Gníomhartha 7
7
1Agus adubhairt an t‐árd‐shagart, An fíor na scéala so? 2Agus adubhairt seisean,
A bhráithreacha agus a aithreacha, éistidh, Do thaisbeán Dia na Glóire é féin d’ár nAthair Abracham, an tráth ’n‐a raibh sé i Mesopotámia, sarar chómhnuigh sé i gCarrán; 3agus adubhairt sé leis, Éirigh as do thír féin, agus as do mhuinntir féin, agus tar isteach san tír thaisbeánfas mé dhuit. 4Annsin d’fhág sé tír na gCaldaeach, agus do chómhnuigh sé i gCarrán, agus, nuair fuair a athair bás, d’aistrigh Dia é go dtí an tír seo ’n‐a bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr gcómhnaidhe anois: 5agus ní thug sé aon oidhreacht dó annsin, oiread agus coiscéim troighe: agus do gheall sé dhó go dtiubhradh sé mar sheilbh é dhó féin agus d’á shliocht ’n‐a dhiaidh, agus gan clann aige fós. 6Agus do labhair Dia leis ar an gcuma so, go ndéanfadh a shliocht cómhnaidhe i dtír choimhighthigh, agus go gcuirfidhe fá bhraighdeanas iad, agus fá leathtrom ar feadh ceithre céad bliadhan. 7Agus an náisiún go mbéidh siad fá dhaoirse aige, do‐ghéanad‐sa breitheamhnas air, adubhairt Dia: agus tiocfaidh siad amach ’n‐a dhiaidh sin, agus do‐ghéanaidh siad seirbhís dom san áit seo. 8Agus thug sé dhó connradh an timcheall‐gearrtha: agus mar sin do ghein sé Íosóg, agus do thimcheall‐ghearr sé é an t‐ochtmhadh lá; agus do ghein Íosóg Iácób, agus do ghein Iácób an dá phaitriárcha déag. 9Agus d’fhás éad ar na paitriárchaibh le Seosamh, gur dhíoladar isteach san Éigipt é: 10agus bhí Dia leis, agus d’fhuascail sé é ó n‐a anró uile, agus thug sé fábhar agus eagna dhó i láthair Faraó rí na h‐Éigipte; go ndearna sé ceannphort de ar an Éigipt agus ar a rí‐theaghlach féin. 11Acht tháinig gorta agus amhgar mór ar an Éigipt ar fad agus ar Chanaán: agus ní raibh biadh le fágháil ag ár n‐aithreachaibh. 12Acht, ar n‐a chlos do Iácób go raibh arbhar san Éigipt, do chuir sé ár n‐aithreacha annsin an chéad uair. 13Agus an dara h‐uair do cuireadh Seosamh i n‐aithne d’á dhearbhráithreachaibh; agus do nochtadh cineadh Sheosaimh d’Fharaó. 14Agus thug Seosamh cuireadh, agus do ghlaodh sé chuige Iácób a athair, agus a chineadh go léir, cúig duine déag agus trí fichid. 15Agus do chuaidh Iácób síos san Éigipt; agus fuair sé bás, é féin agus ár n‐aithreacha; 16agus tugadh go Suchem iad, agus do cuireadh iad san uaigh do cheannuigh Abracham ar airgead ó chlann‐mhac Emmór i Suchem. 17Acht nuair do bhí am na geallamhna thug Dia d’Abracham, ag teacht, do bhí an pobal ag dul i bhfás agus i líonmhaire san Éigipt, 18nó gur éirigh rí eile ar an Éigipt, nach raibh aithne aige ar Sheosamh. 19Do‐rinne seisean feall ar ár gcineadh, agus do‐rinne sé leathtrom ar ár n‐áithreachaibh, g‐á chur d’fhiachaibh ortha a naoidheana do chaitheamh amach ionnas nach mairfidís. 20Fá’n am sin rugadh Maois, agus leanbh an‐bhreagh do bhí ann; agus do h‐oileadh é ar feadh trí mí i dtigh a athar: 21agus nuair do caitheadh amach é, do thóg inghean Fharaó é, agus d’oil sí é mar mhac dí féin. 22Agus fuair sé oideas i n‐ealadhantaibh uile na nÉigipteach; agus bhí sé cumasach ’n‐a bhriathraibh agus ’n‐a ghníomharathibh. 23Acht nuair do bhí sé dá fhichid bliadhain d’aois, tháinig tnúthán ’n‐a chroidhe dul agus cuairt do thabhairt ar a bhráithreachaibh, clann Israel. 24Agus nuair chonnaic sé duine aca agus éagcóir d’á déanamh air, do chosain sé é, agus do‐rinne sé díoghaltas ar son an té go ndearnadh an éagcóir air, ag bualadh an Éigiptigh: 25agus do cheap sé gur thuig a bhráithreacha go raibh Dia g‐á bhfuascladh tré n‐a láimh‐sean; acht níor thuigeadar. 26Agus, an lá ’n‐a dhiaidh sin tháinig sé ortha agus iad ag troid le chéile, agus b’áil leis síothcháin do dhéanamh eadortha, g‐á rádh, A fheara, is bráithreacha sibh; cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh éagcóra ar a chéile? 27Acht an té do bhí ag déanamh na h‐éagcóra ar a chomharsain do chuir sé uaidh é, g‐á rádh, Cia rinne riaghlóir agus breitheamh dhíot‐sa os ár gcionn? 28Arbh áil leat mise do mharbhadh, fá mar mharbhais an t‐Éigipteach indé? 29Agus nuair do‐chuala Maois sin do theich sé, agus do‐rinne sé chómhnaidhe i dtír Mhadian, agus do bhí beirt chlann‐mhac aige annsin. 30Agus nuair do bhí dhá fhichid bliadhan imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal dó i bhfásach sléibhe Sína, i lasair teineadh i dtor. 31Agus nuair do chonnaic Maois é, do chuir an taidhbhse iongnadh air: agus ag tarraing i ngar dó g‐á bhreathnú, do labhair guth an Tighearna, 32Is mise Dia do shinnsear, Dia Abrachaim agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib. Agus do bhí Maois ar crioth, agus níor lámh sé féachain. 33Agus adubhairt an Tighearna leis, Scaoil na bróga ded’ chosaidh: óir an áit ’n‐a bhfuil tú is talamh naomhtha é. 34Do chonnacas go soiléir amhgar mo phobail atá san Éigipt, agus d’airigheas a gcneadach, agus tháinig mé le tárrtháil do dhéanamh ortha: agus anois, tar, cuirfead chum na h‐Éigipte thú. 35An Maois seo d’ár dhiúltadar, g‐á rádh, Cia do‐rinne riaghlóir agus breitheamh dhíot‐sa? do chuir Dia uaidh eisean ’n‐a riaghlóir agus ’n‐a fhuascaltóir le láimh an aingil do taidhbhrigheadh dhó san tor. 36Do threoruigh sé sin amach iad, tar a éis dó míorbhailtí agus cómharthaí do dhéanamh san Éigipt, agus san Muir Ruaidh, agus san bhfásach ar feadh dá fhichid bliadhan. 37Is é an Maois sin adubhairt le clainn Israel, Tógfaidh Dia suas fáidh mar mise dhaoibh as lár bhúr mbráithreach. 38Is é sin an té do bhí san gcómh‐chruinniú san bhfásach i bhfochair an aingil do labhair leis ar shliabh Sína, agus i bhfochair ár n‐aithreach: do ghlac briathra na beathadh le n‐a thabhairt dúinne: 39an té nárbh áil le n‐ár n‐aithreachaibh bheith umhal dó, acht do dhiúltadar dó, agus d’fhilleadar ’n‐a gcroidheachaibh chum na h‐Éigipte, 40g‐á rádh le h‐Aarón, Déan déithe dhúinn rachas rómhainn; acht maidir leis an Maois seo, do threoruigh amach as tír na h‐Éigipte sinn, ní fhuil a fhios againn créad d’éirigh dhó. 41Agus do chumadar laogh ins na laethibh sin, agus do‐rinneadar íodhbairt do’n íodhal, agus do‐rinneadar gáirdeachas as obair a lámh féin. 42Acht d’iompuigh Dia, agus thug sé suas iad chum sluagh neimhe d’adhradh: mar atá scríobhtha i leabhar na bhfáidh,
An beithidhigh marbha agus íodhbarta d’ofráileabhar dom
Ar feadh dá fhichid bliadhan san bhfásach, a theaghlaigh Israel?
43Agus do thógabhar tabernacal Mhóloch,
Agus réalta an dé Refan,
Na h‐íomhághtha do‐rinneabhar le n‐a h‐adhradh:
Agus aistreochad thar an mBaibiolóin anonn sibh.
44Do bhí tabernacal na fiadhnaise ag ár sinnsearaibh san bhfásach, mar d’órduigh an té do labhair le Maois, go ndéanfadh sé é de réir na h‐eisiomplára do chonnaic sé. 45Agus thug ár sinnsir isteach i n‐éinfheacht le Iósua é ’n‐a dhiaidh sin, agus iad ag gabháil seilbhe ar thír na gcineadhach, do dhíbir Dia amach roimh aghaidh ár sinnsear, go dtí laethe Dháibhi: 46fuair grás i láthair Dé, agus d’iarr áitreabh d’fhágháil do Dhia Iácóib. 47Acht ba é Solamh do thóg teach dó. 48Ní i dtigh do rinneadh le lámhaibh, ámh, chómhnuigheas an Té is Áirde; mar adeir an fáidh,
49Is é neamh mo rí‐chathaoir,
Agus is é an talamh stól mo chos:
Cia an cineál tighe thógfas sibh damh‐sa? adeir an Tighearna:
Nó cá bhfuil áit mo shuaimhnis?
50Nárbh í mo lámh‐sa do‐rinne na neithe sin go léir?
51A lucht na muineál righin, gan cluasa ná croidhe timcheall‐ghearrtha agaibh, bíonn sibh i gcómhnaidhe ag cur i gcoinnibh an Spioraid Naoimh: fá mar rinne bhúr sinnsir, is mar sin do‐ghní sibhse. 52Cia aca de na fáidhibh nach ndearna bhúr sinnsir géir‐leanamhain air? agus do mharbhadar iad‐san d’fhógair roimh ré teacht an Fhíréin úd; go bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr mbrathadóiribh agus ’n‐bhúr ndúnmharbhthóiribh aige; 53sibh‐se fuair an reacht tugadh tríd na h‐ainglibh, agus nár umhluigh dó.
54Ag éisteacht dóibh‐sean leis na briathraibh sin, d’éirigh colg ’n‐a gcroidheachaibh agus do bhíodar ag gioscán a bhfiacal chuige. 55Acht do dhearc seisean go géar suas ar neamh, agus é lán de’n Spiorad Naomh, agus do chonnaic sé glóir Dé, agus Íosa ’n‐a sheasamh ar dheasláimh Dé, 56agus adubhairt sé, Féach, chím na flaithis ar fhoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a sheasamh ar dheasláimh Dé. 57Acht do gháireadar‐san amach i n‐árd a ngotha, agus do dhúnadar a gcluasa agus thugadar ruathar faoi i n‐éinfheacht le chéile, 58agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do ghabhadar de chlochaibh air: agus do leag na fiadhnaidhthe a mbrait ag cosaibh fir óig darbh ainm Saul. 59Agus do ghabhadar de chlochaibh ar Stiofán, agus é ag guidhe, g‐á rádh, A Thighearna Íosa, glac chugat mo spioraid. 60Agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do ghlaodh sé de ghuth árd, A Thighearna, ná cuir an peacadh so ’n‐a leith. Agus, ar n‐a rádh sin dó, do thuit a chodladh air. Agus do bhí Saul ag aontú le n‐a bhás.
Currently Selected:
Gníomhartha 7: ATN1951
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932