár léiġ siḃ i Leaḃar Ṁaoise mar a laḃair Dia leis san tor, ag ráḋ: Is mise Dia Abrahaim#Ecs. 3, 6; Mait. 22, 32. agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib?
27Ní Dia ḋaoine marḃ é, aċt Dia ḋaoine beo. Ar an aḋḃar sin, tá seaċrán mór oraiḃ.
28Agus ṫáinic ċuige duine de na Scríoḃaróṫe,#Mait. 22, 35. a ḃí ag éisteaċt leo ag díospóireaċt, agus nuair a ċonnaic sé gur ḟreagair sé go maiṫ iad, dʼḟiafruiġ sé de cérḃ í an ċéad aiṫne de na h-aiṫeanta uilig.
29Agus dʼḟreagair Íosa é: Is í seo an ċéad aiṫne acu uilig: Éist, a Israéil, is aon Dia aṁáin#Deut. 6, 4. do Ṫiġearna Dia,
30Agus gráḋóċaiḋ tú do Ṫiġearna Dia le do ċroiḋe go h-iomlán, agus le dʼanam go h-iomlán, agus le dʼintinn go h-iomlán, agus le do neart go h-iomlán. Is í seo an ċéad aiṫne.
31Agus is cosaṁail léi an dara ceann: Gráḋóċaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫú féin.#Leiḃ. 19, 18; Mait. 22, 39; Róṁ. 13, 9; Gal. 5, 14; Séamus 2, 8. Ní ḟuil aiṫne eile ann is mó ná iad seo.
32Agus duḃairt an Scríoḃaiḋe leis: Is maiṫ, a Ṁáiġistir, agus is fíor a duḃáirt tú, gurab aon Dia, agus naċ ḃfuil ann aċt é féin,
33Agus é ġráḋuġaḋ leis an ċroiḋe go h-iomlán, agus leis an tuigsin go h-iomlán, agus leis an anam go h-iomlán, agus leis an neart go h-iomlán, agus an ċóṁarsa a ġráḋuġaḋ mar ḋuine féin: is mó sin ná gaċ íoḋbairt ḋóiġte agus ofráil.
34Agus nuair a ċonnaic Íosa gur ḟreagair sé go tuigseaċ duḃairt sé leis: Ní ḟuil tusa i ḃfad ó ríoġaċt Dé. Agus ní raiḃ sé de ḋánaċt i n-aoinneaċ feasta ceist a ċur air.
35Agus dʼḟreagair Íosa agus duḃairt, agus é ag teagasc san teampall: Cad é mar deir na Scríoḃaiḋṫe gur Mac do Ḋáiḃiḋ an Críost?
36Óir deir Dáibiḋ féin san Spiorad Naoṁ:#Sailm 109, 1; Mait. 22, 4; Lúc. 20, 42. Duḃairt an Tiġearna le mo Ṫiġearna: Suiḋ ar mo ḋeis, nó go gcuiriḋ mé do náiṁde ina stól faoi do ċosa.
37Ar an aḋḃar sin, ḃeir Dáibiḋ féin Tiġearna air, agus cad é mar tá sé ina ṁác aige? Agus dʼéist sluaġ mór go fonnṁar leis.
38Agus duḃairt sé leo ina ṫeagasc:#Mait. 23, 5; Lúc. 11, 43, agus 20, 46. Seaċnaigiḋ na Scríoḃaiḋṫe, ar maiṫ leo siuḃal i n-éadaiġe fada agus fáiltiuġaḋ dʼḟaġáil i n-áit an ṁargaiḋ,
39Agus suiḋe ins na caṫaoireaċa tosaiġ ins na sineagóga, agus na h-áiteaċa is áirde a ḃeiṫ acu ag féastaí;
40A ṡlugas tiġṫe na mbaintreaḃaċ ar scáṫ urnaiġe ḟada a ḋéanaṁ: ġeoḃaiḋ siad seo breiṫeaṁnas níos truime.
41Agus ina ṡuiḋe do Íosa ós cóṁair ṡeomra an ċiste,#Lúc. 21, 1. ḃí sé ag breaṫnuġaḋ na dóiġe ina gcaiṫeaḋ an sluaġ airgead isteaċ san ċiste, agus ċaiṫeaḋ mórán daoine saiḋḃir an-ċuid isteaċ.
42Agus nuair a ṫáinic baintreaḃaċ ḃoċt áiriṫe, ċaiṫ sí ḋá ċianóig, oiread feoirlinge, isteaċ.
43Agus ag gairm a ḋeisciobal ċuige dó, duḃairt sé leo: Amén adeirim liḃ, is mó a ċuir an ḃaintreaḃaċ ḃoċt seo istéaċ ná ċuir an t-iomlán dár ċuir rud san ċiste.
44Óir ṫug siad-san uilig as an méid a ḃí acu ḟá ḟlúirse, aċt as a ganntanas ṫug sí seo a raiḃ aice, a cuid deʼn tsaoġal go h-uile.

Currently Selected:

Marcus 12: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in