1
Marcus 10:45
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Óir ní ṫáinic Mac an Duine féin ċun freastal dʼḟaġáil, aċt ċun freastal a ḋéanaṁ, agus ċun a anam a ṫaḃairt mar éiric ar son ṁóráin.
Compare
Explore Marcus 10:45
2
Marcus 10:27
Agus dearcann Íosa orṫa agus deir: Ní ḟuil sé ar ċumas daoine, Aċt tá ar ċumas Dé; óir tá gaċ uile níḋ so-ḋéanta ag Dia.
Explore Marcus 10:27
3
Marcus 10:52
Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ, rinne do ċreideaṁ slán ṫú. Agus fuair sé aṁarc na súl ar an ḃomaite, agus lean sé é ar an ḃealaċ.
Explore Marcus 10:52
4
Marcus 10:9
An níḋ, ḋá ḃríġ sin, a ċeangail Dia, ná scaoileaḋ duine é.
Explore Marcus 10:9
5
Marcus 10:21
Agus dʼḟéaċ Íosa air, ṫug sé gráḋ dó, agus duḃairt leis: Tá tú i n-easbaiḋ aon níḋ aṁáin: imṫiġ, díol a ḃfuil agat agus taḃair do na boċta é, agus béiḋ stór ar neaṁ agat; agus tar, lean mise.
Explore Marcus 10:21
6
Marcus 10:51
Agus dʼḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Cad é is coil leat go ndéanfainn duit? Agus duḃairt an dall leis: A Ṁáiġistir, aṁarc mo ṡúl dʼḟaġáil.
Explore Marcus 10:51
7
Marcus 10:43
Aċt ní mar sin a ḃíos sé eadraiḃ-se, aċt cibé ar mian leis ḃeiṫ ina ḋuine ṁór, béiḋ sé ina ḟreastalaiḋe agaiḃ
Explore Marcus 10:43
8
Marcus 10:15
Amén adeirim liḃ: An té naċ nglacfaiḋ ċuige ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, ní raċaiḋ sé isteaċ inntí.
Explore Marcus 10:15
9
Marcus 10:31
Óir béiḋ mórán dá ḃfuil i dtoiseaċ ar deireaḋ, agus dá ḃfuil ar deireaḋ i dtoiseaċ.
Explore Marcus 10:31
10
Marcus 10:6-8
Aċt ó ṫús an ċruṫuiġṫe rinne Dia fireann agus baineann iad. Mar ġeall ar sin fágfaiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n-a ṁnaoi, Agus bérḋ siad beirt i n-aon colainn aṁáin. Ar an aḋḃar sin, ní ḋá ċolainn iad feasta, aċt aon ċolann aṁáin.
Explore Marcus 10:6-8
Home
Bible
Plans
Videos