Lúcas 9
9
Caibidil IX
Cuireann Críost a Abstail amaċ fríd an tír: coṫuiġeann sé cúig ṁíle le cúig h-aráin: tig aṫruġaḋ croṫa air: agus teilgeann sé amaċ deaṁan.
1Annsin nuair a ġoir sé ċuige an dáréag Abstal, ṫug sé cuṁaċt agus uġdarás dóiḃ ar na deaṁain go h-uile, agus galair a leiġeas.#Mait. 10, 1; Marc. 3, 15.
2Agus ċuir sé iad a ṡeanmóir ríoġaċt Dé, agus a leiġeas na ndaoine breoiḋte.
3Agus duḃairt sé leó:#Mait. 10, 9; Marc. 6, 8. Ná taḃairigiḋ dadaṁ liḃ le h-aġaiḋ bur n-aistir, bata, ná mála, ná arán, ná airgead, agus ná bíoḋ ḋá ċóta agaiḃ.
4Agus cibé teaċ a raċaiḋ siḃ isteaċ ann, cóṁnuiġigiḋ annsin, agus ná h-imṫiġigiḋ as.
5Agus muna ḃfáiltiġiḋ daoine róṁaiḃ, cibé ar biṫ iad, ag dul amaċ as an ċaṫair sin díḃ, craiṫigiḋ fiú an dusta de bur gcosa mar ḟiaḋnaise ina n-aġaiḋ.#Gníoṁ. 13, 51.
6Agus ar imṫeaċt dóiḃ ṫaisteal siad na bailte, ag seanmóir-eaċt an tsoiscéil agus ag leiġeas i ngaċ áit.
7Aċt ċuala Ioruaḋ, an teatrarc,#Mait. 14, 1; Marc. 6, 14. fá na neiṫe uilig a ḃí dá ndéanaṁ aige, agus ḃí aṁras air de ḃríġ go n-abraḋ
8Cuid de na daoine, gur éiriġ Eoin ó na mairḃ; aċt deireaḋ cuid eile, gur ṫaisbeán Elías é féin; aċt deireaḋ tuilleaḋ, gurḃ é duine de na sean-ḟáiḋe a d’éiriġ.
9Agus duḃairt Ioruaḋ: Ḃain mise an ceann de Eoin; aċt cé h-é seo fá n-a gcluinim a leiṫéidí? Agus ḃí sé ag larraiḋ é d’ḟeiceáil.
10Agus ar ṗilleaḋ do na h-Abstail, d’innis siad dó gaċ níḋ dá ndearna siad, agus ṫug sé leis i leiṫ iad agus ḃain amaċ áit uaigneaċ ar de Ḃeṫsaida í.
11Agus nuair a ḃí a ḟios sin ag na sluaiġte, lean siad é; agus ġaḃ sé ċuige iad, agus laḃair sé leo ar ríoġaċt Dé, agus leiġeas sé iad sin a raiḃ leiġeas do ḋíṫ orṫa.
12Aċt ṫoisiġ an lá a ṫeaċt ċun deiriḋ. Agus ṫáinic an dáréag ċuige gur ḋuḃairt leis:#Mait. 14, 15; Marc. 6, 36. Cuir ar ṡiuḃal na sluaiġte, go dtéiġiḋ siad isteaċ ins na bailte agus na feirmeaċa, atá ṫart timċeall, ċun lóistín agus biaḋ d’ḟaġáil, óir is fásaċ an áit seo ina ḃfuilmíd.
13Aċt duḃairt seisean leo: Taḃairigiḋ siḃ-se rud éigin le h-iṫe dóiḃ. Agus duḃairt siad-san leis:#Eoin 6, 9. Ní ḟuil níos mó ná cúig h-aráin agus ḋá iasc againn, sin muna dtéiġimíd agus biaḋ a ċeannaċ do’n tsluaġ seo uilig.
14Agus ḃí tuairim ar ċúig ṁíle fear ann. Agus duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Cuirigiḋ ina suiḋe iaḋ i mbuiḋeanta, leiṫ-ċéad an ḃuiḋean.
15Agus rinne siad aṁlaiḋ, agus ċuir siad ina suiḋe iad uilig.
16Agus ag glacaḋ na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, d’aṁarc sé suas ar neaṁ agus ḃeannuiġ, agus ḃris, agus ṫug dá ḋeisciobail, go gcuireaḋ siad ós cóṁair na sluaġ iad.
17Agus d’iṫ siad uilig agus fuair siad a sáiṫ, agus tógaḋ a raiḃ fágṫa i ḃfuiġleaċ acu, ḋá ḃáscáid ḋéag de ċonamair.
18Agus ṫárla, nuair a ḃí sé ag guiḋe ina aonar, go raiḃ a ḋeisciobail fosta ina ċuideaċta,#Mait. 16, 13; Marc. 8, 27. agus ċeistiġ sé iad, ag ráḋ: Cé deir na sluaiġte is mise?
19Agus duḃairt siad-san leis, ġá ḟreagairt: Eoin Baiste, aċt cuid eile, Elías, agus tuilleaḋ, gur duine de na sean-ḟáiḋe a d’éiriġ.
20Agus duḃairt sé leo: Aċt cé deir siḃ-se is mé? D’ḟreagair Síomon Peadar agus duḃairt: Críost Dé.
21Agus ḃagair sé orṫa agus d’aiṫin dóiḃ gan seo d’innse do ḋuine ar biṫ,
22Ag ráḋ:#Mait. 16, 21, agus 17, 21; Marc. 8, 31, agus 9, 30. Is éigean do Ṁac an Duine mórán neiṫe d’ḟuilstin, go séanaḋ na seanóirí agus uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe é, go gcuirṫí ċun báis é, agus go n-éiriġeaḋ sé arís ar an treas lá.
23Agus duḃairt sé leo uilig:#Mait. 10, 38, agus 16, 24; Marc. 8, 34. Má’s áil le h-aoinneaċ teaċt mo ḋiaiḋ-se, diúltaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.
24Óir cibé ar mian leis a anam a ṡáḃáil, caillfiḋ sé é#Eoin 12, 25.: óir an té a ċaillfeas a anam ar mo ṡon-sa, sáḃlóċaiḋ sé é.
25Óir cad é is feárrde duine, má ġnóṫuiġeann sé an doṁan uilig, agus é féin a ċailleaṁaint agus a aiṁleas féin a ḋéanaṁ?
26Óir an té a mbéiḋ náire air fúm-sa agus faoi mo ḃriaṫra,#Mait. 10, 33; Marc. 8, 38; 2 Tim. 2, 12. béiḋ náire ar Ṁac an Duine faoi-sean, nuair a ṫiocfas sé ina ġlóir agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ-aingeal.
27Agus deirim liḃ go fírinneaċ:#Mait. 16, 28; Marc. 8, 39. Tá cuid dá ḃfuil ina seasaṁ annseo naċ mblaisfiḋ bás go dtí go ḃfeiciḋ siad ríoġaċt Dé.
28Agus ṫárla tuairim agus oċt lá i ndiaiḋ na mbriaṫar sin, gur ġaḃ sé ċuige Peadar agus Séamus agus Eoin, agus ċuaiḋ sé suas ar an tsliaḃ a ḋéanaṁ urnaiġe.#Mait. 17, 1; Marc. 9, 1.
29Agus le linn dó a ḃeiṫ ag guiḋe, d’aṫruiġ gné a aġaiḋe, agus d’éiriġ a ċuid éadaiġ geal agus lonnarḋa.
30Agus féaċ, ḃí ḋá ḟear ag cóṁráḋ leis. Agus b’iad sin Maoise agus Elías,
31Dá léiriuġaḋ i nglóir, agus ḃí siad ag cainnt ar a ḃás, a ḃí le críoċnuġaḋ aige i n-Ierusalem.
32Aċt ḃí codlaḋ trom ar Ṗeadar, agus orṫa sin a ḃí leis. Agus ar ṁusclaḋ dóiḃ, ċonnaic siad a ġlóir, agus an dá ḟear a ḃí ina seasaṁ ina ḟoċair.
33Agus ṫárla, nuair a ḃí siad ag imṫeaċt uaiḋ, duḃairt Peadar le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ dúinn a ḃeiṫ annseo; déanamaois trí boṫa, ceann duit-se, agus ceann do Ṁaoise, agus ceann do Elías, óir ní raiḃ a ḟios aige cad é ḃí dá ráḋ aige.
34Agus le linn dó a ḃeiṫ ag ráḋ na neiṫe sin, ṫáinic néall, agus ċuir a scáile orṫa, agus ġlac siad eagla ag dul isteaċ san néall dóiḃ.
35Agus ṫáinic guṫ as an néall, ag ráḋ: Is é seo mo Ṁac múirneaċ;#2 Pead. 1, 17. éistigiḋ leis.
36Agus le linn a ṫeaċt do’n ġuṫ, fuarṫas Íosa ina aonar. Agus d’ḟan siad-san ina dtost, agus níor innis siad do ḋuine ar biṫ ins na laeṫe sin aon níḋ dá ḃfaca siad.
37Agus ṫárla lá ar n-a ḃáraċ, ag teaċt anuas de’n tsliaḃ dóiḃ, gur casaḋ sluaġ mór orṫa.
38Agus féaċ, scairt fear as an tsluaġ,#Mait. 17, 14; Marc. 9, 16. ag ráḋ: A Ṁáiġistir, guiḋim ṫú, dearc ar mo ṁac, óir ní ḟuil agam aċt é;
39Agus féaċ, beireann spiorad air, agus, screadann sé go tobann, agus leagann agus tarraingeann sé as a ċéile é agus cuḃar leis, agus ní mó ná go scarann sé leis, aċt é ġá strócaḋ.
40Agus d’iarr mé ar do ḋeisciobail é ṫeilgean amaċ, aċt ní ṫáinic leo.
41Agus d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: A ġlúin ṁíċreidṁeaċ, ċlaon, cá ḟad a ḃéas mé i ḃur measc agus a ċuirfeas mé suas liḃ? Taḃair do ṁac annseo ċugam.
42Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ċuige, leag an deaṁan é agus ṫarraing sé as a ċéile é.
43Agus ḃagair Íosa ar an spiorad neaṁġlan, agus leiġeas sé an gasúr, agus ṫug sé ṫar ais dá aṫair é.
44Agus ġaḃ uaṫḃás iad uilig fá ṁór-ċuṁaċt Dé, agus nuair a ḃí siad uilig ag déanaṁ iongantais de gaċ níḋ dá ndearna sé, duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Cuirigiḋ na briaṫra seo i ḃur gcroiḋṫe; óir tá Mac an Duine le taḃairt i láṁa daoine.
45Aċt níor ṫuig siad-san an ċainnt sin, agus ḃí sí ceilte orṫa, ionnas nár airiġ siad í, agus ḃí eagla orṫa é ċeistiuġaḋ fá’n ċainnt sin.
46Agus ṫáinic an smaoineaḋ ċuca, cé acu a ba ṁó.#Mait. 18, 1; Marc. 9, 33.
47Aċt ar ḟeiceáil smaointe a gcroiḋe do Íosa, ġaḃ sé leanḃ ċuige, agus ċuir sé ina aice féin é,
48Agus duḃairt leo: Cibé a ġlacfas an leanḃ seo i m’ainm-se, glacann sé mise, agus cibé a ġlacfas mise, glacann sé an té a ċuir uaiḋ mé; óir an té ar luġa é eadraiḃ uilig, is é is mó.
49Agus d’ḟreagair Eoin, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ċonnaca-mar duine áiriṫe ag teilgean amaċ deaṁan i d’ainm-se, agus ċoscamar é, de ḃríġ naċ leanann sé i n-ár gcuideaċta.
50Agus duḃairt Íosa leis: Ná coscaigiḋ; óir an té naċ mbíonn i ḃur n-aġaiḋ, bíonn sé ar ḃur leiṫ.
51Agus ṫárla, nuair a ḃí laeṫe a ḋeasgaḃála dá gcríoċnuġaḋ, gur ċuir sé a aġaiḋ go daingean ar ḋul go h-Ierusalem.
52Agus ċuir sé teaċtairí roiṁe, agus ar imṫeaċt dóiḃ, ċuaiḋ siad isteaċ i mbaile de ċuid na Samáiriteánaċ, le déanaṁ réiḋ dó.
53Agus níor ḟáiltiġ siad roiṁe, de ḃríġ go raiḃ a aġaiḋ mar aġaiḋ duine ag dul go h-Ierusalem.
54Agus nuair a ċonnaic a ḋeisciobail, Séamus agus Eoin, sin, duḃairt siad: A Ṫiġearna, an áil leat go n-abramaois teine a ṫeaċt ó neaṁ ċun iad sin a loscaḋ?
55Agus ag tionntóḋ ṫart dó, ṫug sé aċṁusán dóiḃ, ag ráḋ: Ní ḟuil a ḟios agaiḃ cé’n spiorad ar de siḃ.
56Ní ṫáinic Mac an Duine le h-anmanna a scrios, aċt a ṡáḃáil.#Eoin 3, 17, agus 12, 47. Agus d’imṫiġ siad go baile eile.
57Agus ṫárla, nuair a ḃí siad ag siuḃal san tsliġe, gur ḋuḃairt duine áiriṫe leis: Leanfaiḋ mé ṫú cibé ar biṫ áit a raċas tú.
58Duḃairt Íosa leis: Tá ploṫógaí ag na sionnaiġ, agus tá neadraċa ag éanaċa an aeir,#Mait. 8, 20. aċt ag Mac an Duine ní ḟuil áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.
59Agus duḃairt sé le duine eile: Lean mise; aċt duḃairt seisean: A Ṫiġearna, leig daṁ dul a ċéadraḋ agus m’aṫair a ċur.
60Agus duḃairt Íosa leis: leig do na mairḃ a gcuid marḃ a ċur; aċt téiġ ṫusa agus foillsiġ ríoġaċt Dé.
61Agus duḃairt duine eile: Leanfaiḋ mé ṫú, a Ṫiġearna, aċt leig daṁ é d’innse a ċéadraḋ do’n ṁuinntir atá san ḃaile.
62Duḃairt Íosa leis: Aoinneaċ a ċuireas a láṁ leis an tseisriġ agus a ḃíos ag aṁarc siar ina ḋiaiḋ, ní ḟóireann sé do ríoġaċt Dé.
Currently Selected:
Lúcas 9: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland