1
Lúcas 6:38
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Taḃairigiḋ uaiḃ, agus ḃéarfar díḃ: miosúr maiṫ, brúiġte síos, craiṫte agus ag dul ṫairis a ḃéarfas siad isteaċ i ḃur n-uċt. Óir is leis an ṁiosúr ċéadna le n-a dtóṁaisfiḋ siḃ a ṫóṁaisfear ṫar ais díḃ.
Compare
Explore Lúcas 6:38
2
Lúcas 6:45
Tairgeann an déag-ḋuine an ṁaiṫ as déaġ-stór a ċroiḋe, agus tairgeann an droċ-ḋuine an t-olc as a ḋroċ-stór. Óir laḃrann an béal an rud a mbíonn an croiḋe lán de.
Explore Lúcas 6:45
3
Lúcas 6:35
Aċt gráḋuiġigiḋ ḃur náiṁde; déanaigiḋ maiṫ agus taḃairigiḋ iasaċt, gan a ḃeiṫ ag súil le dadaṁ dá ḃárr, agus béiḋ luaċ saoṫair mór agaiḃ, agus béiḋ siḃ ḃur gcloinn ag an té is Áirde, óir bíonn seisean go maiṫ do ḋaoine a ḃíos díombuiḋeaċ agus olc
Explore Lúcas 6:35
4
Lúcas 6:36
Ar an aḋḃar sin, bígiḋ trócaireaċ, mar atá ḃur n-Aṫair trócaireaċ fosta.
Explore Lúcas 6:36
5
Lúcas 6:37
Ná taḃairigiḋ breiṫeaṁnas, agus ní ṫaḃarfar breiṫeaṁnas oraiḃ; ná daoraigiḋ, agus ní ḋaorfar siḃ; maiṫigiḋ, agus maiṫfear díḃ.
Explore Lúcas 6:37
6
Lúcas 6:27-28
Aċt deirim liḃ-se atá ag éisteaċt: Gráḋuiġigiḋ ḃur náiṁde; déanaigiḋ maiṫ dóḃṫa sin a ṫug fuaṫ díḃ. Iarraigiḋ beannaċt ar na daoine a ḃíos ag mallaċtaiġ oraiḃ, agus guiḋigiḋ ar son na ndaoine a ḃíos ag cur ḃréag oraiḃ.
Explore Lúcas 6:27-28
7
Lúcas 6:31
Agus do réir mar is toil liḃ go ndéanaḋ na daoine liḃ déanaigiḋ leo mar an gcéadna.
Explore Lúcas 6:31
8
Lúcas 6:29-30
Agus an té a ḃuaileas ṫú ar leacain leat, tionntuiġ ċuige an leacain eile fosta, agus má ḃeir duine do ċlóca leis, ná cosg air do ċasóg aċt a oiread. Taḃair do gaċ aoinneaċ a iarras ort, agus ná h-iarr ṫar ais do ċuid féin ar an té a ḃeir uait é.
Explore Lúcas 6:29-30
9
Lúcas 6:43
Óir ní ḟuil crann maiṫ a ḃeir droċ-ṫoraḋ uaiḋ, ná crann olc a ḃeir déaġ-ṫoraḋ uaiḋ.
Explore Lúcas 6:43
10
Lúcas 6:44
Óir aiṫniġtear gaċ crann as a ṫoraḋ. Óir ní ċruinniġeann daoine fígí de ċrainn spíona, agus ní ḃaineann siad caor ḟíneaṁna de ḋreasóig.
Explore Lúcas 6:44
Home
Bible
Plans
Videos