Lúcas 7
7
Caibidil VII
Leiġeasann Críost giolla an ċeanntúra: tógann sé mac na bain treaḃaiġe ó’n ḃás: ḃeir sé freagair ar ṫeaċtairí Eoin: agus ḃeir sé maiṫeaṁnas do’n ṁnaoi a raiḃ aiṫreaċas uirṫí.
1Agus nuair a ċríoċnuiġ sé a ċuid cainnte uilig i n-éisteaċt na ndaoine, ċuaiḋ sé isteaċ go Caṗarnaum.#Mait. 8, 5.
2Agus ḃí seirḃíseaċ tinn i rioċt an ḃáis ag ceanntúir áiriṫe, agus cion mór aige air.
3Agus nuair a ċuala sé fá Íosa, ċuir sé seanóirí na n-Iúdaċ ċuige d’iarraiḋ air teaċt agus a ṡeirḃíseaċ a leiġeas.
4Agus nuair a ṫáinic siad ċuig Íosa, ġuiḋ siad é go dúṫraċtaċ, ag ráḋ leis: Is airiḋe air go ndéanfá seo dó;
5Óir tá gráḋ aige dár gcineaḋ, agus ṫóg sé an tsineagóg dúinn.
6Agus ċuaiḋ Íosa leo. Agus nuair a ḃí sé ċeana féin i ngaoḃar do’n tiġ, ċuir an ceanntúir cáirde ċuige, a ráḋ: A Ṫiġearna, ná ḃí do ḃoḋraḋ féin:#Mait. 8, 8. óir ní fiú mise go dtiocfá isteaċ faoi mo ḋíon;
7Ar an aḋḃar sin níor ṁeas mé gurḃ ḟiú mé féin teaċt ċugat; aċt abair an focal, agus béiḋ mo ġiolla slán.
8Óir is duine mise fosta atá faoi smaċt, agus tá saiġdiuirí fúm, agus deirim leis an fear seo: Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus leis an ḟear eile: Tar, agus tig sé; agus le mo ṡeirḃíseaċ: Déan seo, agus ġní sé é.
9Agus ar a ċluinstin sin do Íosa, ḃí iongantas air, agus ag tionntóḋ ṫart dó ċuig na sluaiġte a ḃí ġá leanaṁaint, duḃairt sé: Amén adeirim liḃ, ní ḟuair mé a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél féin.
10Agus ar ṗilleaḋ aḃaile do na daoine a cuireaḋ ċuige, fuair siad slán an seirḃíseaċ a ḃí tinn.
11Agus ṫárla ina ḋiaiḋ sin go ndeaċaiḋ sé isteaċ i gcaṫair dá ngoirtear Naim, agus ċuaiḋ a ḋeisciobail agus sluaġ mór i n-aoinḟeaċt leis.
12Agus nuair a ṫáinic sé cóṁgaraċ do ġeafta na caṫraċ, féaċ, ḃí duine marḃ dá iomċar amaċ, aonṁac a ṁáṫar; agus ḃí sise ina baintreaḃaiġ: agus ḃí sluaġ mór de ṁuinntir na caṫraċ léi.
13Agus nuair a ċonnaic an Tiġearna í, bogaḋ é le truaiġe dí, agus duḃairt sé léi: Ná caoin.
14Agus ṫáinic sé ar aġaiḋ agus ċuir sé a láṁ ar an ċróċar. (Agus ṡeasuiġ na daoine a ḃí ag iomċar.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, éiriġ.
15Agus d’éiriġ an té a ḃí marḃ ina ṡuiḋe, agus ṫoisiġ sé a laḃairt. Agus ṫug sé dá ṁáṫair é.
16Agus ṫáinic eagla orṫa uilig, agus ṫug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ:#Eoin 4, 19. D’éiriġ fáiḋ mór i n-ár measc, agus ḋearc Dia ar a ṁuinntir.
17Agus ċuaiḋ an ṡcéal seo fá dtaoiḃ de amaċ fríd Iudaia go h-iomlán, agus fríd an tír uilig ṫart timċeall.
18Agus d’innis deisciobail Eoin ḋó fá na neiṫe seo uilig.
19Agus ġoir Eoin ċuige beirt dá ḋeisciobail, agus ċuir sé ċuig Íosa iaḋ, a ráḋ:#Mait. 11, 2. An tusa an té atá le ṫeaċt, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?
20Agus nuair a ṫáinic na fir ċuige, duḃairt siad: Ċuir Eoin Baiste sinne ċugat, a ráḋ: An tusa an té atá le ṫeaċt, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?
21Agus an uair ċéadna sin leiġeas sé mórán ó ġalair agus ó ċréaċta agus ó airspioraid, agus ṫug sé an t-aṁarc do ṁórán dall.
22Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: Imṫiġigiḋ agus innsigiḋ do Eoin na neiṫe a ċuala siḃ agus a ċonnaic siḃ, go ḃfuil raḋarc#Isaias 35, 5. ag na daill, go ḃfuil siuḃal ag na bacaiġ, go nglantar na loḃair, go ḃfuil éisteaċt ag an boḋair, go n-éiriġeann na mairḃ, go ḃfuil an soiscéal dá ṫeagasc do na boċta.
23Agus is beannuiġṫe an té ar biṫ naċ ḃfuiġiḋ scainneal ionnam-sa.
24Agus nuair a d’imṫiġ teaċtairí Eoin, ṫoisiġ sé a ráḋ leis na sluaiġte fá Eoin: Cad é a ndeaċaiḋ siḃ amaċ san ḟásaċ a ḟeiceáil? Giolcaċ dá luascaḋ le gaoiṫ?
25Aċt cad é a ndeaċaiḋ siḃ amaċ a ḟeiceáil? Duine gléasta i n-éadaiġe míne? Féaċ, is i dtiġṫe ríoġ a ḃíos luċt an éadaiġ luaċṁair agus an tsóiġ.
26Aċt cad é a ndeaċaiḋ siḃ amaċ a ḟeiceáil? Fáiḋ? Is eaḋ, deirim liḃ, agus duine is mó ná fáiḋ.
27Is é seo an té a ḃfuil sé scríoḃṫa fá dtaoiḃ de:#Mal. 3, 1; Mait. 11, 10; Marc. 1, 2. Féaċ, tá mé ag cur m’aingil róṁat amaċ ċun do ṡliġe a réiḋteaċ róṁat.
28Óir deirim liḃ: Ní fuil orṫa sin a rugaḋ ó ṁná aon ḟáiḋ is mó ná Eoin Baiste; aċt an té ar luġa é i ríoġaċt Dé, is mó é ná eisean.
29Agus na daoine uilig a ḃí ag éisteaċt, agus na puibliocánaiġ, d’adṁuiġ siad ceart Dé#7, 29 D’adṁuiġ siad ceart Dé. Ṁol siad Dia mar ġeall ar a ċeart, ṫug siad ómós dó, agus ṫáinic eagla Dé orta: d’adṁuiġ siad é ḃeiṫ ceart agus é ḃeiṫ trócaireaċ., óir ḃí siad baistṫe le baisteaḋ Eoin.
30Aċt ṫarcuisniġ na Fairisíniġ agus na dliġṫeoirí cóṁairle Dé ina n-aġaiḋ féin, óir níor ġlac siad-san a ḃaisteaḋ.
31Agus duḃairt an Tiġearna: Cá leis mar sin a saṁlóċarḋ mé muinntir na glúine seo?#Mait. 11, 16. agus cá leis ar cosaṁail iad?
32Is cosaṁail iad le páistí ina suiḋe ar áit an ṁargaiḋ, agus iad ag laḃairt le ċéile, agus ag ráḋ: Rinneamar píobair-eaċt díḃ, agus ní ḋearna siḃ rinnce; rinneamar mairgneaċ díḃ, agus níor ċaoin siḃ.
33Óir ṫáinic Eoin Baiste agus gan é ag iṫe aráin ná ag ól fíona,#Mait. 3, 4; Marc. 1, 6. agus deir siḃ: Tá deáṁan ann.
34Ṫáinic Mac an Duine agus é ag iṫe agus ag ól, agus deir siḃ: Féaċ, duine craosaċ, póitire fíona, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ.
35Agus fuair an eagna a saoraḋ ó n-a cloinn féin go léir.
36Agus d’iarr duine de na Fairisíniġ#7, 36 Duine de na Fairisíniġ. i.e. Síomon. air biaḋ a ċaiṫeaṁ ina ċuideaċta, agus ar ḋul isteaċ i dtig an Ḟairisíniġ dó, ṡuiḋ sé síos ċun bíḋ.
37Agus féaċ, bean#Mait. 26, 7; Marc. 14, 3; Eoin 11, 2, agus 12, 3. a ḃí ma peacaċ san ċaṫair, nuair a b’eol dí go raiḃ sé ag caiṫeaṁ bíḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ, ṫug sí léi bocsa alabastair d’ungaḋ,
38Agus ina seasaṁ taoḃ ṫiar de ag a ċosa, ṫoisiġ sí a niġe a ċos le n-a deora, agus á dtriomuġaḋ le gruaig a cinn, agus ḃí sí ag pógaḋ a ċos agus ġá gcuimilt leis an ungaḋ.
39Agus ġá ḟeiceáíl seo do’n Ḟairisíneaċ a ṫug cuireaḋ dó, laḃair sé leis féin, ag ráḋ: Dá mba fáiḋ é seo, ḃéaḋ a ḟios aige go cinnte cé h-í an ḃean seo, agus cad é an cinéal mná í, atá ag baint leis, óir is peacaċ í.
40Agus duḃairt Íosa leis, ġá ḟreagairt: A Ṡíomoin, tá rud éigin agam le ráḋ leat. Agus duḃairt seisean: A Ṁáiġistir, abair é.
41Ḃí ḋa ḟiaċaṁnaċ ag fear áiriṫe, agus ḃí cúig ċéad piġinn aige ar ḋuine acu, agus leiṫ-ċéad ar an duine eile.
42Agus mar naċ raiḃ caoi díolaiḋeaċta acu, ṁaiṫ sé dóiḃ araon. Cé acu, dá ḃríġ sin, ar annsa leis é?
43D’ḟreagair Síomon agus duḃairt: Creidim gurab é an té is mó ar ṁaiṫ sé dó. Agus duḃairt sé leis: Tá do ḃreiṫ ceart.
44Agus ag tionntóḋ ċun na mná dó, duḃairt sé le Síomon: An ḃfeiceann tú an ḃean seo? Ṫáinic mise isteaċ i do ṫiġ, agus ní ṫug tú uisce daṁ fá ċoinne mo ċos; aċt niġ sise mo ċosa le n-a deora agus ṫriomuiġ sí iad le n-a cuid gruaige.
45Ní ṫug tusa póg daṁ; aċt ó ṫáinic sí seo isteaċ níor stad sí de ṗógaḋ mo ċos.
46Níor ung tusa mo ċeann le h-ola; aċt d’ung sise mo ċosa le h-ungaḋ.
47Ar an aḋḃar sin, deirim leat: Tá mórán peacaiḋe maiṫte dí, de ḃríġ gur ġráḋuiġ sí go mór#7, 47 De ḃríġ gur ġráḋuiġ sí go mór. Corr uair san Scrioptúir luaiḋtear aon ċúis aṁáin le toraḋ, giḋ go mbíonn mórán de ċúiseanna eile ag cóṁoibriuġaḋ leis an ċúis sin i dtaḃairt an torṫa. Deirtear annseo go ḃfuil a peacaiḋe maiṫtce do’n ṁnaoi seo, de ḃríġ gur ġráḋuiġ sí go mór, aċt i béarsa a 50 deir Críost léi: Rinne do ċreideaṁ slán ṫú. Mar sin de téiġeann creideaṁ, dóċas, gráḋ, dólás, agus ullṁuiġte eile, ċun duine a ṫionntóḋ ċun Dé.; aċt an té dá maiṫtear an beagán, is luġa a ġráḋ.
48Agus duḃairt sé léi: Tá na peacaiḋe maiṫte duit.#Mait. 9, 2.
49Agus iad sin a ḃí ina suiḋe ċun bíḋ ina ċuideaċta, ṫoisiġ siad a ráḋ leo féin: Cé h-é seo a ġní fiú peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ?
50Agus duḃairt sé leis an ṁnaoi: Rinne do ċreideaṁ stán ṫú; imṫiġ fá ṡíoṫċáin.
Currently Selected:
Lúcas 7: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland