Marcus 11
11
Caibidil XI
Téiġeann Íosa isteaċ go h-Ierusalem ar ṁuin asail. Malluiġeann sé an crann fíge neaṁṫorṫaċ; agus ruaigeann sé na ceann-aiḋṫe amaċ as an teampall.
1Agus nuair a táinic siad i n-aice le h-Ierusalem#Mait. 21, 1; Lúc. 19, 29. agus Betánia, ag Sliaḃ na gCrann Ola, cuireann sé beirt dá ḋeisciobail uaiḋ,
2Agus deir sé leo: Téiġigiḋ isteaċ san ḃaile sin ṫall ós ḃur gcóṁair, agus cóṁ luaṫ agus raċas siḃ isteaċ annsin ġeoḃaiḋ siḃ searraċ ceangailte naċ ndearna aon duine marcaiḋeaċt air ariaṁ go fóill: scaoiligiḋ agus taḃairigiḋ annseo é.
3Agus má deir aoinneaċ liḃ: Cad é tá dá ḋéanaṁ agaiḃ? Abraigiḋ: Tá sé do ḋíṫ ar an Tiġearna: agus ar an ḃomaite leigfiḋ sé annseo é.
4Agus ar imṫeaċt dóiḃ fuair siad an searraċ ceangailte amuiġ ag an ġeafta i gcóṁrac ḋá ḃóṫar, agus scaoil siad é.
5Agus duḃairt daoine áiriṫe dá raiḃ ina seasaṁ annsin leo: Cad é seo atá dá ḋéanaṁ agaiḃ, ag scaoileaḋ an tsearraiġ?
6Agus ḋuḃairt siad-san mar a dʼórduiġ Íosa dóiḃ; agus leig siad leo é.
7Agus ṫug siad an searraċ ċuig Íosa,#Eoin 12, 14. agus leagann siad a gcuid éadaiġ air, agus ċuaiḋ seisean a ṁarcaiḋeaċt air.
8Agus spréiḋ mórán a gcuid éadaiġ ar an ḃóṫar; aċt ġearr tuilleaḋ géaga de na crainn agus ċraiṫ siad ar an ḃóṫar iad.
9Agus, an luċṫ a ḃí ag dul roiṁe agus an luċt a ḃí ag teaċt ina ḋiaiḋ, ḃí siad ag scairtiġ, agus ag ráḋ: Hosanna:#Sailm 117, 26; Mait. 21, 9; Lúc. 19, 38.
10Is beannuiġṫe an té a ṫig i n-ainm an Tiġearna; is beann-uiġṫe ríoġaċt ár n-aṫar Dáiḃiḋ atá ag teaċt; Hosanna ins na flaiṫis is áirde.
11Agus ċuaiḋ Íosa isteaċ go h-Ierusalem agus isteaċ san teampall,#Mait. 21, 10. agus i ndiaiḋ aṁarc ṫart ar gaċ níḋ dó, nuair a ḃí an tráṫnóna ann, ċuaiḋ sé amaċ go Betánia leis an dáréag.
12Agus lá ar n-a ḃáraċ nuair a ḃí siad ag dul amaċ as Betánia, ḃí ocras air.
13Agus nuair a ċonnaic sé i ḃfad uaiḋ crann fíge#Mait. 21, 19. a raiḃ duilleogaí air, ṫáinic sé a ḟéaċaint an ḃfuiġeaḋ sé aon níḋ air; agus nuair a ṫáinic sé ḟad leis, ní ḟuair sé dadaṁ aċt duilleogaí; óir ní raiḃ séasúr na ḃfígí ann.
14Agus dʼḟreagair sé agus duḃairt leis: Feasta nár iṫiḋ aoinneaċ toraḋ díot a ċoiḋ ċe níos mó. Agus ċuala a ḋeisciobail é.
15Agus tig siad go h-Ierusalem. Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ san teampall,#Mait. 21, 12. ṫoisiġ sé a ṫiomáint amaċ na ndaoine a ḃí ag díol agus ag ceannaċ san teampall, agus leag sé táblaí na malartóirí airgid agus caṫaoireaċa luċt díolta na gcolmán,
16Agus níor ċeaduiġ sé dʼaoinneaċ soiṫeaċ dʼiomċar fríd an teampall,
17Agus ṫug sé teagasc, ag ráḋ leo: Naċ ḃfuil sé scríoḃṫa: Goirfear#Isaias 56, 7; Ier. 7, 11. teaċ urnaiġṫe do na ciniḋeaċa go léin de mo ṫiġ-se? Aċt rinne siḃ-se uaṁaċ ġadaiḋṫe de.
18Nuair a ċuala uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe sin, ḃí siad ar lorg sliġe ċun é ċur ċun báis; aċt ḃí eagla orṫa roiṁe, óir ḃí an sluaġ uilig ag déanaṁ iongantais dá ṫeagasc.
19Agus nuair a ḃí sé má ṫráṫnóna dʼimṫiġ sé amaċ as an ċaṫair.
20Agus ag dul ṫairis dóiḃ ar maidin ċonnaic siad an crann fíge smalta go fréaṁaċa.
21Agus ċuiṁniġ Peadar agus duḃairt sé leis: A Ṁáiġistir, féaċ, an crann fíge a ṁalluiġ tú, smal sé.
22Agus deir Íosa leo, ġá ḃfreagairt:#Mait. 21, 21. Bícḋ creideaṁ Dé agaiḃ.
23Amén adeirim liḃ, cibé a déarfas leis an tsliaḃ seo: Tógtar agus caiṫtear san ḟairrge ṫú, agus naċ staonfaiḋ ina ċroiḋe, aċt ċreidfeas go ndéanfar cibé ar biṫ a déarfas sé, ḋéanfar dó é.
24Dá ḃríġ sin, deirim liḃ: Gaċ uile níḋ#Mait. 7, 7, agus 21, 22. a iarras siḃ ag guiḋe díḃ, creidigiḋ go ḃfuiġiḋ siḃ é, agus ġeoḃaiḋ siḃ é.
25Agus ag seasaṁ ċun urnaiġṫe díḃ, má ḃíonn aon níḋ agaiḃ i n-aġaiḋ duine éigin,#Mait. 6, 14 agus 18, 35; Lúc. 11, 9. maiṫigiḋ dó é, ionnas go maiṫiḋ ḃur n-Aṫair atá ar neaṁ ḃur bpeacaiḋe díḃ-se fosta.
26Óir muna maiṫiḋ siḃ-se, ní ṁaiṫfiḋ ḃur n-Aṫair atá ar neaṁ ḃur ḃpeacaiḋe díḃ-se.
27Agus tig siad go h-Ierusalem arís.#Lúc. 20, 1. Agus nuair a ḃí sé ag siuḃal san teampall, tig na h-Árdṡagairt, agus na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí,
28Agus deir siad leis: Cad é an t-uġdarás le n-a ndéan tú na neiṫe seo? Agus cé ṫug an t-uġdarás seo duit, ċun na neiṫe seo a ḋéanaṁ?
29Aċt duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Cuirfiḋ mise fosta aon ċeist aṁáin oraiḃ-se, agus freagraigiḋ mé, agus innseoċaiḋ mise díḃ cad é an t-uġdarás le n-a ndéanaim na neiṫe seo.
30Arḃ ó neaṁ, nó ó daoine, Baisteaḋ Eoin? Freagraigiḋ mé.
31Aċt ṁeaḃruiġ siad-san leo féin, ag ráḋ: Má deirimíd: Ó neaṁ, ḋéarfaiḋ seisean: Cad ċuige, mar sin, nár ċreid siḃ é?
32Agus má demimíd: Ó ḋaoine, tá eagla orainn roiṁ an ṗobal, óir bʼé a meas uilig ar Eoin gurḃ ḟáiḋ go fíor é.
33Agus deir siad le h-Íosa, ġá ḟreagairt: Ní ḟuil a ḟios againn. Agus freagrann Íosa iad-san, agus deir sé leo: Ní innsim-se díḃ-se aċt a oiread cad é an t-uġdarás le n-a ndéanaim na neiṫe seo.
Currently Selected:
Marcus 11: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland