Agus d’imthigh Ananias, agus do chuaidh sé isteach san tigh; agus do chuir sé a lámha air agus adubhairt, A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa do thaisbeán é féin duit san tslighe agus tú ag teacht, do chuir sé mise chugat, chum go bhfaightheá do radharc athuair, agus go líonfaidhe thú de’n Spiorad Naomh. Agus ar an láthair do thuit ó n‐a shúilibh mar bhéadh gáinní, agus fuair sé a radharc; agus d’éirigh sé agus do baisteadh é