Agus do ghabhadar de chlochaibh ar Stiofán, agus é ag guidhe, g‐á rádh, A Thighearna Íosa, glac chugat mo spioraid. Agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do ghlaodh sé de ghuth árd, A Thighearna, ná cuir an peacadh so ’n‐a leith. Agus, ar n‐a rádh sin dó, do thuit a chodladh air. Agus do bhí Saul ag aontú le n‐a bhás.