Gníomhartha 9
9
1Acht do chuaidh Saul, agus é ag sír‐shéideadh bagartha agus báis i gcoinnibh deiscéabal an Tighearna, chum an ard‐shagairt, 2agus d’iarr sé air lithreacha do thabhairt dó chum na sionagóg i nDamascus, chum, dá bhfaigheadh sé aon duine, fear nó bean de’n tSlighe seo, go dtiubhradh sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem. 3Agus ag imtheacht dó, thárla go raibh sé ag druidim le Damascus, agus do las solas ó neamh go h‐obann ’n‐a thimcheall: 4agus do thuit sé chum na talmhan, agus d’airigh sé an guth g‐á rádh leis, A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’gam’ ghéirleanmhain? 5Agus adubhairt seisean, Cia thú féin, a Thighearna? Agus d’fhreagair sé, Is mise Íosa ar a bhfuil tú ag géirleanmhain: 6acht éirigh, agus téigh isteach san gcathair, agus innseochar duit créad atá le déanamh agat. 7Agus na fir do bhí ag taisteal i n‐éinfheacht leis do bhíodar ’n‐a seasamh ’n‐a dtost, ag éisteacht leis an nguth, acht gan aon duine le feicsin aca. 8Agus d’éirigh Saul de’n talamh; agus nuair d’fhoscail sé a shúile, ní fhaca sé rud ar bith; agus rugadar ar láimh air agus threoruigheadar isteach i nDamascus é. 9Agus do bhí sé trí lá gan radharc, agus níor ith ná níor ól sé.
10Agus do bhí i nDamascus deisceabal darbh ainm Ananias, agus adubhairt an Tighearna i n‐aisling leis, A Ananias. Agus adubhairt seisean, Atáim annso, a Thighearna. 11Agus adubhairt an Tighearna leis, Éirigh, agus imthigh go dtí an tsráid ar a dtugtar Díreach, agus loirg, i dtigh Iúdáis, fear dar ab ainm Saul, ó Thársus; óir atá sé ag urnaighe; 12agus do chonnaic sé fear dar ab ainm Ananias ag teacht isteach, agus ag cur a lámh air, chum go bhfaigheadh sé a radharc. 13Acht d’fhreagair Ananias, A Thighearna, do‐chualas ó mhórán daoine i dtaobh an fhir sin, go ndearna sé díoghbháil mhór dod’ naomhaibh i nIarúsalem: 14agus atá ughdarás aige annso ó uachtaránaibh na sagart chum na daoine ghlaodhas ar t’ainm do ghabháil. 15Acht adubhairt an Tighearna leis, Imthigh leat: óir is soitheach toghtha agam‐sa é, chum m’ainm do bhreith i láthair na nGeinte agus na ríogh, agus do chlainn Israel: 16óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme. 17Agus d’imthigh Ananias, agus do chuaidh sé isteach san tigh; agus do chuir sé a lámha air agus adubhairt, A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa do thaisbeán é féin duit san tslighe agus tú ag teacht, do chuir sé mise chugat, chum go bhfaightheá do radharc athuair, agus go líonfaidhe thú de’n Spiorad Naomh. 18Agus ar an láthair do thuit ó n‐a shúilibh mar bhéadh gáinní, agus fuair sé a radharc; agus d’éirigh sé agus do baisteadh é; 19agus do ghlac sé biadh agus fuair sé neart.
Agus d’fhan sé roinnt laethe i bhfochair na ndeisceabal do bhí i nDamascus. 20Agus ar ball, ins na sionagógaibh, do chraobhscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é. 21Agus do bhí iongnadh mór ar a raibh ag éisteacht leis, agus adubhradar, Nach é seo an té do‐rinne léirscrios i nIarúsalem ortha‐san do ghlaodh ar an ainm sin? agus tháinig sé annso d’aon ghnó chum iad do thabhairt ceangailte i láthair uachtarán na sagart. 22Acht is mó do bhí Saul ag dul i neart, agus é ag cur na nIúdach do chómhnuigh i nDamascus ’n‐a dtost, g‐á chrothú gur ab é sin an Críost.
23Agus nuair bhí mórán laethe imthighthe, do ghlac na h‐Iúdaigh cómhairle a chéile go marbhóchaidís é: 24acht fuair Saul fios a gcóimh‐cheilge. Agus do bhíodar ag faire ar na geataibh de ló agus d’oidhche chum go marbhóchaidís é: 25acht do thóg a dheisceabail é san oidhche, agus do chuireadar síos é tríd an mballa, g‐a leigin síos i gciseán.
26Agus ar theacht go h‐Iarúsalem dó, d’iarr sé greamú leis na beisceablaibh: agus bhí eagla ortha go léir roimhe, agus ní chreidfidís gur dheisceabal é. 27Acht do ghlac Barnabas chuige é, agus thug sé chum na n‐abstal é, agus d’innis sé dhóibh cionnas do chonnaic sé an Tighearna san tslighe, agus gur labhair sé leis, agus cionnas mar labhair sé i nDamascus i n‐ainm Íosa. 28Agus do bhí sé ’n‐a bhfochair súd ag gabháil isteach agus amach i nIarúsalem, 29ag labhairt go dána i n‐ainm an Tighearna: agus do bhíodh sé ag labhairt agus ag diospóireacht i n‐aghaidh na nGréagach; go ndeachadar‐san ag iarraidh a mharbhadh. 30Agus nuair fuair na bráithre fios ’n‐a thaobh sin, thugadar síos go Céasaria é, agus do chuireadar as sin go Társus é.
31Agus do bhí síothcháin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, bhí beannacht uirthi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseacht i n‐eagla an Tighearna, agus an Spiorad Naomh ag neartú léi.
32Agus thárla, nuair do bhí Peadar ag gabháil ó áit go h‐áit, go dtáinig sé chum na naomh do chómhnuigh i Lidda. 33Agus fuair sé annsin duine darbh ainm Aenéas, d’fhan ’n‐a leabaidh ar feadh ocht mbliadhan, agus pairilis air. 34Agus adubhairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ shlánú: éirigh, agus cóirigh do leaba. Agus d’éirigh sé ar an láthair. 35Agus do chonnaic siad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe i Lidda agus i Sáróna é, agus d’iompuigheadar chum an Tighearna.
36Agus do bhí i nIoppé deisceabal darbh ainm Tabitá, (ainm chialluigheas, Dorcás): bean do bhí ag sír‐chleachtadh deagh‐ghníomh agus carthannachta. 37Agus thárla ins na laethibh sin gur buaileadh tinn í, go bhfuair sí bás: agus nuair do nigheadh í, do chuireadar i seomra uachtair í. 38Agus ó bhí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a chlos do na deisceablaibh go raibh Peadar san áit sin, do chuireadar beirt deisceabal chuige, d’iarraidh d’athchuinge air teacht chuca gan mhoill. 39Agus d’éirigh Peadar agus chuaidh sé n‐éinfheacht leo. Agus nuair tháinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uachtarach: agus do bhí na baintreabhacha ’n‐a seasamh ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaitheach do‐rinne Dorcás a fhad agus bhí sí ’n‐a measc. 40Acht do chuir Peadar iad go léir amach, agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe; agus ag iompodh chum an chuirp, adubhairt sé, A Thabitá, éirigh. Agus d’fhoscail sí a súile; agus nuair do chonnaic sí Peadar, d’éirigh sí aniar. 41Agus thug sé a lámh dí, agus do thóg sé ’n‐a seasamh í; agus ag glaodhach na naomh agus na mbaintreabhach dó, thug sé dhóibh í ’n‐a beathaidh. 42Agus do luadhadh é ar feadh Ioppé ar fad: agus do bhí mórán do chreid san Tighearna. 43Agus thárla gur fhan sé morán laethe i nIoppé i dtigh Shíomóin, fear leasuighthe leathair.
Currently Selected:
Gníomhartha 9: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932