Lúcas 13
13
Caibidil XIII
Riaċtanas na h-aiṫriġe. An crann fíge neaṁ-ṫorṫaċ. Leiġeas na mná breoiḋte, ⁊c.
1Agus ḃí i láṫair san am ċéadna sin daoine áiriṫe a d’innis dó fá na Gaililéiġ ar ṁeasc Pioláit a gcuid fola le n-a n-íoḋbarṫa.
2Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: An síleann siḃ gur ṁó na peacaiġ na Gaililéiġ seo ná an ċuid eile de ṁuinntir na Gailile, de ḃríġ gur ḟulaing siad a leiṫéidí sin?
3Níor ṁó, deirim liḃ; aċt muna ndéanaiḋ siḃ aiṫriġe, scrios-far siḃ uilig mar an gcéadna.
4Aṁail an t-oċtar déag ar ṫuit an túr orṫa i Siloe, gur ṁarḃ iad, an síleann siḃ gur ṁó na fiaċaṁnaiġ iad ná na daoine eile go léir a ḃí ina gcóṁnaiḋe i n-Ierusalem?
5Níor ṁó, deirim liḃ; aċt muna ndéanaiḋ siḃ aiṫriġe, scrios-far siḃ uilig mar an gcéaḋna.
6Agus laḃair sé an tsaṁlaoid seo fosta: Ḃí crann fíge ag duine áiriṫe curṫa ina ḟíonġort, agus ṫáinic sé a ċuartuġaḋ torṫa air, agus ní ḟuair sé.
7Agus duḃairt sé le saoṫruiġṫeoir an ḟíonġuirt: Féaċ, le trí bliaḋna tá mé ag teaċt a ċuartuġaḋ torṫa ar an ċrann fíge seo, agus ní ḟaġaim é; gearr anuas é, ḋá ḃríġ sin: cad ċuige a ḃfuil sé ag cuṁanglaḋ ar an talaṁ?
8Agus deir seisean leis, ġá ḟreagairt: A Ṫiġearna, leig dó an ḃliaḋain seo fosta, go dtí go róṁraiḋ mé ṫart fá dtaoiḃ de, agus go gcuiriḋ mé aoileaċ leis,
9Agus má ḃeir sé toraḋ uaiḋ: aċt muna dtugaiḋ, gearrfaiḋ tú anuas ina ḋiaiḋ sin é.
10Agus ḃí sé ag teagasc ina sineagóig ar an tsabóid.
11Agus féaċ, ḃí bean ann, a raiḃ spiorad éagcruaḋais inntí le h-oċt mbliaḋna déag, agus ḃí sí crom, agus ní raiḃ sí ábalta aṁarc suas ar ċor ar biṫ.
12Agus nuair a ċonnaic Íosa í, ġoir sé ċuige í, agus duḃairt léi: A ḃean, tá tú scarṫa le d’éagcruaḋas.
13Agus ċuir sé a láṁa uirṫí, agus ar an ḃomaite ḋíriġ sí, agus ṫug glóir do Ḋia.
14Agus mar go raiḃ fearg ar uaċtarán na sineagóige, as siocair go ndearna Íosa leiġeas ar an tsabóid, d’ḟreagair sé, agus duḃaint leis an tsluaġ: Tá sé laeṫe ann, ar ar ceart obair a ḋéanaṁ: gurab orṫa sin, ar an aḋḃar sin, a ṫiocfas siḃ agus leiġeas d’ḟaġáil, agus nárab ar lá na sabóide.
15Agus d’ḟreagair an Tiġearna é, agus duḃairt: A ḃréag-ċráiḃṫeaċa, naċ scaoileann gaċ aoinneaċ agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n ṁainséar, agus naċ dtreoruiġeann sé amaċ é le deoċ uisce d’ól, ar an tsabóid?
16Agus inġean Abrahaim seo, a ḃí faoi ċeangal ag Satan, féaċ, le h-oċt mbliaḋna déag, nár ċóir í scaoileaḋ ó’n ċeangal sin ar lá na sabóide?
17Agus nuair a duḃairt sé na neiṫe sin, ḃí náire ar gaċ aoinneaċ dá raiḃ ag cur ina aġaiḋ, agus ḃí lúṫġáir ar an ṗobal uilig fá gaċ níḋ glórṁar dá ndearna sé.
18Duḃairt sé, ar an aḋḃar sin: Cá leis ar cosaṁail ríoġaċt Dé, nó cá leis a saṁlóċaiḋ mé í?
19Is cosaṁail í le gráinnín de ṡíol mustáird#Mait. 13, 31; Marc. 4, 31. a ġlac duine gur ċuir ina ġarrḋaḋ é, agus d’ḟás sé, agus d’éiriġ sé ina ċrann ṁór, agus ċóṁnuiġ éanaċa an aeir ina ġéaga.
20Agus duḃairt sé arís: Cá leis a saṁlóċaiḋ mé ríoġaċt Dé a ḃeiṫ cosaṁail?
21Is cosaṁail í le deascaiḋ#Mait. 13, 33. a ġlac bean gur ḟoluiġ sí é i dtrí ṗeice mine, go dtí go raiḃ an t-iomlán ina ḋeascaiḋ.
22Agus ċuaiḋ sé fríd na caṫraċa agus na bailte ag teagasc, agus é ag cur an ḃóṫair de go h-Ierusalem.
23Agus duḃairt duine áiriṫe leis: A Ṫiġearna; an beag iad a ṡlánuiġtear? Aċt duḃairt seisean leo:
24Déanaigiḋ ḃur ndíċeall dul isteaċ ar an ġeafta ċuṁang:#Mait. 7, 13. óir deirim liḃ, go mbéiḋ mórán ag iarraiḋ#13, 24 Go mbéiḋ mórán ag iarraiḋ, ⁊c. Béiḋ siad ag iarraiḋ a n-anam a ṡáḃáil, aċt mar naċ ndearna siad a ndíċeall, agus naċ raiḃ siad dá ríriḃ, ní éireoċaiḋ leo. dul isteaċ, agus ní ḃéiḋ sé ar a gcumas.
25Aċt nuair a raċas fear an tiġe#Mait. 25, 10. isteaċ, agus druidfiḋ sé an doras, toiseoċaiḋ siḃ a ṡeasaṁ amuiġ, agus a ḃualaḋ ar an doras, ag ráḋ: A Ṫiġearna, foscail dúinn. Agus déarfaiḋ seisean liḃ, ḃur ḃfreagairt: Ní fuil a ḟios agam cá h-as díḃ.#Mait. 7, 23.
26Annsin toiseoċaiḋ siḃ-se a ráḋ: D’iṫeamar agus d’ólamar ós do ċóṁair, agus ṫug tú teagasc ar ár sráideaċa.
27Agus déarfaiḋ sé liḃ: Ní ḟuil a ḟios agam cá h-as díḃ; imṫiġigiḋ uaim uilig, a luċt déanta na h-urċóide.#Sailm 6, 9; Mait. 25, 41.
28Annsin a ḃéas gol agus díoscarnaċ fiacal, nuair atċífiḋ siḃ Abraham agus Isaac agus Iacób, agus na fáiḋe go h-uile, i ríoġaċt Dé, agus siḃ féin ḃur dteilgean amaċ.
29Agus tiocfaiḋ siad anoir agus aniar, adtuaiḋ agus andeas, agus suiḋfiḋ siad i ríoġaċt Dé.
30Agus féaċ, an ṁuinntir a ḃéas i dtoiseaċ tá siad ar deireaḋ, agus an ṁuinntir a ḃéas ar deireaḋ, tá siad i dtoiseaċ.#Mait. 19, 30, agus 20, 16; Marc. 10, 31.
31An lá céadna sin ṫáinic cuid de na Fairisíniġ ċuige a ráḋ leis: Iṁṫiġ agus fág an áit seo, óir is mian le h-Ioruaḋ ṫú a ṁarḃaḋ.
32Agus duḃairt seisean leo: Imṫiġigiḋ, agus abraigiḋ leis an tsionnaċ úd: Féaċ, teilgiṁ amaċ deaṁain, agus ġním leiġeasanna, indiu agus i mbáraċ, agus ar an treas lá béiḋ deireaḋ liom.
33Ciḋeaḋ, is éigean daṁ siuḃal indiu agus i mbáraċ agus i n-órṫar, óir ní féidir do ḟáiḋ bás d’ḟaġáil taoḃ amuiġ de Ierusalem.
34A Ierusalem, a Ierusalem,#Mait. 23, 37. a ṁarḃas na fáiḋe, agus a ġaḃas do ċloċa ionnta sin a ċuirtear ċugat, cad é a ṁiniciġe a ba ṁian liom do ċlann a ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an t-éan a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus ḋiúltuiġ tú.
35Féaċ, fágfar ḃur dteaċ ina ḟásaċ agaiḃ. Agus deirim liḃ, naċ ḃfeicfiḋ siḃ mé, go dtí go dtigiḋ an t-am nuair a déarfaiḋ siḃ: Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n-ainm an Tiġearna.
Currently Selected:
Lúcas 13: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland