Ar an aḋḃar sin níor ṁeas mé gurḃ ḟiú mé féin teaċt ċugat; aċt abair an focal, agus béiḋ mo ġiolla slán.
Óir is duine mise fosta atá faoi smaċt, agus tá saiġdiuirí fúm, agus deirim leis an fear seo: Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus leis an ḟear eile: Tar, agus tig sé; agus le mo ṡeirḃíseaċ: Déan seo, agus ġní sé é.
Agus ar a ċluinstin sin do Íosa, ḃí iongantas air, agus ag tionntóḋ ṫart dó ċuig na sluaiġte a ḃí ġá leanaṁaint, duḃairt sé: Amén adeirim liḃ, ní ḟuair mé a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél féin.