1
Lúcas 10:19
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Féaċ, ṫug mé cuṁaċt díḃ saltairt ar naiṫreaċa niṁe agus scorpioin, agus ar neart an náṁad go h-iomlán, agus ní ġortóċaiḋ aon níḋ siḃ.
Compare
Explore Lúcas 10:19
2
Lúcas 10:41-42
Agus d’ḟreagair an Tiġearna í, agus duḃairt: A Ṁarta, a Ṁarta, tá cúram ort, agus buaiḋreaṁ ort fá ṁórán neiṫe. Aċt is aon níḋ aṁáin atá riaċtanaċ. Rinne Máire an roġa is feárr, agus ní ḃainfear uaiṫe é.
Explore Lúcas 10:41-42
3
Lúcas 10:27
D’ḟreagair sé agus duḃairt: Gráḋóċaiḋ tú an Tiġearna, do Ḋia, le do ċroiḋe go h-iomlán, agus le d’anam go h-iomlán, agus le do neart go h-iomlán, agus le d’intinn go h-iomlán; agus do ċóṁarsa mar ṫú féin.
Explore Lúcas 10:27
4
Lúcas 10:2
Agus duḃairt sé leo: Tá an fóġṁar mór go dearḃṫa, aċt tá na h-oibriḋṫe gann. Ar an aḋḃar sin, guiḋigiḋ Tiġearna an ḟóġṁair ċun go gcuiriḋ sé oibriḋṫe amaċ ċuig a ḟóġṁar.
Explore Lúcas 10:2
5
Lúcas 10:36-37
Cé acu de’n triúr seo, dar leat, a ḃí ina ċóṁarsain ag an té ar casaḋ na sladairí air? Aċt duḃairt seisean: An té a rinne trócaire air. Agus duḃairt Íosa leis: Gaḃ, agus déan ṫusa mar an gcéadna.
Explore Lúcas 10:36-37
6
Lúcas 10:3
Imṫiġigiḋ: féaċ, cuirim siḃ aṁail uain imeasc mac tíré.
Explore Lúcas 10:3
Home
Bible
Plans
Videos