Lúcas 5
5
Caibidil V
Tógáil ṁíorḃailteaċ éisc. Leiġeas loḃair agus leiġeas duine a raiḃ galar creaṫaċ air. Gairm Ṁaitiú.
1Agus ṫárla, nuair a ḃí na sluaiġte ag brúġaḋ isteaċ air ċun briaṫar Dé a ċluinstin, gur ṡeasuiġ sé cois loċ Ġenesaret,
2Agus ċonnaic sé ḋá luing#Mait. 4, 18; Marc. 1, 16. ina seasaṁ le taoiḃ an loċa: aċt ḃí na h-iascairí imṫiġṫe astú, agus ḃí siad ag niġe a gcuid eangaċ.
3Agus ag dul isteaċ dó i gcionn de na longa, arḃ le Síomon í, d’iarr sé air tarraingt amaċ giota ó’n talaṁ. Agus ag suiḋe síos dó teagasc sé an sluaġ as an luing.
4Aċt nuair a stad sé de ċainnt, duḃairt sé le Síomon: Cuir amaċ ar an doiṁneaċt, agus leigigiḋ síos ḃur n-eangaċa ċun gaḃála.
5Agus d’ḟreagair Síomon, agus duḃairt sé leis: A Ṁáiġistir, ṡaoṫruiġeamar ar feaḋ na h-oiḋċe uilig, agus níor ġaḃamar dadaṁ; aċt ar d’ḟocal-sa leigfiḋ mé síos an eangaċ.
6Agus nuair a ḃí seo déanta acu, ġaḃ siad án iomad iasc, agus ḃris a n-eangaċ.
7Agus ṫug siad cóṁarṫa dá gcomrádaiḋṫe a ḃí san luing eile teaċt agus cuidiuġaḋ leo. Agus ṫáinic siad, agus líon siad an dá luing, ionnas go raiḃ siad ċóṁair a ḃeiṫ ag dul faoi uisce.
8Agus nuair a ċonnaic Síomon Peadar seo, ṫuit sé síos ag glúna Íosa, ag ráḋ: Imṫiġ uaim, óir is duine peacṫaċ mé, a Ṫiġearna.
9Óir ḃí an t-uaṫḃás ar fad air, agus ar a raiḃ leis, fá’n luċt éisc a ġaḃ siad:
10Agus ḃí mar an gcéadna ar Ṡéamus agus ar Eoin, mic Ṡebede, a ḃí i gcóṁar le Síomon. Agus deir Íosa le Síomon: Ná bíoḋ eagla ort: gaḃfaiḋ tú daoine feasta.
11Agus nuair a ṫug siad a longa ċun tíre, d’ḟág siad gaċ niḋ, agus lean siad é.
12Agus ṫárla, nuair a ḃí sé i gcionn de na caṫraċa, féaċ, fear lán de loḃra,#Mait. 8, 2; Marc. 1, 40. ar ḟeiceáil Íosa dó, ċaiṫ sé é féin síos ar a aġaiḋ agus ġuiḋ sé é, ag ráḋ: A Ṫiġearna, má’s toil leat, tig leat mé a ḋéanaṁ glan.
13Agus ag síneaḋ amaċ a láiṁe dó, leig sé air í, ag ráḋ: Is toil; déantar glan ṫú. Agus d’imṫiġ an loḃra de ar an ḃomaite.
14Agus d’órduiġ sé dó gan innse d’aoinneaċ, aċt imṫiġ, taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus déan ofráil ar son do ġlanta mar d’órduiġ Maoise,#Leiḃ. 14, 4. mar ḟiaḋnaise dóiḃ.
15Aċt is aṁlaiḋ is mó a leaṫnuiġ iomráḋ air, agus ċruinniġ sluaiġte móra le h-éisteaċt leis agus le leiġeas d’ḟaġáil ó n-a gcuid galar.
16Aċt d’imṫiġ seisean isteaċ san uaigneas agus rinne sé urnaiġe.
17Agus ṫárla lá aṁáin go raiḃ sé ina ṡuiḋe ag teagasc. Agus ḃí ina suiḋe ann Fairisíniġ agus doctúirí dliġe a ṫáinic as gaċ baile de’n Ġailile agus de Iudaia agus as Ierusalem, agus ḃí cuṁaċt an Tiġearna ċun a slánuiġṫe.
18Agus féaċ, ḃí fir ag iomċar ar leabaiḋ duine a raiḃ galar creaṫaċ air,#Mait. 9, 2; Marc. 2, 3. agus ḃí siad ag larraiḋ é ṫaḃairt isteaċ agus é leagan ós a ċóṁair,
19Agus mar naċ ḃfuair siad aon ċaoi le n-a ṫaḃairt isteaċ mar ġeall ar an tsluaġ, ċuaiḋ siad suas ar ṁullaċ an tiġe, agus leig siad síos fríd na licíní mar aon leis an leabaiḋ é i lár báire ós cóṁair Íosa.
20Agus nuair a ċonnaic seisean a gcreideaṁ, duḃairt sé: A ḋuine, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.
21Agus ṫoisiġ na Scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ a smaoineaḋ, agus a ráḋ: Cé h-é seo a laḃras diaṁaslaċa? Cé aċt Dia aṁáin a dtig leis peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ?
22Aċt ó ḃi fios a smaointe ag Íosa, duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: Cad é sin ar a ḃfuil siḃ ag smaoineaḋ i ḃur gcroiḋṫe?
23Cé acu is fusa a ráḋ: Tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit, nó a ráḋ: Éiriġ agus siuḃal?
24Aċt ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ag Mac an Duine ar talaṁ peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ (deir sé leis an té a raiḃ an galar creaṫaċ air): Deirim leat, éiriġ, tóg do leabaiḋ, agus gab isteaċ i do ṫiġ.
25Agus d’éiriġ sé láiṫreaċ ós a gcóṁair, ṫóg an leabaiḋ ina raiḃ sé ina luiġe, agus d’imṫiġ sé ċun a ṫiġe ag taḃairt ġlóire do Ḋia.
26Agus ġaḃ uaṫḃás iad uilig, agus ṫúg siad glóir do Ḋia. Agus líonaḋ le h-eagla iad uilig, agus duḃairt siad: Ċonnacamar longantaisí indiu.
27Agus ċuaiḋ sé amaċ ina ḋiaiḋ sin, agus ċonnaic sé puibliocánaċ darḃ ainm Leiḃí,#Mait. 9, 9; Marc. 2, 14. ina ṡuiḋe ag oific na cánaċ, agus duḃairt sé leis: Lean mise.
28Agus ar ḟágáil gaċ níḋ dó-san, d’éiriġ sé agus lean sé é.
29Agus rinne Leiḃí féasta mór dó ina ṫiġ féin, agus ḃí sluaġ mór puibliocánaċ agus daoine eile ann, a ḃí ina suiḋe ċun bíḋ i n-aoinḟeaċt leo.
30Agus ḃí a ḃFairisíniġ agus a Scríoḃaiḋṫe ag mannrán, agus ag ráḋ le n-a ḋeisciobail:#Marc. 2, 16. Gad ċuige a ḃfuil siḃ ag iṫe agus ag ól i gcuroeaċta na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?
31Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Ní ar na daoine slána a ḃíos liaiġ do ḋíṫ, aċt ar na daoine breoiḋte.
32Ní ṫáinic mise le glaoḋaċ ar ḟíréin aċt ar ṗeacaiġ ċun aiṫriġe.
33Agus duḃairt siad leis:#Marc. 2, 18. Cad ċuige a ndéan deisciobail Eoin troscaḋ agus urnaiġṫe go minic, agus cuid na ḃFairisíneaċ mar an gcéaḋna, aċt go mbíonn do ċuid-se ag iṫe agus ag ól?
34Agus duḃairt seisean leo: An dtig liḃ taḃairt ar ċloinn an ḟir nuaṗósta troscaḋ a ḋéanaṁ a ḟad agus ḃíos an fear nua-ṗósta ina gcuiḋeaċta?
35Aċt tiocfaiḋ na laeṫe nuair a ṫógfar an fear nuaṗósta ar ṡiuḃal uaṫa, annsin ḋéanfaiḋ siad troscaḋ ins na laeṫe sin.
36Agus laḃair sé saṁlaoid leo fosta: Ní ċuireann aoinneaċ paiste as ball nua éadaiġ ar ṡean-ḃall éadaiġ, nó strócann sé an rud nua, agus ní ḟóireann an ball nua do’n tsean-ḃall.
37Agus ní ċuireann aoinneaċ fíon úr i sean-ḃuidéil, nó brisfiḋ an fíon úr na buidéil, agus doirtfear é féin, agus raċaiḋ na buidéil amuġa;
38Aċt is cóir fíon úr a ċur i mbuidéil úra, agus sáḃáiltear iad araon.
39Agus ní fuil aoinneaċ a ólas sean-ḟíon, a mbíonn toil aige láiṫreaċ do ḟíon ur, óir deir sé: Is é an sean-ḟíon is feárr.
Currently Selected:
Lúcas 5: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland