Lúcas 10
10
Caibidil X
Cuireann Críost an dá ḋeisciobal déag agus trí fiċid amaċ fríd an tír, agus ḃeir sé teagasc dóiḃ. An Samáiriteánaċ maiṫ.
1Agus ina ḋiaiḋ seo ṫoġ an Tiġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé amaċ roiṁe iad, ina mbeirt agus ina mbeirt, go gaċ caṫair agus áit ina raiḃ sé féin le ṫeaċt.
2Agus duḃairt sé leo:#Mait. 9, 37. Tá an fóġṁar mór go dearḃṫa, aċt tá na h-oibriḋṫe gann. Ar an aḋḃar sin, guiḋigiḋ Tiġearna an ḟóġṁair ċun go gcuiriḋ sé oibriḋṫe amaċ ċuig a ḟóġṁar.
3Imṫiġigiḋ: féaċ, cuirim siḃ aṁail uain imeasc mac tíré.#Mait. 10, 16.
4Ná h-iomċaraigiḋ sparán,#Mait. 10, 10; Marc. 6, 8. ná mála, ná bróga, agus ná beannuiġigiḋ#4 Ríġ. 4, 29. do ḋuine ar biṫ ar an ḃealaċ.
5Cibé teaċ a raċaiḋ siḃ isteaċ ann, abraigiḋ ar dtús: Go raiḃ síoṫċáin ag an tiġ seo.
6Agus má ḃíonn mac na síoṫċána annsin, cóṁnóċaiḋ ḃur síoṫċáin air; aċt muna raiḃ, tiocfaiḋ sí ṫar ais ċugaiḃ.
7Agus fanaigiḋ san tiġ ċéadna, ag iṫe agus ag ól na neiṫe a ḃíos acu: óir is fiú a ṫuarastal an t-oibriḋe.#Deut. 24, 14; Mait. 10, 10; 1 Tim. 5, 18. Ná bígiḋ ag imṫeaċt ó ṫiġ go tiġ.
8Agus cibé caṫair ina raċaiḋ siḃ isteaċ agus go ḃfáilteoċaiḋ siad róṁaiḃ, iṫigiḋ na neiṫe a ċuirtear ós ḃur gcóṁair,
9Agus leiġeasaigiḋ na daoine breoiḋte a ḋíos inntí, agus abraigiḋ leo: Tá ríoġaċt Dé i ngaoḃar díḃ.
10Agus cibé caṫair ina raċaiḋ siḃ isteaċ agus naċ ḃfáilteoċaiḋ siad róṁaiḃ, ag dul amaċ ar a sráideaċa díḃ, abraigiḋ:
11Fiú an dusta ó ḃur gcaṫair a ġreamuiġ dínn, glanamuid dínn é i ḃur n-aġaiḋ;#Gníoṁ. 13, 51. aċt bíoḋ a ḟios seo agaiḃ, go ḃfuil ríoġaċt Dé i ngaoḃar díḃ.
12Deirim liḃ go mbéiḋ sócaṁal ag Sodom an lá sin ṫar mar ḃéas ag an ċaṫair sin.
13Is mairg duit, a Ċorosáin, is mairg duit, a Ḃeṫsaida,#Mait. 11, 21. óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorḃailte a rinneaḋ ionnaiḃ-se, ḃéaḋ aiṫriġe déanta i ḃfad ó ṡoin acu, agus iad ina suiḋe i n-éadaċ róin agus i luaiṫ.
14Aċt béiḋ sócaṁal ag Tior agus ag Sídoin san ḃreiṫeaṁnas ṫar mar ḃéas agaiḃ-se.
15Agus tusa, a Ċaṗarnaum, atá tógṫa suas go neaṁ, taomfar síos go h-ifreann ṫú.
16An té a éisteas liḃ-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a ḃeir tarcuisne díḃ-se, ḃeir sé tarcuisne daṁ-sa.#Mait. 10, 40; Eoin 13, 20. Agus an té a ḃeir tarcuisne daṁ-sa, beir sé tarcuisne do’n té a ċuir uaiḋ mé.
17Agus ṗill an dáréag agus trí fiċid fá lúṫġáir, ag ráḋ: A Ṫiġarna, tá na deaṁain féin faoi n-ár smaċt i d’ainm-se.
18Agus duḃairt sé leo: Ċonnaic mé Satan ag tuitim mar splainnc ó neaṁ.
19Féaċ, ṫug mé cuṁaċt díḃ saltairt ar naiṫreaċa niṁe agus scorpioin, agus ar neart an náṁad go h-iomlán, agus ní ġortóċaiḋ aon níḋ siḃ.
20Aċt ná bíoḋ lúṫġáir oraiḃ san ṁéid seo, go ḃfuil na spioraid faoi ḃur smaċt; aċt bíoḋ lúṫġáir oraiḃ, de ḃríġ go ḃfuil ḃur n-ainmneaċa scríoḃṫa ins na flaiṫis.
21San uair ċéadna sin ṫáinic lúṫġáir air san Spiorad Naoṁ#10, 21 Ṫáinic lúṫġáir air san Spiorad Naoṁ. Is é sin le ráḋ, do réir a ḋaonnaċta ṫáinic lúṫġáir air san Spiorad Naoṁ, agus ṫug sé buiḋeċas dá Aṫair Ṡíorraiḋe., agus duḃairt:#Mait. 11, 25. Ḃeirim buiḋeaċas duit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talaiṁ, de ḃríġ gur ḟoluiġ tú na neiṫe seo ar luċt eagna agus críonnaċta, agus gur ḟoillsiġ tú iad do leanḃám. Seaḋ, a Aṫair, de ḃríġ gurḃ í sin do ḋéaġ-ṫoil.
22Tá na h-uile neiṫe tugṫa daṁ-sa ag m’Aṫair, agus ní fuil a ḟios ag aoinneaċ cé h-é an Mac, aċt an t-Aṫair, ná cé h-é an t-Aṫair, aċt an Mac agus an té ar ṫoil leis an Ṁac a noċtaḋ dó.
23Agus ag tionntóḋ ċuig a ḋeisciobail dó, duḃairt sé:#Mait. 13, 16. Is beannuiġṫe na súla atċí na neiṫe atċí siḃ-se.
24Óir deirim liḃ, gurḃ áil le mórán fáiḋ agus ríġṫe na neiṫe d’ḟeiceáil, atċí síḃ-se, agus ní ḟaca siad iad; agus na neiṫe a ċluinstin, a ċluin siḃ-se, agus ní ċuala siad iad.
25Agus féaċ, d’éiriġ dliġṫeoir áiriṫe ina ṡeasaṁ, ag cur féaċála air, agus ag ráḋ:#Mait. 22, 35; Marc. 12, 28. A Ṁáiġistir, cad é is éigean daṁ a ḋéanaṁ leis an ḃeaṫa ṡíorraiḋe a ġnóṫuġaḋ?
26Agus duḃairt seisean leis: Cad é atá scríoḃṫa san dliġe? Ċad é mar léiġeas tú?
27D’ḟreagair sé agus duḃairt:#Deut. 6, 5. Gráḋóċaiḋ tú an Tiġearna, do Ḋia, le do ċroiḋe go h-iomlán, agus le d’anam go h-iomlán, agus le do neart go h-iomlán, agus le d’intinn go h-iomlán; agus do ċóṁarsa mar ṫú féin.
28Agus duḃairt seisean leis: D’ḟreagair tú go ceart: déan seo, agus mairfiḋ tú.
29Aċt d’ḟonn é féin a ċur san ċeart, duḃairt sé le h-Íosa: Agus cé h-é mo ċóṁarsa?
30D’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Ċuaiḋ duine áiriṫe síos ó Ierusalem go h-Ierico, agus casaḋ air sladairí a ċreaċ é; agus i ndiaiḋ é a lot, d’imṫiġ siad leo, ġá ḟágáil leaṫ-ṁarḃ.
31Agus ṫárla go ndeaċaiḋ sagart áiriṫe síos an bealaċ céadna, agus giḋ go ḃfaca sé é, ċuaiḋ sé ṫart ṫairis.
32Agus mar an gcéadna, nuair a ḃí leiḃíteaċ i ngaoḃar do’n áit, agus ċonnaic sé é, ċuaiḋ sé ṫairis.
33Aċt ḃí Samáiriteánaċ áiriṫe ag cur an ḃóṫair de, agus ṫáinic sé i ndeas dó; agus ar a ḟeiceáil dó, bogaḋ le truaiġe é.
34Ṫáinic sé ċuige agus ċeangail sé suas a ċréaċta, ag dorcaḋ ola agus fíona ionnta: agus ġá ċur ar a ḃeiṫiḋeaċ féin dó, ṡeól sé go teaċ ósta é, agus ṫug aire dó.
35Agus lá ar n-a ḃáraċ, ṫarraing sé amaċ ḋá ṗiġinn, agus ṫug do’n óstóir iad, ag ráḋ: Taḃair aire dó, agus cibé a ċaiṫfeas tú ós a ċionn seo, díolfaiḋ mise leat é nuair a ṗillfeas mé.
36Cé acu de’n triúr seo, dar leat, a ḃí ina ċóṁarsain ag an té ar casaḋ na sladairí air?
37Aċt duḃairt seisean: An té a rinne trócaire air. Agus duḃairt Íosa leis: Gaḃ, agus déan ṫusa mar an gcéadna.
38Agus ṫárla, ag imṫeaċt dóiḃ, go ndeaċaiḋ seisean isteaċ i mbaile áiriṫe, agus ġlac bean áiriṫe, arḃ ainm dí Marta, isteaċ ċun a tiġe é.
39Agus ḃí deirḃṡiúr aice, darḃ ainm Máire, agus ṡuiḋ sise ag cosa an Tiġearna fosta ag éisteaċt le n-a ḃriaṫar.
40Aċt ḃí Marta graiṫeaċ ag déanaṁ mórán freastail: agus ṡeasuiġ sí, agus duḃairt: A Ṫiġearna, an é naċ misde leat gur ḟág mo ḋeirḃṡiúr mise le freastal a déanaṁ i m’aonar? Abair léi, mar sin, cuidiuġaḋ liom.
41Agus d’ḟreagair an Tiġearna í, agus duḃairt: A Ṁarta, a Ṁarta, tá cúram ort, agus buaiḋreaṁ ort fá ṁórán neiṫe.
42Aċt is aon níḋ aṁáin atá riaċtanaċ. Rinne Máire an roġa is feárr, agus ní ḃainfear uaiṫe é.
Currently Selected:
Lúcas 10: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland