YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 8

8
1Agus d’éirigh géir‐leanmhain mhór an lá sin i gcoinnibh na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem; agus do scaipeadh iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Shamária, acht amháin na h‐abstail. 2Agus d’adhlaic daoine cráibhtheacha Stiofán, agus do chaoineadar é go h‐árd‐ghlórach. 3Acht do bhí Saul ag slad na h‐eaglaise, ag dul isteach ins gach aon tigh, ag tarraing fear agus ban amach agus g‐á gcur i bpríosún.
4Acht an méid díobh do scaipeadh d’imthigh siad rómpa ag craobhscaoileadh an bhriathair. 5Agus do chuaidh Pilib síos go cathair Shamária, agus d’fhógair sé Críost dóibh annsin. 6Agus thug na sluaighte aire d’aon toil do’n méid adubhairt Pilib, nuair d’éisteadar leis, agus do chonnacadar na cómharthaí do‐rinne sé. 7Óir do bhí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neamh‐ghlana amach, ag éigheamh go h‐árd: agus do leigheasadh mórán go raibh pairilis ortha, agus do bhí ’n‐a máirtíneachaibh. 8Agus bha mhór an t‐áthás do bhí san gcathair sin.
9Acht do bhí fear amháin, darbh ainm Síomón, do bhí ag cleachtadh draoidheachta, agus ag mealladh muinntire Samária ar feadh tamaill roimhe sin, g‐á rádh gur dhuine mór éigin é féin: 10thug na daoine go léir, beag agus mór, aire dhó, g‐á rádh, Cumhacht Dé an fear so an chumhacht ar a dtugtar Mór. 11Agus ba é fáth fá thugadar aire dhó, gur chuir sé iongnadh mór ortha le tamall fada le n‐a chuid draoidheachta. 12Acht nuair do chreideadar Pilib agus é ag craobhscaoileadh i dtaobh ríoghachta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mhnáibh. 13Agus do chreid Síomón féin: agus iar n‐a bhaisteadh, d’fhan sé i bhfochair Philib; agus nuair do chonnaic sé cómharthaí agus míorbhailtí móra d’a ndéanamh, bhí iongnadh mór air.
14Nuair d’airigh na h‐abstail do bhí i nIarúsalem go raibh Samária tar éis briathar Dé go ghlacadh, do chuireadar chuca Peadar agus Eoin: 15agus nuair tháinig siad‐san, do ghuidheadar ar a son, go bhfaighidís an Spiorad Naomh: 16óir go dtí sin níor thuirling sé ar duine aca: ní dearnadh acht iad do bhaisteadh i n‐ainm an Tighearna Íosa. 17Annsin do chuireadar a lámha ortha, agus do ghlacadar an Spiorad Naomh. 18Nuair thug Síomón fá deara gur tré lámha na n‐abstal d’á gcur ortha tugadh an Spiorad Naomh, do thairg sé airgead dóibh, 19g‐á rádh, Tabhraidh dhamh‐sa an chumhacht sin, leis, go bhfaigheadh an té go gcuirfead mo lámh air an Spiorad Naomh. 20Acht adubhairt Peadar leis, Scrios ar do chuid airgid agus ort féin, toisc gur cheapais go bhféadfá saor‐thabhartas Dé d’fhágháil ar airgead. 21Ní fhuil baint ná páirt agat leis an ngnó so: óir ní fhuil do chroidhe ceart i láthair Dé. 22Déan aithrighe, d’á bhrigh sin, san gcuirptheacht so agat, agus cuir guidhe chum Dé, le súil go maithfidhe dhuit smaoineadh do chroidhe. 23Óir is léir dhom go bhfuilir i ndomblas seirbhthin agus i ngreim an uilc. 24Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, Guidhidh‐se chum Dé ar mo shon, ionnas nach dtiocfadh orm éinnidh de’n méid atá ráidhte agaibh.
25Annsin, tar a éis dóibh fiadhnaise do thabhairt agus briathar an Tighearna do labhairt, d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, agus do chraobhscaoileadar an soiscéal ’n‐a lán de bhailtibh beaga na Samáritánach.
26Acht do labhair aingeal an Tighearna le Pilib, g‐á rádh, Éirigh, agus imthigh ó dheas fá dhéin an bhealaigh sheolas síos ó Iarúsalem go Gása: fásach atá ann. 27Agus d’éirigh sé agus d’imthigh: agus féach, fear ó Étiópia, coillteánach réimeamhail fá Chandácé, bainríoghain na nÉtiópach, do bhí i mbun a ciste go léir, tháinig sé go h‐Iarúsalem chum adhradh do dhéanamh ann; 28agus do bhí sé ag filleadh ar ais agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a charbad ag léigheadh Ésáias fáidh. 29Agus adubhairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téigh san gcarbad sin. 30Agus do rith Pilib chuige, agus d’airigh sé é ag léigheadh Ésáias fáidh, agus adubhairt sé, An dtuigeann tú an méid atá agat d’á léigheadh? 31Agus adubhairt seisean, Cionnas is féidir liom a thuigsin, gan duine éigin bheith ann le n‐a mhíniú dhom? Agus d’iarr sé ar Philib teacht aníos agus suidhe ’n‐a aice. 32Agus is é seo an chuid de’n scrioptúir do bhí aige d’a léigheadh,
Do treoruigheadh é amhail caora chum báis;
Agus amhail uan n‐a thost i láthair a lomaire,
Níor fhoscail sé a bhéal:
33I n‐umhlacht do séanadh a bhreitheamhnas air:
Cia fhoillseochas a gheinealach?
Óir scriostar a shaoghal de’n talamh.
34Agus d’fhreagair an coillteánach agus adubhairt sé le Pilib, Athchuinghim ort, cia air go labhrann an fáidh é seo? an air féin, nó ar duine éigin eile? 35Agus d’fhoscail Pilib a bhéal, agus ag tosnú dhó ó’n scrioptúir sin, d’innis sé i dtaobh Íosa dhó. 36Agus san tslighe dhóibh, thángadar mar a raibh uisce; agus adubhairt an coillteánach, Féach, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ bhaisteadh? 38Agus d’órduigh sé an carbad do chur ’n‐a stad: agus do chuadar beirt, Pilib agus an coillteánach, síos isteach san uisce; agus do bhaist sé é. 39Agus nuair thángadar aníos as an uisce, d’fhuaduigh Spiorad an Tighearna Pilib; agus ní fhaca an coillteánach as sin amach é, óir d’imthigh sé ar a bhóthar agus árd‐áthas air. 40Acht fríth Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseacht tríd na bailtibh dhó, do chraobhscaoil sé an soiscéal dóibh go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria.

Currently Selected:

Gníomhartha 8: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in