YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 6

6
Caibidil VI
Glacann Críost leiṫscéal a ḋeisciobal: Leiġeasann sé ar an tsabóid: toġann sé an dáréag, agus ḃeir sé seanmóir dóiḃ.
1Agus ṫárla ar an dara ċéad sabóid#6, 1 An dara ċéad sabóid. Measann daoine áiriṫe gur Sabóid na Cingcíse atá i gceist:, óir b’í sin an dara ceann a ba ṁó i gcéim de na féilte móra. Measann daoine eile go gcialluiġeann an t-ainm an tsabóid a ṫigeaḋ díreaċ i ndiaiḋ féile sollaṁanta ar biṫ., nuair a ḃí sé ag dul fríd na guirt arḃair,#Mait. 12, 1; Marc. 2, 23. ḃí a ḋéisciobail ag piocaḋ na ndias, ġá gcuimilt ina mbosa, agus ġá n-iṫe.
2Agus duḃairt cuid de na Fairisíniġ leo: Cad ċuige a nḋéan siḃ rud naċ ḃfuil dlisteannaċ ar an tsabóid?
3Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfeagairt: An é nár léiġ siḃ an níḋ seo a rinne Dáiḃiḋ, nuair a ḃí ocras air féin agus ar an méid a ḃí ina ċuideaċta?
4Mar a ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé,#1 Ríġ. 21, 6. gur ṫóg agus gur iṫ sé aráin na fiaḋnaise, agus ṫug dóḃṫa sin a ḃí ina ċuideaċta, agus ní ceadṁaċ aċt do na sagairt#Ecs. 29, 32; Leiḃ. 24, 9. aṁáin a n-iṫe?
5Agus duḃairt sé leo: Tá Mac an Duine ina Ṫiġearna fiú ar an tṡabóid.
6Agus ṫárla ar ṡabóid eile fosta go ndeaċaiḋ sé isteaċ san tsineagóig agus go raiḃ sé ag teagasc; agus ḃí duine annsin, agus ḃí a láṁ ḋeas seargṫa.#Mait. 12, 10; Marc. 3, 1.
7Agus ḃí na Scríoḃaiḋte agus na Fairisíniġ ġá ċoiṁéad, féaċaint an ndéanfaḋ sé leiġeas ar an tsabóid, ċun go ḃfaġaḋ siad aḋḃar le cur ina leiṫ.
8Aċt ḃí fios a smaointe aige-sean, agus duḃairt sé leis an duine a raiḃ an láṁ ṡeargṫa air: Éiriġ agus seasuiġ i lár báire. Agus d’éiriġ seisean agus ṡeasuiġ.
9Agus duḃairt Íosa leo: Fiafruiġim díḃ, an cóir maiṫ a ḋéanaṁ ar an tsabóid, nó olc; anam a ṡáḃáil, nó a ṁilleaḋ?
10Agus nuair a d’aṁarc sé ṫart orṫa uilig, duḃairt sé leis an duine: Sín amaċ do láṁ. Agus ṡín, agus fágaḋ a láṁ slán aige.
11Aċt líonaḋ le mí-stuaim iad-san, agus ṫoisiġ siad a ċóṁraḋ eatorṫa féin, cad é ḋéanfaḋ siad le h-Íosa.
12Agus ṫárla ins na laeṫe sin, go ndeaċaiḋ sé suas ar an tsliaḃ a ḋéanaṁ urnaiġe, agus ṫug sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.
13Agus nuair a ṫáinic an lá, ġoir sé ċuige a ḋéisciobail, agus ṫoġ sé dáréag acu,#Mait. 10, 1; Marc. 3, 13. (a dtug sé Abstail orṫa).
14Síomon, a dtug sé Peadar mar ainm air, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, Séamus agus Eoin, Pilip agus Parṫolán,
15Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alṗeuis, agus Síomon, dá ngoirtear Dúṫraċtaiḋe,
16Agus Iúdas bráṫair Ṡéamuis, agus Iúdas Iscariot, an té a ḃraiṫ é.
17Agus ar ṫeaċt anuas dó i n-aoinḟeaċt leo, ṡeasuiġ sé ar ṁaċaire ṁín, agus cóiṁṫionól a ḋeisciobal ann, agus sluaġ mór daoine as Iudaia go léir agus ó Ierusalem agus ó ċladaiġ na Tiora agus na Sídoine,
18A ṫáinic le h-éisteaċt leis agus le leiġeas a gcuid galar d’ḟaġáil. Agus an méid a ḃíoḋ dá gcráḋaḋ ag spioraid neaṁġlana, leiġeasaḋ iad.
19Agus ḃí an sluaġ uilig ag iarraiḋ cuimilt leis, óir ḃí cuṁaċt ag dul amaċ uaiḋ, agus ġá leiġeas uilig.
20Agus nuair a ṫóg sé suas a ṡúla ar a ḋeisciobail,#Mait. 5, 2. duḃairt sé: Is beannuiġṫe siḃ-se na boċta, óir is liḃ ríoġaċt Dé.
21Is beannuiġṫe siḃ-se,#Mait. 5, 6. a ḃfuil ocras oraiḃ anois, óir ġeoḃaiḋ siḃ ḃur sáiṫ. Is beannuiġṫe siḃ-se, atá ag gol anois, óir béiḋ siḃ ag gáiriḋe.
22Is beannuiġṫe a ḃéas siḃ,#Mait. 5, 11. nuair a ḃéarfas na daoine fuaṫ díḃ, agus a ċuirfeas siad as a gcuideaċta siḃ, agus ḃéarfas siad tarcuisne díḃ, agus a ċaiṫfeas siad ḃur n-ainm uaṫa amaċ mar droċ-rud, mar ġeall ar Ṁac an Duine.
23Bíoḋ áṫas oraiḃ an lá sin agus éiriġigiḋ i n-áirde le lúṫġáir: óir féaċ, is mór ḃur luaċ saoṫair ar neaṁ; óir is mar sin a ġníoḋ a n-aiṫreaċa leis na fáiḋe.
24Aċt is mairg díḃ-se atá saiḋḃir,#Eccl. 3, 8; Amos 6, 1. óir tá ḃur sólás agaiḃ.
25Is mairg díḃ-se,#Isaias 65, 13. a ḃfuil ḃur sáiṫ agaiḃ, óir béiḋ ocras oraiḃ. Is mairg díḃ-se, atá ag gáiriḋe anois, óir béiḋ siḃ ag caoineaḋ agus ag gol.
26Is mairg díḃ nuair a laḃarfas na daoine go maiṫ oraiḃ; óir is mar sin a ġníoḋ a n-aiṫreaċa leis na fáiḋe bréige.
27Aċt deirim liḃ-se atá ag éisteaċt:#Mait. 5, 44. Gráḋuiġigiḋ ḃur náiṁde; déanaigiḋ maiṫ dóḃṫa sin a ṫug fuaṫ díḃ.
28Iarraigiḋ beannaċt ar na daoine a ḃíos ag mallaċtaiġ oraiḃ, agus guiḋigiḋ ar son na ndaoine a ḃíos ag cur ḃréag oraiḃ.
29Agus an té a ḃuaileas ṫú ar leacain leat,#Mait. 5, 39; 1 Cor. 6, 7. tionntuiġ ċuige an leacain eile fosta, agus má ḃeir duine do ċlóca leis, ná cosg air do ċasóg aċt a oiread.
30Taḃair do gaċ aoinneaċ a iarras ort, agus ná h-iarr ṫar ais do ċuid féin ar an té a ḃeir uait é.
31Agus do réir mar is toil liḃ#Mait. 7, 12; Tob. 4, 16. go ndéanaḋ na daoine liḃ déanaigiḋ leo mar an gcéadna.
32Agus má ġráḋuiġeann siḃ iad sin a ḃeir ġráḋ díḃ, cad é an buiḋeaċas a ḃíos oraiḃ?#Mait. 5, 46. Óir gráḋuiġeann na peacaiġ féin na daoine a ġráḋuiġeas iad.
33Agus má ġní siḃ maiṫ dóḃṫa sin a ġní maiṫ díḃ, cad é an buiḋeaċas a ḃíos oraiḃ? Óir ġní na peacaiġ féin an níḋ sin.
34Agus má ḃeir siḃ iasaċt#Deut. 15, 8; Mait. 5, 42. dóḃṫa sin ó n-a ḃfuil súil agaiḃ é d’ḟaġáil ṫar ais, cad é an buiḋeaċas a ḃíos oraiḃ? Óir ḃeir peacaiġ lasaċt do ṗeacaiġ ċun a gcoṫrom d’ḟaġáil ṫar ais.
35Aċt gráḋuiġigiḋ ḃur náiṁde; déanaigiḋ maiṫ agus taḃairigiḋ iasaċt, gan a ḃeiṫ ag súil le dadaṁ dá ḃárr, agus béiḋ luaċ saoṫair mór agaiḃ, agus béiḋ siḃ ḃur gcloinn ag an té is Áirde, óir bíonn seisean go maiṫ do ḋaoine a ḃíos díombuiḋeaċ agus olc,
36Ar an aḋḃar sin, bígiḋ trócaireaċ, mar atá ḃur n-Aṫair trócaireaċ fosta.
37Ná taḃairigiḋ breiṫeaṁnas,#Mait. 7, 1. agus ní ṫaḃarfar breiṫeaṁnas oraiḃ; ná daoraigiḋ, agus ní ḋaorfar siḃ; maiṫigiḋ, agus maiṫfear díḃ.
38Taḃairigiḋ uaiḃ, agus ḃéarfar díḃ: miosúr maiṫ, brúiġte síos, craiṫte agus ag dul ṫairis a ḃéarfas siad isteaċ i ḃur n-uċt. Óir is leis an ṁiosúr#Mait. 7, 2; Marc. 4, 24. ċéadna le n-a dtóṁaisfiḋ siḃ a ṫóṁaisfear ṫar ais díḃ.
39Agus laḃair sé saṁlaoid leo fosta: An dtig le dall dall a ṫreoruġaḋ? Naċ dtuiteann siad araon isteaċ san díg?
40Ní ḟuil an deisciobal ós cionn a ṁáiġistir;#Mait. 10, 24; Eoin 13, 16. aċt béiḋ gaċ aoinneaċ sár-ṁaiṫ, má bíonn sé mar a ṁáiġistir.
41Agus cad ċuige a ḃfeiceann tú an scealbóg i súil do ḋearḃráṫar,#Mait. 7, 3. agus naċ ndéan tú an tsail atá i do ṡúil féin a ḃreaṫnuġaḋ?
42Nó cad é mar ṫig leat a ráḋ le do ḋearḃráṫair: A ḋear-ḃráṫair, leig daṁ an scealbóg a ṫarraingt amaċ as do ṡúil, nuair naċ ḃfeiceann tú an tsail i do ṡúil féin? A ḃréagċráiḃṫiġ, caiṫ amaċ an tsail as do ṡúil féin ar dtús; agus annsin tcífiḋ cú go soiléir ċun an scealbóg a ḃaint as súil do ḋearḃráṫar.
43Óir ní ḟuil crann maiṫ a ḃeir droċ-ṫoraḋ uaiḋ,#Mait. 7, 18, agus 12, 33. ná crann olc a ḃeir déaġ-ṫoraḋ uaiḋ.
44Óir aiṫniġtear gaċ crann as a ṫoraḋ. Óir ní ċruinniġeann daoine fígí de ċrainn spíona, agus ní ḃaineann siad caor ḟíneaṁna de ḋreasóig.
45Tairgeann an déag-ḋuine an ṁaiṫ as déaġ-stór a ċroiḋe, agus tairgeann an droċ-ḋuine an t-olc as a ḋroċ-stór. Óir laḃrann an béal an rud a mbíonn an croiḋe lán de.
46Agus cad ċuige a ngoireann siḃ, a Ṫiġearna, a Ṫiġearna, díom, agus naċ ndéan siḃ na neiṫe a deirim?#Mait. 7, 21; Róṁ. 2, 13; Séamus 1, 22.
47Gaċ aoinneaċ dá dtig ċugam-sa, agus a éisteas le mo ḃriaṫra, agus a ġní dá réir, taisbeánfaiḋ mé díḃ cé leis ar cosaṁail é:
48Is cosaṁail é le duine ag cógáil tiġe, a ṫoċail go doṁain agus a leag an duḃṡraiṫ ar an ċarraig; agus nuair a ṫáinic an tuile, ḃuail an sruṫ go tréan fá’n tiġ sin, agus ní raiḃ sé i n-inniṁ é ċorruġaḋ; óir ḃí sé bunuiġṫe ar an ċarraig.
49Aċt an té a ċluin agus naċ ndéan, is cosaṁail é le duine aġ cógáil tiġe ar an ċarraig gan duḃṡraiṫ, agus ṫáinic an sruṫ go tréan air, agus ṫuit sé láiṫreaċ, agus ba ṁór tuitim an tiġe sin.

Currently Selected:

Lúcas 6: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in