YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 9

9
Caibidil IX
Tig aṫruġaḋ croṫa ar Íosa. Teilgeann sé amaċ an Spiorad balḃ. Teagascann sé uirísleaċt a ċleaċtaḋ agus scainneal a ṡeaċnaḋ.
1Agus i gcionn ṡé lá gaḃann Íosa ċuige Peadar agus Séamus agus Eoin,#Mait. 17, 1; Lúc. 9, 28. agus ḃeir sé leis leo féin ar leiṫ iad suas ar ṡliaḃ an-árd, agus h-aṫruiġeaḋ a ċruṫ ina ḃfiaḋnaise.
2Agus dʼéiriġ a ċuid éadaiġ lonnraċ agus an-ġeal mar ṡneaċta, ar ċuma naċ dtiocfaḋ le h-aon úcaire ar talaṁ a ngealaḋ.
3Agus taiḋḃsiġeaḋ dóiḃ Elías mar aon le Maoise, agus ḃí siad ag cainnt le h-Íosa.
4Agus dʼḟreagair Peadar agus deir le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ dúinn a ḃeiṫ annseo, agus déanamaois trí boṫa, ceann duit-se, agus ceann do Ṁaoise, agus ceann do Elías.
5Óir ní raiḃ a ḟios aige cad é ḃí dá ráḋ aige; óir ḃí siad scannruiġṫe leis an eagla.
6Agus ṫáinic néall a ċuir a scáile orṫa, agus ṫáinic guṫ as an néall, ag ráḋ: Is é seo mo Ṁac ró-ionṁuin: éistigiḋ leis.
7Agus ag aṁarc ṫart dóiḃ ar an ḃall, ní ḟaca siad aoinneaċ ní ba ṁó aċt aṁáin Íosa ina dteannta.
8Agus ag teaċt anuas óʼn tsliaḃ dóiḃ,#Mait. 17, 9. dʼórduiġ sé dóiḃ gan na neiṫe a ċonnaic siad dʼinnse dʼaomneaċ, aċt nuair a dʼéireoċaḋ Mac an Duine arís ó ṁarḃaiḃ.
9Agus ċongḃurġ siad an ċainnt sin eatorṫa, ag fiafruiġe dá ċéile cad é ba ċiall le “Nuair a dʼéireoċaḋ sé arís ó ṁarḃaiḃ.”
10Agus ċeistiġ siad é, ag ráḋ: Cad ċuige, mar sin, a n-abrann na Fairisíniġ agus na Scríoḃaiḋṫe go mbʼéigean do Elías teaċt a ċéadraḋ?#Mal. 4, 5.
11Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: nuair a ṫiocfas Elías a ċéadraḋ, ḋéanfaiḋ sé gaċ níḋ dʼaṫnuaḋaḋ; agus mar atá scríoḃṫa#Isaias 53, 3 agus 4. fá Ṁac an Duine, go ḃfulaingeoċaiḋ sé mórán neiṫe agus go dtaḃarfar tarcuisne dó.
12Aċt deirim-se liḃ go dtáinic#Mait. 17, 12. Elías fosta, agus rinne siad leis cibé a ba toil leo, do réir mar atá scríoḃṫa fá dtaoiḃ de.
13Agus ar ṫeaċt ċuig a ḋeisciobail dó, ċonnaic sé sluaġ mór ina dtimċeall, agus na Scríoḃaiḋṫe ġá gceistiuġaḋ.
14Agus láiṫreaċ nuair a ċonnaic na daoine Íosa, ḃí iongantas agus eagla orṫa go léir, agus riṫ siad ċuige gur ḃeannuiġ dó.
15Agus dʼḟiafruiġ sé díoḃ: Cá faoi a ḃfuil siḃ ag ceistiuġaḋ a ċéile?
16Agus duḃairt duine deʼn tsluaġ,#Lúc. 9, 38. ġá ḟreagairt: A Ṁáiġistir, ṫug mé ċugat mo ṁac a ḃfuil Spiorad balḃ ann,
17Agus gaċ uair a mbeireann sé air, caiṫeann sé ar lár é, agus bíonn cuḃar le n-a ḃéal, agus ġní sé díoscarnaċ le n-a ḟiacla, agus seargann sé: agus duḃairt mé le do ḋeisciobail é a ṫeilgean amaċ, agus ní ṫáinic leo.
18Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: A ġlúin gan ċreideaṁ, cá ḟad a ḃéas mé i ḃur measc? Cá ḟad a ḟulaingeoċas mé siḃ? Beirigiḋ ċugam é.
19Agus ṫug siad ċuige é. Agus nuair a ċonnaic sé é, ċuir an spiorad mí-órduġaḋ air láiṫreaċ, agus ar ṫuitim ar an talaṁ dó, ḃí sé ġá ionfairt féin, ag cur ċuḃair de.
20Agus dʼḟiafruiġ sé dá aṫair: Cad é an fad aimsire atá sé ó ṫárla seo dó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ina leanḃ.
21Agus is minic a ċaiṫ sé i dteiniḋ agus i n-uisce é ċun é a ṁarḃaḋ; aċt máʼs féidir duit aon rud a ḋéanaṁ, bíoḋ truaiġe agat dúinn agus caḃruiġ linn.
22Agus duḃairt Íosa leis: Máʼs féidir leat creidḃeáil, tá gaċ níḋ indéanta doʼn té a ċreideas.
23Agus ar an ḃomaite scairt aṫair an ġasúir amaċ agus na deora leis, agus duḃairt: Creidim, a Ṫiġearna: fóir ar mo ḋíċreideaṁ.
24Agus nuair a ċonnaic Íosa an sluaġ ag teaċt ina riṫ, ḃagair sé ar an spiorad neaṁġlan, ag ráḋ leis: A spioraid ḃoḋair, ḃailḃ, órduiġim duit, imṫiġ amaċ as, agus ná téiġ isteaċ ann níos mó.
25Agus ag béiciġ dó, scróc sé go mór é, agus dʼimṫiġ amaċ as, agus dʼéiriġ sé mar ḋuine marḃ, ionnas gur ḋuḃairt mórán: Tá sé marḃ.
26Aċt rug Íosa ar a láiṁ gur ṫóg sé é, agus dʼéiriġ sé.
27Agus nuair a ṫáinic sé isteaċ ċun tiġe, dʼḟiafruiġ a ḋeisciobail de fá rún: Cad ċuige naċ dtáinic linne é a ṫeilgean amaċ?
28Agus duḃairt seisean leo: Ní féroir doʼn ċinéal seo dul amaċ tré aon níḋ aċt tré urnaiġe agus troscaḋ.
29Agus ar ḟágáil na h-áite sin dóiḃ, ċuaiḋ siad fríd an Ġailile, agus níorḃ áil leis go mbéaḋ a ḟios sin ag aoinneaċ.
30Agus ṫug sé teagasc dá ḋeisciobail, agus duḃairt sé leo: Béarfar Mac an Duine i láṁa daoine,#Mait. 17, 21; Lúc. 9, 22, agus 9, 44. agus cuirfiḋ siad ċun báis é, agus i ndiaiḋ a ṁarḃṫa éireoċaiḋ sé arís ar an treas lá.
31Aċt níor ṫuig siad an ċainnt, agus ḃí eagla orṫa fiafruiġe de.
32Agus ṫáinic siad go Caṗarnaum. Agus nuair a ḃí siad san tiġ, dʼḟiafruiġ sé díoḃ: Cá h-air a raiḃ siḃ ag tráċt ar an ḃealaċ?
33Aċt dʼḟan siad ina dtost; óir ar an ḃealaċ ḃí siad ag díospóireaċt#Mait. 18, 1; Lúc. 9, 46. le ċéile, cé acu ba ṁó.
34Agus ag suiḋe síos dó, ġoir sé ċuige an dáréag, agus deir leo: Máʼs mian le h-aoinneaċ ḃeiṫ i dtoiseaċ, béiḋ sé ar an duine deiriḋ deʼn iomlán agus ina ṡeirḃíseaċ ag an iomlán.
35Agus ag breiṫ ar leanḃ dó, ċuir sé ina ṡeasaṁ i lár báire eatorṫa é; agus nuair a ċuaċ sé ina uċt é, duḃairt sé leo:
36Cibé a ġaḃfas ċuige ceann dá leiṫéidí seo de ṗáistí, gaḃann sé mise ċuige, agus cibé ar biṫ a ġaḃfas mise ċuige, ní mise a ġaḃas sé ċuige, aċt an té a ċuir uaiḋ mé.
37Dʼḟreagair Eoin é,#Lúc. 9, 49. ag ráḋ: A Ṁáiġistir, ċonnacamar duine, naċ leanann sinne, ag cur amaċ deaṁan i dʼainm-se, agus ċoscamar é.
38Agus duḃairt Íosa: Ná coscaigiḋ é; óir ní ḟuil aoinneaċ#1 Cor. 12, 3. a ġní míorḃail i mʼainm-se a dtigiḋ leis laḃairt go h-olc orm gan ṁoill.
39Óir an té naċ mbíonn i ḃur n-aġaiḋ, bíonn sé i ḃur leiṫ.
40Óir cibé a ḃéarfas cupán uisce le h-ól díḃ i mʼainm-se, de ḃríġ gur le Críost siḃ, amén adeirim liḃ, ní ċaillḟiḋ sé a luaċ saoṫair.#Mait. 10, 42.
41Agus cibé a ḃéarḟas scainneal do ċionn de na rudaí beaga seo a ċreideas ionnam-sa, bʼḟeárr dó go mór dá gcuirtí bró asail fá n-a ṁuinéal, agus go ġcaiṫtí san ḟairrge é.#Mait. 18, 6; Lúc. 17, 2.
42Agus má ḃeir do láṁ scainneal duit,#Mait. 5, 30, agus 18, 8. gearr díot í; is feárr duit dul isteaċ cioṫramaċ san ḃeaṫa, ná ḋá láiṁ a ḃeiṫ ort agus dul go h-iḟreann, san teiniḋ naċ féidir a múċaḋ,
43Áit naċ n-éagann a bpéist,#Isaias 66, 24. agus naċ múċtar an teine.
44Agus má ḃeir do ċos scainneal duit, gearr díot í; is feárr duit dul isteaċ bacaċ ċun na beaṫa síorraiḋe, ná ḋá ċois a ḃeiṫ ort agus do ṫeilgean isteaċ go h-ifreann na teineaḋ do-ṁúċta,
45Áit naċ n-éagann a bpéist, agus naċ múċtar an teine.
46Agus má ḃeir do ṡúil scainneal duit, caiṫ uait í; is fʼeárr duit dul isteaċ i ríoġaċt Dé ar leaṫ-ṡúil, ná ḋá ṡúil a ḃeiṫ agat agus do ṫeilgean isteaċ go h-ifreann na teineaḋ,
47Áit naċ n-éagann a bpéist, agus naċ múċtar an teine.
48Óir saillfear#Leiḃ. 2, 13. gaċ aoinneaċ le teiniḋ, agus saillfear gaċ íoḋbairt le salann.
49Is maiṫ an rud salann;#Mait. 5, 13; Lúc. 14, 34. aċt má ḃíonn an salann leaṁ, cá leis a ndéanfaiḋ siḃ déaġḃlasta é? Bíoḋ salann ionnaiḃ, agus bíoḋ síoṫċáin eadraiḃ.

Currently Selected:

Marcus 9: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in