Agus adubhairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téigh san gcarbad sin. Agus do rith Pilib chuige, agus d’airigh sé é ag léigheadh Ésáias fáidh, agus adubhairt sé, An dtuigeann tú an méid atá agat d’á léigheadh? Agus adubhairt seisean, Cionnas is féidir liom a thuigsin, gan duine éigin bheith ann le n‐a mhíniú dhom? Agus d’iarr sé ar Philib teacht aníos agus suidhe ’n‐a aice.