Lúcas 14
14
Caibidil XIV
Leiġeasann Críost fear a raiḃ an íorpais air. Fáiṫscéal an tsuipéir. Tá sé riaċtanaċ gaċ níḋ a ṫréigin agus Críost a leanaṁaint.
1Agus ṫárla, nuair a ċuaiḋ Íosa isteaċ i dtiġ uaċtaráin áiriṫe de ċuid na ḃFairisíneaċ, ar an tsabóid, le h-arán a ċaiṫeaṁ, ċoiṁéad siad é.
2Agus féaċ, ḃí duine áiriṫe ina láṫair a raiḃ an íorpais air.
3Agus ar ḟreagairt do Íosa, laḃair sé leis na dliġṫeoirí agus na Fairisíniġ, ag ráḋ: An ḃfuil sé dlisteannaċ leiġeas a ḋéanaṁ ar an tsabóid?
4Aċt d’ḟan siad-san ina dtost. Aċt rug seisean air, leiġeas sé é, agus ċuir sé ar ṡiuḃal é.
5Agus ġá ḃfreagairt, duḃairt sé: Cé agaiḃ a dtuitfeaḋ a asal nó a ḋaṁ isteaċ i bpoll naċ dtarraingeoċaḋ amaċ ar an ḃomaite é lá na sabóide?
6Agus ní ṫáinic leo freagair a ṫaḃairt dó ar na neiṫe seo.
7Agus laḃair sé fáiṫscéal fosta leis na daoine a fuair cuireaḋ, ag taḃairt fá dear na dóiġe ar ṫoġ siad na ċéad suiḋ-eaċáin ag an tábla, ag ráḋ leo:
8Nuair a ġeoḃas tú cuireaḋ ċun bainḟeise, ná suiḋ san áit is áirde, ar eagla go ḃfuair duine níos onóraiġe ná ṫú cuireaḋ uaiḋ,
9Agus go dtigeaḋ an té a ṫug cuireaḋ duit-se agus dó-san, agus a ráḋ leat: Taḃair áit do’n ḟear seo; agus annsin toiseoċaiḋ tú fá náire a ġlacaḋ na h-áite is ísle.
10Aċt nuair a ġeoḃas tú cuireaḋ, téiġ, agus suiḋ san áit is ísle: ionnas, nuair a ṫiocfas an té a ṫug cuireaḋ duit, go n-abraiḋ sé leat: A ċaraid, gaḃ suas giota eile.#Sean-ḟ. 25, 7. Annsin béiḋ glóir agat i láṫair a mbíonn ag an tábla leat.
11Óir gaċ duine a árduiġeas é féin, ísleoċar é:#Mait. 23, 12. agus an té a ísliġeas é féin, árdóċar é.
12Agus duḃairt sé fosta leis an té a ṫug cuireaḋ dó: Nuair a ġní tú dinnéar nó suipéar, ná goir dó ċáirde, ná do ḃráiṫre, ná do ġaolta, ná do ċóṁarsanaiġ saiḋḃre, ar eagla go dtaḃaraḋ siad-san cuireaḋ ṫar ais duit-se, agus go mbéaḋ a aisíoc agat.
13Aċt nuair a ġní tú féasta, goir na boċta,#Tob. 4, 7; Sean-ḟ. 3, 9. na daoine cioṫ-ramaċa, na bacaiġ agus na daill.
14Agus béiḋ tú beannuiġṫe, de ḃríġ naċ mbíonn sé ar a gcumassan cúiteaṁ aḋéanaṁ leat; óir ḋéanfar cúiteaṁ leat i n-eiséirġe na ḃfíréan.
15Agus ar a ċluinstin sin do ḋuine áiriṫe a ḃí ina ṡuiḋe ag an tábla ina ċuideaċta, duḃairt sé leis: Is beannuiġṫe an té a íosas arán i ríoġaċt Dé.
16Aċt duḃairt seisean leis:#Mait. 22, 2; Taiḋḃ. 19, 9. Rinne duine áiriṫe suipéar mór, agus ṫug sé cuireaḋ do ṁórán,
17Agus ag am suipéir ċuir sé a ṡeirḃíseaċ ċuig an méid a fuair cuireaḋ le ráḋ leo teaċt, óir ḃí na h-uile neiṫe réiḋ anois.
18Agus ṫoisiġ siad uilig i n-aoinḟeaċt a ḋéanaṁ leiṫscéil. Duḃairt an ċéad duine leis: Ċeannuiġ mé feirm, agus caiṫfiḋ mé dul amaċ, agus é d’ḟeiceáil; iarraim ort mo leiṫscéal a ġaḃáil.
19Agus duḃairt duine eile: Ċeannuiġ mé cúig ċuingir daṁ, agus tá mé ag dul le h-iad d’ḟéaċáil; iarraim ort mo leiṫscéal a ġaḃáil.
20Agus duḃairt duine eile: Ṗos mé bean, agus, ar an aḋḃar sin, ní ṫig liom teaċt.
21Agus ar ṗilleaḋ do’n tseirḃíseaċ, d’innis sé na neiṫe sin dá ṫiġearna. Annsin ḃí fearg ar ḟear an tiġe, agus duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċ: Gaḃ amaċ go tapaiḋ fá ṡráideaċa agus fá ċaḃsaí na caṫraċ, agus taḃair isteaċ annseo na ḃoċta, agus na donáin, na daill, agus na bacaiġ.
22Agus duḃairt an seirḃíseaċ: A ṫiġearna, rinneaḋ mar d’órduiġ tú, aċt tá áit ann go fóill.
23Agus duḃairt an tiġearna leis an tseirḃíseaċ: Gaḃ amaċ fá na bóiṫre agus fá na fáltaí, agus taḃair orṫa a ṫeaċt isteaċ, ionnas go líontar mo ṫeaċ.
24Aċt deirim liḃ naċ mblaisfiḋ aon duine de na fir a fuair cuireaḋ mo ṡuipéar-sa.
25Agus ḃí sluaiġte móra ag dul i n-aoinḟeaċt leis, agus ag tionntóḋ ṫart dó, duḃairt sé leo:
26Má ṫig aoinneaċ ċugam-sa,#Mait. 10, 37. agus gan fuaṫ aige#14, 26 Gan fuaṫ aige, ⁊c. Ní ċeaduiġeann dliġe Ċríost dúinn fuaṫ a ḃeiṫ againn fiú ar ár náiṁde, gan tráċt ar ár dtuismiġṫeoirí. Is é rud a ċialluiġeas an ċainnt seo, gur ċóir dúinn ár n-intinn a ḃeiṫ socair againn scaraṁaint le gaċ neaċ agus níḋ, dá annsaċt linn iad, dá mbéaḋ siad ina dtoirmisc againn i leanaṁaint Ċríost. ar a aṫair, agus ar a ṁáṫair, agus ar a ṁnaoi, agus ar a ċloinn, agus ar a ḋearḃráiṫre, agus ar a ḋeirḃṡeaṫraċa, agus fosta fiú ar a anam féin, ní féidir dó a ḃeiṫ ina ḋeisciobal agam.
27Agus an té naċ n-iomċrann a ċros,#Mait. 10, 38, agus 16, 24; Marc. 8, 34. agus naċ dtig mo ḋiaiḋ-se, ní féidir dó a ḃeiṫ ina ḋeisciobal agam.
28Óir cé agaiḃ, agus mian aige túr a ṫógáil, naċ suiḋeann síos ar dtús leis an ċostas a ḃíos riaċtanaċ a ċunntas, féaċaint an ḃfuil go leor aige le n-a ċríoċnuġaḋ,
29Ar eagla, i ndiaiḋ an duḃṡraiṫ a leagan, agus gan é ábalta a ċríoċnuġaḋ, go dtoisiġeaḋ gaċ duine dá ḃfeicfeaḋ é a ṁagaḋ faoi,
30Ag ráḋ: Ṫóisiġ an duine ṡeo a ṫógáil tiġe, agus ní raiḃ sé ábalta a ċríoċnuġaḋ.
31Nó cé’n rí ar tí cogaḋ a ċur ar ríġ eile, naċ suiḋeann síos ar ḋtús a ṁaċtnaṁ, má’s féidir dó le deiċ míle dul i n-aġaiḋ an té a ḃíos ag teaċt d’ionnsaiḋe air le fiċe míle?
32Nó, ar ḃeiṫ dó-san go fóill i ḃfad uaiḋ, cuireann sé teaċtaireaċt ċuiġe a ṫráċt ar ċeist síoṫċána.
33Mar an gcéadna, dá ḃríġ sin, gaċ duine agaiḃ naċ dtréigeann a ḃfuil aige, ní féidir dó a ḃeiṫ ina ḋeisciobal agam.
34Is maiṫ an rud salann;#Mait. 5, 13; Marc. 9, 49. aċt má ċailleann an salann a ḃríġ, cá leis a gcuirfear blas air?
35Ní ḃíonn maiṫ ann do’n talaṁ, ná do’n ċarn aoiliġ, aċt caiṫfear amaċ é. An té a ḃfuil cluasa ċun éisteaċta air, éisteaḋ sé.
Currently Selected:
Lúcas 14: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland