Lúcas 12
12
Caibidil XII
Iarrann Críost orainn sinn féin a ċoiṁéad ar an ḃréagċráiḃṫeaċt, ar eagla roiṁ an tsaoġal, agus ar an tsainnt: agus cóṁair-liġeann sé do gaċ aoinneaċ faire a ḋéanaṁ.
1Agus nuair a ḃí sluaiġte móra ina seasaṁ ṫart, san ċruṫ go raiḃ siad ag saltairt ar a ċéile, ṫoisiġ sé a ráḋ le n-a ḋeisciobail: Seaċnaigiḋ deascaiḋ na ḃFairisíneaċ,#Mait. 16, 6; Marc. 8, 15. ar ḃréagċráiḃṫeaċt é.
2Óir ní ḟuil dadaṁ foluiġṫe, naċ ḃfoillseoċar,#Mait. 10, 26; Marc. 4, 22. ná aon níḋ fá ċeilt, naċ mbéiḋ fios air.
3Óir na neiṫe a duḃairt siḃ san dorċadas, déarfar san tsolus iad, agus an rud a laḃair siḃ i gcogar ins na seomraí, ḋéanfar é a ċraoḃscaoileaḋ ar ṁullaiġ na dtiġṫe.
4Agus deirim liḃ-se, a ċáirde liom: Ná bíoḋ eagla oraiḃ rompa seo a ṁarḃas an corp, agus naċ féidir leo níos mó a ḋéanaṁ ina ḋiaiḋ sin.
5Aċt taisbeánfaiḋ mé díḃ cé roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té a ḃfuil cuṁaċt aige duine a ċur go h-ifreann, i ndiaiḋ é a ṁarḃaḋ. Seaḋ, deirim liḃ, bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe-sean.
6Naċ ndíoltar cúig gealḃáin ar ḋá ḟeoirling? Agus ní ḋéan Dia dearmad d’aon ċionn aṁáin acu.
7Aċt tá cóṁáireaṁ fosta ar ruibeaċa ḃur gcinn go h-uile. Ar an aḋḃar sin, ná bíoḋ eagla oraiḃ: is feárr siḃ-se ná mórán gealḃán.
8Agus deirim liḃ:#Mait. 10, 32; Marc. 8, 38; 2 Tim. 2, 12. cibé ar biṫ a adṁóċas mise ós cóṁair na ndaoine, adṁóċaiḋ Mac an Duine eisean fosta ós cóṁair aingle Dé.
9Aċt an té a ṡéanfas mise ós cóṁair na ndaoine, séanfar é ós cóṁair aingle Dé.
10Agus gaċ aoinneaċ a laḃras focal i n-aġaiḋ Ṁac an Duine, maiṫfear dó é,#Mait. 12, 32; Marc. 3, 29. aċt ní ṁaiṫfear do’n té a ḋéanfas diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ.
11Agus nuair a ḃéarfas siad isteaċ ins na sineagóga siḃ, agus ós cóṁair na n-uaċtarán agus luċt cuṁaċta, ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá’n dóiġ ná fá’n níḋ a ḟreagróċas siḃ, ná cad é a déarfas siḃ.
12Óir múinfiḋ an Spiorad Naoṁ díḃ an uair ċéadna sin cad é is cóir díḃ a ráḋ.
13Agus duḃairt duine de’n tsluaġ leis: A Ṁáiġistir, abair le mo ḋearḃráṫair an oiġreaċt a roinn liom.
14Aċt duḃairt seisean leis: A ḋuine, cé ṫoġ mise mo ḃreiṫeaṁ nó mo roinnteoir oraiḃ?
15Agus duḃairt sé leo: Taḃairigiḋ aire agus seaċnaigiḋ an uile ṡainnt, óir ní i ḃflúirse na neiṫe a ḃíos i seilḃ duine atá a ḃeaṫa.
16Agus laḃair sé saṁlaoid leo, ag ráḋ: Ṫug talaṁ ḋuine ṡaiḋḃir áiriṫe toraḋ líonṁar uaiḋ.
17Agus ṁeaḃruiġ sé leis féin, ag ráḋ: Cad é ḋéanfas mé? Óir ní fuil áit agam le mo ṫorṫa a ċruinniuġaḋ.
18Agus duḃairt sé: Seo an rud a ḋéanfas mé: Leagfaiḋ mé mo sciobóil, agus tógfaiḋ mé cinn níos mó, agus cruinneoċaiḋ mé na torṫa uilig a d’ḟás daṁ agus mo ṁaoin isteaċ ionnta,
19Agus déarfaiḋ mé le m’anam: A anam, tá maoin ṁór curṫa i dtaisciḋ agat i gcóṁair mórán bliaḋan;#Eccl. 11, 19. déan do scíste, iṫ, ól, agus bí súgaċ.
20Aċt duḃairt Dia leis: A amadáin, anoċt féin táṫar ag iarraiḋ d’anama ort; agus cé aige a mbéiḋ na neiṫe a ṡoláṫruiġ tú?
21Is aṁlaiḋ a ḃíos an té a ṫaisciġeas dó féin, agus naċ mbíonn saiḋḃir ċun Dé.
22Agus duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Ar an aḋḃar sin, deirim liḃ,#Sailm 54, 23; Mait. 6, 25; 1 Pead. 5, 7. ná bíoḋ cúram oraiḃ fá ḃur mbeaṫa, cad é a íosas siḃ, ná fá ḃur gcorp, cad é a ċuirfeas siḃ oraiḃ.
23Is mó an t-anam ná an biaḋ, agus is mó an corp ná an t-éadaċ.
24Dearcaigiḋ ar na préaċáin, óir ní ċuireann siad, ná ní ḃaineann siad, agus ní ḟuil teaċ stóir ná scioból acu, agus beaṫ-uiġeann Dia iad. Naċ mó go mór is fiú siḃ-se ná iad-san?
25Agus cé agaiḃ, le meaḃruġaḋ, a dtig leis aon ḃannláṁ aṁáin a ċur le n-a áirde?
26Ar an aḋḃar sin, muna ḃfuil an rud is luġa ar ḃur gcumas, cad ċuige a mbíonn cúram oraiḃ fá na neiṫe eile?
27Taḃairigiḋ fá dear mar a ḟásas na lilí: ní ṡaoṫruiġeann siad, ná ní ṡníoṁann siad; agus deirim liḃ, naċ raiḃ Salomon féin i n-iomlán a ġlóire cóiriġṫe mar ċionn acu sin.
28Agus má ċóiriġeann Dia mar seo an féar atá indiu san ġort, agus a ċaiṫtear isteaċ san oiġean i mbáraċ: naċ mó ná sin a ḋéanfas sé díḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?
29Agus ná bígiḋ-se ag fiafruiġe cad é íosas siḃ, ná cad é ólfas siḃ, agus ná bígiḋ imniḋeaċ.
30Óir is iad na neiṫe seo uilig a iarras ciniḋeaċa an doṁain. Aċt tá a ḟiós ag ḃur n-Aṫair go ḃfuil na neiṫe sin do ḋíṫ oraiḃ.
31Aċt iarraigiḋ ar dtús ríoġaċt Dé agus a ḟíréantaċt, agus ḃéarfar díḃ, le n-a ċois sin, na neiṫe seo uilig.
32Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃig, óir is é toil ḃur n-Aṫar an ríoġaċt a ṫaḃairt díḃ.
33Díolaigiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃairigiḋ déirc uaiḃ;#Mait. 19, 21. déanaigiḋ díḃ féin sparáin naċ gcaiṫeann, stór naċ laġduiġeann ins na flaiṫis,#Mait. 6, 20. áit naċ dtig gadaiḋe ina gaoḃar, agus naċ milleann léaḋmán.
34Óir mar a mbíonn ḃur stór, is ann fosta a ḃéas ḃur gcroiḋe.
35Bíoḋ ḃur gcriosa fá ḃur gcuim, agus na lampaí ar lasaḋ i ḃur láṁa,
36Agus siḃ cosaṁail le daoine ag feiṫeaṁ le n-a dtiġearna go dtigeaḋ sé ó’n ḃainḟeis, ionnas, nuair a ṫiocfaḋ sé agus ḃuailfeaḋ sé, go ḃfosclaḋ siad láiṫreaċ dó.
37Is beannuiġṫe na seirḃísiġ sin, a ḃfuiġiḋ a dtiġearna ag déanaṁ faire iad, nuair a ṫiocfas sé; amén adeirim lib, go gcuirfiḋ sé a ċrios air, agus ḃéarfarḋ sé orṫa suiḋe ċun bíḋ, agus ag dul ṫart dó, ḋéanfaiḋ sé freastal orṫa.
38Agus má ṫig sé san dara faire, nó má ṫig sé san tríoṁaḋ faire, agus go ḃfuiġiḋ sé mar sin iad, is beannuiġṫe na seirḃísiġ sin.
39Aċt bíoḋ a ḟios agaiḃ,#Mait. 24, 43. dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cad é an uair a ṫiocfaḋ an gadaiḋe, is cinnte go ndéanfaḋ sé faire agus naċ leigfeaḋ sé a ṫeaċ a ṫoċailt fríd.
40Bígiḋ-sé fosta ullaṁ, óir san uair naċ síleann sib is eaḋ a ṫiocfas Mac an Duine.#Taiḋḃ. 16, 15.
41Agus duḃairt Peadar leis: A Ṫiġearna, an linne a deir tú an fáiṫscéal seo, nó le gaċ aoinneaċ mar an gcéadna?
42Agus duḃairt an Tiġearna: Cé h-é, dar leat, an stiuḃard dílis críonna, ar ċuir a ṫiġearna ós cionn a ṫeaġlaiġ é, le n-a dtóṁais cruiṫneaċta a ṫaḃairt dóiḃ i dtráṫ?
43Is méanar do’n tseirḃíseaċ sin, nuair a ṫiocfas a ṫiġearna, má ġeiḃ sé é ġá ḋéanaṁ sin.
44Deirim liḃ go fírinneaċ, go gcuirfiḋ sé ós cionn a ḃfuil aige é.
45Aċt má deir an seirḃíseaċ sin ina ċroiḋe: Tá mo ṫiġearna ag déanaṁ moille de ṫeaċt, agus toiseoċaiḋ sé a ḃualaḋ na mbuaċaillí agus na gcailíní aimsire, agus a ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól agus ar meisce:
46Tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ sin lá naċ mbíonn sé ag dréim leis, agus ar uair naċ eol dó, agus scoiltfiḋ sé é, agus ḃéarfaiḋ sé a ċuid dó imeasc na ndaoine gan ċreideaṁ.
47Agus an seirḃíseaċ sin, a raiḃ a ḟios aige toil a ṫiġearna, agus nár ullṁuiġ é féin, agus naċ ndearna do réir a ṫola, ġeoḃaiḋ sé mórán buillí;
48Aċt an té naċ raiḃ a ḟios aige, agus a rinne neiṫe a ṫuill buillí, buailfear beagán air. Agus gaċ aoinneaċ, dár tugaḋ mórán, éileoċar mórán air, agus an té dá dtug siad mórán i dtaisciḋ, iarrfaiḋ siad níos mó air.
49Ṫáinic mise a ċur teineaḋ ar an talaṁ, agus cad é is toil liom aċt go lasaḋ sí?
50Agus is éigean daṁ mo ḃaisteaḋ le baisteaḋ, agus cad é mar tá mé i gcuṁangas nó go gcríoċnuiġtear é.
51An síleann siḃ gur ċun síoṫċáin a ṫaḃairt ar an talaṁ a ṫáinic mé?#Mait. 10, 34. Ní h-eaḋ, deirim liḃ, aċt scaraṁaint.
52Óir san aon tiġ feasta béiḋ cúigear scarṫa, triúr i n-aġaiḋ beirte, agus beirt i n-aġaiḋ triúir.
53Béiḋ an t-aṫair i n-aġaiḋ an ṁic agus an mac i n-aġaiḋ a aṫar, an ṁáṫair i n-aġaiḋ na h-inġine agus an inġean i n-aġaiḋ na máṫar, an ṁáṫair ċéile i n-aġaiḋ bean a mic, agus an ḃain-ċliaṁain i n-aġaiḋ máṫair a fir.
54Agus duḃairt sé fosta leis na sluaiġte:#Mait. 16, 2. Nuair atċí siḃ néall ag éirġe as an áird ṫiar, deir siḃ ar an ḃomaite: Tá cioṫ ag teaċt: agus is aṁlaiḋ ḃíos.
55Agus nuair atċí siḃ an ġaoṫ andeas ag séideaḋ, deir siḃ: Béiḋ teasḃaċ ann: agus bíonn.
56A ḃréagċráiḃṫeaċa, is eol díḃ aġaiḋ na spéire agus an talaiṁ a ḃreaṫnuġaḋ, agus cad ċuige naċ mbreaṫnuiġeann siḃ an linn seo?
57Agus cad ċuige naċ mbreaṫnuiġeann siḃ uaiḃ féin an níḋ atá cóir?
58Agus nuair a ḃíos ṫú ag dul i n-aoinḟeaċt le d’eascaraid ċuig an uaċtarán,#Mait. 5, 25. déan do ḋíċeall ṫú féin a réiḋteaċ uaiḋ ar an tsliġe, ar eagla go dtaḃaraḋ sé suas do’n ḃreiṫeaṁ ṫú, agus go dtaḃaraḋ an breiṫeaṁ suas do’n tsirriam ṫú, agus go gcuireaḋ an sirriam isteaċ i bpríosún ṫú.
59Deirim leat, ní raċaiḋ tú amaċ as sin, go dtí go ndíolaiḋ tú fiú an ċianóg ḋeireannaċ.
Currently Selected:
Lúcas 12: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland