YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 10

10
Caibidil X
Tá ceangal an Ṗosta do-scaoilte. Contaḃairt an tsaiḋḃris. Glóirṁian ċlann Sebede. Leiġeastar dall.
1Agus ar éirġe as sin dó, ṫáinic sé go críoċa Iudaia#Mait. 19, 1. taoḃ ṫall deʼn Iordáin, agus ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís, agus mar ba ġnáṫaċ leis, ṫug sé teagasc arís dóiḃ.
2Agus ṫáinic na Fairisíniġ ċuige gur ḟiafruiġ de, ag cur féaċála air: An ceadṁaċ do ḟear a bean a ċur ar ṡiuḃal?
3Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: Cad é dʼórduiġ Maoise díḃ?
4Agus duḃairt siad-san: Ċeaduiġ Maoise#Deut. 24, 1. litir ḋealuiġṫe a scríoḃaḋ, agus í ċur ar ṡiuḃal.
5Agus dʼḟreagair Íosa iad agus duḃairt: Mar ġeall ar ċruáḋas ḃur gcroiḋe scríoḃ sé an aiṫne sin díḃ:
6Aċt ó ṫús an ċruṫuiġṫe rinne Dia#Gein. 1, 27. fireann agus baineann iad.
7Mar ġeall ar sin fágfaiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n-a ṁnaoi,#Gein. 2, 24; Mait. 19, 5; 1 Cor. 7, 10; Eṗ. 5, 31.
8Agus bérḋ siad beirt i n-aon colainn aṁáin.#1 Cor. 6, 16. Ar an aḋḃar sin, ní ḋá ċolainn iad feasta, aċt aon ċolann aṁáin.
9An níḋ, ḋá ḃríġ sin, a ċeangail Dia, ná scaoileaḋ duine é.
10Agus san tiġ ċeistiġ a ḋeisciobail é arís fáʼn níḋ céadna.
11Agus deir sé leo: Cibé ar biṫ a ċuirfeas a bean ar ṡiuḃal agus bean eile a ṗósaḋ, ġní sé aḋaltranas ina h-aġaiḋ.
12Agus má ċuireann bean a fear ar ṡiuḃal agus fear eile a ṗósaḋ, ġní sí aḋaltranas.
13Agus ṫairg siad leinḃ dó ċun go gcuireaḋ sé a láṁa orṫa. Aċt ḃí na deisciobail ag cosc na ndaoine a ḃí ġá dtaḃairt ċuige.
14Agus nuair a ċonnaic Íosa iad, ḃí sé mí-ṡásta, agus duḃairt leo: Leigigiḋ do na leinḃ teaċt ċugam-sa, agus ná cuirigiḋ cosc orṫa: óir is le n-a leiṫéidí sin ríoġaċt Dé.
15Amén adeirim liḃ: An té naċ nglacfaiḋ ċuige ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, ní raċaiḋ sé isteaċ inntí.
16Agus ġá nglacaḋ ċuige ina uċṫ dó, agus ag cur a láṁ orṫa, ḃeannuiġ sé iad.
17Agus nuair a ċuaiḋ sé amaċ ar an ḃóṫar, riṫ duine áiriṫe#Mait. 19, 16; Lúc. 18, 18. roiṁe, ċrom a ġlún ós a ċóṁair, agus dʼḟiafruiġ de: A Ṁáiġistir ṁaiṫ, cad é ḋéanfas mé ċun go ḃfaġainn an ḃeaṫa ṡíorraiḋe?
18Agus duḃairt Íosa leis: Cad ċuige a ngoireann tú maiṫ díom? Ní maiṫ aoinneaċ#10, 18 Ní maiṫ aoinneaċ. Ní maiṫ aoinneaċ ar fad agus te ḃríġ a nádúna, aċt aṁáin Dia: is féroir do ḋaoine a ḃeit maiṫ fosta tré ḃeiṫ páirteaċ i maiṫeas Dé. aċt Dia aṁáin.
19Is eol duit na h-aiṫeanta:#Ecs. 20, 13. Ná déan aḋaltranas; ná déan marḃaḋ; ná déan goid; ná taḃair fiaḋnaise ḃréige; ná déan feall; taḃair onóir do dʼaṫair agus do do ṁáṫair.
20Aċt duḃairt seisean leis, ġá ḟreagairt: A Ṁáiġistir, ċoiṁéad mé na neiṫe sin uilig ó mʼóige.
21Agus dʼḟéaċ Íosa air, ṫug sé gráḋ dó, agus duḃairt leis: Tá tú i n-easbaiḋ aon níḋ aṁáin: imṫiġ, díol a ḃfuil agat agus taḃair do na boċta é, agus béiḋ stór ar neaṁ agat; agus tar, lean mise.
22Aċt ċuir an ċainnt sin buaiḋreaṁ mór air agus dʼimṫiġ sé fá ḃrón; óir ba duine é a raiḃ mórán saiḋḃris aige.
23Agus ag aṁarc ṫart timċeall do Íosa, deir sé le n-a ḋeisciobail: Naċ deacair dóḃṫa sin a mbíonn saiḋḃreas acu dul isteaċ i ríoġaċt Dé.
24Agus ġaḃ uaṫḃás na deisciobail fá n-a ḃriaṫra. Aċt dʼḟreagair Íosa agus deir sé: A ċlann, naċ deacair dóḃṫa sin a mbíonn a muiniġin as saiḋḃreas dul isteaċ i ríoġaċt Dé.
25Is fusa do ċamall dul fríd ċró snáṫaide ná do ḋuine saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt Dé.
26Agus rinne siad ní ba ṁó iongantais, ag ráḋ le n-a ċéile: Agus cé ar féidir dó ḃeiṫ sáḃáilte?
27Agus dearcann Íosa orṫa agus deir: Ní ḟuil sé ar ċumas daoine, Aċt tá ar ċumas Dé; óir tá gaċ uile níḋ so-ḋéanta ag Dia.
28Agus ṫoisiġ Peadar a ráḋ leis:#Mait. 19, 27; Lúc. 18, 28. Féaċ, ṫréigeamar gaċ uile níḋ, agus leanamar ṫusa.
29Dʼḟreagair Íosa agus duḃairt: Amén adeirim liḃ, ní ḟuil aoinneaċ dá ḃfágfaiḋ teaċ, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó aṫair, nó máṫair, nó clann, nó talaṁ, ar mo ṡon-sa agus ar son an tsoiscéil,
30Naċ ḃfuiġiḋ a ċéad oiread anois ins an aimsir seo, tiġṫe, agus dearḃráiṫre, agus deirḃṡeaṫraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, agus talaṁ, mar aon le géirleanaṁaint, agus beaṫa ṡíorraiḋe ar an tsaoġal atá le ṫeaċt.
31Óir béiḋ mórán dá ḃfuil i dtoiseaċ ar deireaḋ,#Mait. 19, 30. agus dá ḃfuil ar deireaḋ i dtoiseaċ.
32Agus ḃí siad ar an ḃealaċ ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃí Íosa ag siuḃal rompa, agus ḃí iongantas orṫa, agus ġá leanaṁaint dóiḃ, ḃí eagla orṫa. Agus ġaḃ sé ċuige an dáréag arís agus ṫoisiġ sé a innse ḋóiḃ#Lúc. 18, 31. na neiṫe a ḃí le tuitim amaċ dó:
33Féaċ, támuid ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃéarfar Mac an Duine suas do uaċtaráin na sagart, agus do na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí, agus daorfaid siad ċun báis é, agus ḃéarfaiḋ siad suas do na ciniḋeaċa é,
34Agus ḋéanfaiḋ siad magaḋ faoi, agus caiṫfiḋ siad seileogaí air, agus sciúrsálfaiḋ siad é, agus cuirfiḋ siad cun báis é, agus éireoċaiḋ sé arís ar an treas lá.
35Agus tig Séamus agus Eoin, clann Ṡebede, ċuige,#Mait. 20, 20. ag ráḋ: A Ṁáiġistir, is mian linn go ndéanṫá dúinn cibé níḋ a iarrfas sinn ort.
36Aċt duḃairt seisean leo: Cad é is mian liḃ go ndéanfainn díḃ?
37Agus duḃairt siad: Taḃair dúinn go suiḋiḋ duine againn ar do láiṁ ḋeis agus an duine eile ar do láiṁ ċlí i do ġlóir.
38Aċt duḃairt Íosa leo: Ní ḟuil a ḟios agaiḃ cad é atá dá larraiḋ agaiḃ: an féidir liḃ an ċailís a ólaim-se dʼól, nó ḃur mbaisteaḋ leis an ḃaisteaḋ le n-a mbaistear mise?
39Agus duḃairt siad-san leis: Is féidir. Aċt duḃairt Íosa leo: Ólfaiḋ siḃ go dearḃṫa an ċailís a ólaim-se, agus baistfear siḃ leis an ḃaisteaḋ le n-a mbaistear mise:
40Aċt suiḋe ar mo ḋeis nó ar mo ċlí ní liom-sa a ṫaḃairt ḋíḃ-se, aċt doʼn méid dár h-ullṁuiġeaḋ é.
41Agus nuair a ċuala an deiċneaḃar seo, ṫoisiġ siad aġlacaḋ feirge le Séamus agus Eoin.
42Aċt ġom Íosa ċuige iad agus deir leo: Tá a ḟios agaiḃ an luċt a saṁluiġtear a ḃeiṫ ós cionn na gciniḋeaċ, go mbíonn tiġearnas acu orṫa,#Lúc. 22, 25. agus bíonn smaċt ag a bprionnsaí orṫa.
43Aċt ní mar sin a ḃíos sé eadraiḃ-se, aċt cibé ar mian leis ḃeiṫ ina ḋuine ṁór, béiḋ sé ina ḟreastalaiḋe agaiḃ,
44Agus cibé ar mian leis ḃeiṫ i dtoiseaċ oraiḃ, béiḋ sé ina ṡeirḃíseaċ ag an iomlán.
45Óir ní ṫáinic Mac an Duine féin ċun freastal dʼḟaġáil, aċt ċun freastal a ḋéanaṁ, agus ċun a anam a ṫaḃairt mar éiric ar son ṁóráin.
46Agus tig siad go h-Ierico.#Mait. 20, 29; Lúc. 18, 35. Agus le linn dul amaċ dó féin agus dá ḋeisciobail agus do ṡluaġ an-ṁór as Ierico, ḃí an dall, Bartimaeus, mac Timaeuis, ina ṡuiḋe cois an ḃóṫair ag iarraiḋ déirce.
47Agus nuair a ċuala sé gurḃ é Íosa as Nasair a ḃí ann, ṫoisiġ sé a scairtiġ agus a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.
48Agus ḃí mórán a ḃagair air a ḃeiṫ ina ṫost. Aċt ba ṁó go mór a scairt seisean amaċ: A Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.
49Agus scad Íosa agus dʼórduiġ sé glaoḋaċ air. Agus glaoḋann siad ar an dall, ag ráḋ leis: Bí níos ciúine, éiriġ: tá sé ag glaoḋaċ ort.
50Agus ag caiṫeaṁ de a ḟallainge dó, léim sé ina ṡeasaṁ, agus ṫáinic ċuig Íosa.
51Agus dʼḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Cad é is coil leat go ndéanfainn duit? Agus duḃairt an dall leis: A Ṁáiġistir, aṁarc mo ṡúl dʼḟaġáil.
52Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ, rinne do ċreideaṁ slán ṫú. Agus fuair sé aṁarc na súl ar an ḃomaite, agus lean sé é ar an ḃealaċ.

Currently Selected:

Marcus 10: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in