Lúcas 11
11
Caibidil XI
Múineann Críost urnaiġe dá ḋeisciobail. Teilgeann sé amaċ deaṁan balḃ. Sáruiġeann sé na Fairisíniġ; agus fógrann sé mairgeaċa orṫa mar ġeall ar a mḃréagċráiḃṫeaċt.
1Agus ṫárla, ag déanaṁ urnaiġe i n-áit áiriṫe dó, nuair a stad sé, duḃairt duine dá ḋeisciobail leis: A Ṫiġearna, múin dúinne urnaiġe a ḋéanaṁ, aṁail mar ṁúin Eoin fosta dá ḋeisciobail féin.
2Agus duḃairt sé leo: Nuair a ġní siḃ urnaiġe, abraigiḋ#Mait. 6, 9.: A Aṫair, go naoṁṫar d’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.
3Ár n-arán laeṫeaṁail taḃair dúinn indiu.
4Agus maiṫ dúinn ár bpeacaiḋe, mar a ṁaiṫimíd-ne do gaċ aon ar a ḃfuil fiaċa againn, agus ná leig sinn i gcaṫuġaḋ.
5Agus duḃairt sé leo: Cé agaiḃ a mbéaḋ caraid aige, agus go raċaḋ sé ċuige i lár na h-oiḋċe agus a ráḋ leis: A ċaraid, taḃair iasaċt ṫrí n-arán daṁ,
6Óir ṫáinic caraid liom ċugam as a ḃealaċ, agus ní ḟuil dadaṁ agam le cur ós a ċóṁair,
7Agus go n-abróċaḋ seisean ó’n taoiḃ istiġ, ġá ḟreagairt: Ná bí mo ḃoḋraḋ, óir tá an doras druidṫe anois agus tá mo ċlann san leabaiḋ i mo ṫeannta: ní ṫig liom éirġe agus taḃairt duit.
8Agus dá leanaḋ seisean de ḃualaḋ, deirim liḃ, bíoḋ naċ n-éireoċaḋ sé le rud a ṫaḃairt dó, as siocair gurab é a ċaraid é, éireoċaiḋ sé, mar ġeall ar a ṡíor-iarraiḋ, agus ḃéarfaiḋ sé dó a oiread agus ḃéas do ḋíṫ air.
9Agus deirim liḃ:#Mait. 7, 7, agus 21, 22; Marc. 11, 24; Eoin 14, 13; Séamus 1, 5. Iarraigiḋ, agus ḃéarfar díḃ; cuartuiġigiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ; buailigiḋ, agus fosclóċar díḃ.
10Óir gaċ aoinneaċ a iarras, glacann sé; agus an té a ċuar-tuiġeas, ġeiḃ sé; agus fosclóċar do’n té a ḃuaileas.
11Agus cé agaiḃ a iarras arán ar a aṫair, agus gur cloċ a ḃéarfas sé dó?#Mait. 7, 9. Nó iasc, an dtaḃarfaiḋ sé naṫair niṁe dó i n-áit an éisc?
12Nó má iarrann sé uiḃ, an sínfiḋ sé scorpion ċuige?
13Dá ḃríġ sin, má tá tuigse agaiḃ-se, atá olc, taḃartaisí maiṫe a ṫaḃairt do ḃur gcloinn: naċ mó go mór a ḃéarfas ḃur n-Aṫair ó neaṁ an Spiorad maiṫ dóḃṫa sin a iarras air.
14Agus ḃí sé ag teilgean amaċ#Mait. 9, 32, agus 12, 22. deaṁain, agus ḃí sé sin balḃ. Agus nuair a ḃí an deaṁan curṫa amaċ aige, laḃair an balḃán, agus ḃí iongantas ar na sluaiġte.
15Aċt duḃairt cuid acu: Teilgeann sé amaċ na deaṁain tré Ḃeelsebub, prionnsa na ndeaṁan.#Mait. 9, 34; Marc. 3, 22.
16Agus ag cur féaċála air, d’iarr dream eile cóṁarṫa ó neaṁ uaiḋ.
17Aċt ar ḟeiceáil a smaointe dó-san, duḃairt sé leo: Gaċ ríoġaċt a ḃíos roinnte ina h-aġaiḋ féin, ḋéanfar fásaċ dí, agus tuitfiḋ teaċ ar ṁullaċ tiġe.
18Agus mar an gcéadna, má ḃíonn Satan roinnte ina aġaiḋ féin, cad é mar ṡeasóċas a ríoġaċt? Óir deir siḃ-se gur tré Ḃeelsebub a ċuirim-se amaċ na deaṁain.
19Agus ṁá ṫeilgim-se amaċ na deaṁain tré Ḃeelsebub: cé leis a dteilgeann ḃur gclann-sa amaċ iad? Dá ḃríġ sin, béiḋ siad-san ina mbreiṫiṁ oraiḃ.
20Aċt má ṫeilgim amaċ na deaṁain le méir Dé, ṫáinic ríoġaċt Dé gan aṁras ċugaiḃ.
21Nuair a ċongḃuiġeas fear láidir armṫa a ċúirt, ḃíonn a ḃfuil ina ṡeilḃ fá ṡíoṫċáin.
22Aċt má ṫig fear níos treise ná é féin air, agus buaiḋ d’ḟaġáil air, tógfaiḋ sé leis an armáil uilig as a raiḃ a ṁuiniġin agus roinnfiḋ sé a ċreaċ.
23An té naċ mbíonn liom, ḃíonn sé i m’aġaiḋ: agus an té naċ gcruinniġeann liom, scaipeann sé.
24Nuair a imṫiġeas an spiorad neaṁġlan amaċ as duine, siuḃlann sé fríd áiteaċa tirime ar lorg suaiṁnis: agus nuair naċ ḃfaġann sé sin, deir sé: Pillfiḋ mé ċun mo ṫiġe as a dtáinic mé amaċ.
25Agus nuair a ṫig sé, ġeiḃ sé scuabṫa agus cóiriġṫe é.
26Annsin téid sé agus ḃeir sé leis seaċt spioraid eile níos measa ná é féin, agus ag dul isteaċ dóiḃ, ġní siad cóṁnaiḋe ann. Agus is measa stad deireannaċ an duine sin ná a ċéad stad.
27Agus ṫárla, ag ráḋ na neiṫe sin dó, gur ḋuḃairt bean áiriṫe san tsluaġ de ġuṫ árd leis: Is beannuiġṫe an ḃroinn a d’iomċar ṫú, agus na cíoċa a ṫug dúil duit.
28Aċt duḃairt seisean: Aċt abair gur beannuiġṫe iad-san a éisteas le briaṫar Dé, agus a ċongḃuiġeas é.
29Agus nuair a ḃí na sluaiġte ina riṫ ċuige, ṫoisiġ sé a ráḋ: Is glúin ṁalluiġṫe an ġlúin seo;#Mait. 12, 39. iarrann sí cóṁarṫa, aċt ní ṫaḃarfar cóṁarṫa dí, aċt cóṁarṫa Iónais, fáiḋ.
30Óir mar ḃí Iónas ina ċóṁárṫa do ṁuinntir Niniḃe,#Ión. 2, 1. is aṁlaiḋ a ḃéas Mac an Duine do’n ġlúin seo.
31Éireoċaiḋ bainríoġan an deiscirt#3 Ríġ. 10, 1; 2 Par. 9, 1. san ḃreiṫeaṁnas le muinntir na glúine seo, agus daorfaiḋ sí iad, óir ṫáinic sise ó imillċríoċa an doṁain d’éisteaċt le h-eagna Ṡalomoin; agus féaċ, neaċ is mó ná Salomon annseo.
32Éireoċaiḋ muinntir Niniḃe san ḃreiṫeaṁnas leis an ġlúin seo, agus daorfaiḋ siad í, óir rinne siad-san aiṫriġe as uċt seanmóireaċt Iónais;#Ión. 3, 5. agus féaċ, neaċ is mó ná Iónas annseo.
33Aoinneaċ a lasas lampa,#Mait. 5, 15; Marc. 4, 21. ní ċuireann sé i ḃfolaċ é ná faoi ḃocsa an ṗlúir, aċt ar an ċoinnleoir ionnas go ḃfeiciḋ na daoine a ḃíos ag teaċt isteaċ an solus.
34Is í do ṡúil solus do ċuirp.#Mait. 6, 22. Má ḃíonn do ṡúil glan, béiḋ do ċorp uilig soillseaċ; aċt má ḃíonn sí olc, béiḋ do ċorp mar an gcéadna dorċa.
35Taḃair aire, mar sin, naċ raiḃ an solus a ḃíos ionnat ina ḋorċadas.
36Ar an aḋḃar sin, má ḃíonn do ċorp uilig soillseaċ, agus gan aon ċuid de dorċa, béiḋ an t-iomlán soillseaċ, agus soillseoċaiḋ sé ṫú mar ḋéanfaḋ lampa soluis.
37Agus nuair a ḃí sé ag cainnt, d’iarr Fairisíneaċ áiriṫe air dinnéar a ġlacaḋ ina ḟoċair. Agus ar ḋul isteaċ dó, ṡuiḋ sé ċun bíḋ.
38Agus ṫoisiġ an Fairisíneaċ a ṁeaḃruġaḋ agus a ráḋ leis féin, cad ċuige nár niġ sé é féin roiṁ an dinnéar.
39Agus duḃairt an Tiġearna leis:#Mait. 23, 25. Anois glanann siḃ-se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; aċt tá bur dtaoḃ istiġ lán de ċreaċadóireaċt agus d’urċóid.
40A ḋaoine gan ċéill, an té a rinne an taoḃ amuiġ, naċ ndearna sé an taoḃ istiġ fosta?
41Aċt taḃairigiḋ déirc as an méid a ḃíos fágṫa, agus féaċ, bíonn gaċ níḋ glan díḃ.
42Aċt is mairg díḃ-se, a Ḟairisíneaċa, óir díclann siḃ deaċṁaḋ an ṁiontais agus na ruiḃe agus gaċ uile luiḃe, agus fágann siḃ cóir agus carṫannaċt Dé gan ċóiṁlíonaḋ. Ba ċóir díḃ iad seo a ḋéanaṁ, agus gan iad siúd d’ḟágáil gan déanaṁ.
43Is mairg díḃ, a Ḟairisíneaċa,#Mait. 23, 6; Marc. 12, 39. óir is maiṫ liḃ na caṫaoireaċa tosaiġ ins na sineagóga, agus fáiltiuġaḋ d’ḟaġáil i n-áit an ṁargaiḋ.
44Is mairg díḃ, óir tá siḃ mar ṫuambaí naċ ḃfeicṫear, agus naċ eol do na daoine a ṡiuḃlas orṫa.
45Agus deir duine de na dliġṫeoirí leis, ġá ḟreagairt: A Ṁáiġistir, ag ráḋ na neiṫe sin duit, ḃeir tú masla dúinne fosta.
46Agus duḃairt seisean:#Mait. 23, 4. Is mairg díḃ-se fosta, a ḋliġṫeoirí#11, 46 Is mairg díḃ-se fosta, a ḋliġṫeoirí. Laḃrann sé ar ḋoctúirí dliġe Ṁaoise, dá ngoirtí na Scríoḃaiḋṫe de ġnáṫ., óir leagann siḃ ar na daoine ualaiġe, naċ féidir leo a n-iomċar, agus le h-oiread agus méar liḃ, ní ḃaineann siḃ féin leis na h-ualaiġe.
47Is mairg díḃ-se, a ṫógas#11, 47 Is mairg díḃ-se, a ṫógas, ⁊c. Níonḃ ionċáinte ann féin leaċta a tógáil ós cionn na ḃfáiḋ, aċt cáintear an intinn a ḃí ag na daoine dona seo. Ċuir siad an cóṁarṫa creidiṁ agus cráiḃṫeaċta seo i n-úsáid ċun go ḃféadaḋ siad a ndroċ-rún d’imirt an Ríġ na ḃfáiḋ. tuambaí na ḃfáiḋ; agus ṁarḃ ḃur n-aiṫreaċa iad.
48Go deiṁin ḃeir siḃ fiaḋnaise go n-aontuiġeann siḃ le gníoṁarṫa ḃur n-aiṫreaċ, óir ṁarḃ siad-san iad, agus tógann siḃ-se a dtuambaí.
49Is dá ḃríġ sin a duḃairt eagna Dé: Cuirfiḋ mé fáiḋe agus abstail ċuca, agus ḋéanfaiḋ siad cuid acu a ṁarḃaḋ agus a ġéirleanaṁaint,
50Ċun go n-éiliġṫear ar an ġlúin seo fuil na ḃfáiḋ uilig a doirteaḋ ó ṫús an tsaoġail,
51Ó ḟuil Abeil#Gein. 4, 8. go fuil Ṡacaríais,#2 Par. 24, 22. a marḃaḋ eadar an altóir agus an teampall. Mar sin, deirim liḃ, éileoċar é ar an ġlúin seo.
52Is mairg díḃ, a ḋliġṫeoirí, óir rug siḃ liḃ eoċair na h-eagna: ní ḋeaċaiḋ siḃ féin isteaċ, agus ṫoirmisc siḃ iad sin a ḃí ag dul isteaċ.
53Agus nuair a ḃí na neiṫe sin dá ráḋ aige leo, ṫoisiġ na Fairisíniġ agus na dliġṫeoirí a ḋíospóireaċt go dian leis, agus a ċur tuirse ar a ḃéal fá ṁórán neiṫe,
54Ag déanaṁ ceilge air, agus ag dréim le breiṫ ar rud éigin as a ḃéal, le cur ina leiṫ.
Currently Selected:
Lúcas 11: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland