Psalm 18

18
XVIII Psalm.
1Mo chionn ort féin a Dhé mo neirt,
2Mo charruicc Dia go ceart,
Mo dhaingion a’s mo shlanuightheoir:
Mo Thighearna a’s m’feart:
Ionadsa chuirim mo dóchas fós,
Mo thearmonn a’s mo sgiath,
Adharc mo shláinte é go beacht,
An m’ionad árd se Dia.
3Nois gairim air an dTighearna,
Da ndlighthear moladh síor;
Mar sin ó m’eascáirdibh go léir,
Coimhéadfear me go fíor.
4Chuir tuilte dhroch dháoine sgáth orm,
Le dóilgheas gus an éug:
5Pianta ifrinn a’s lion a bháis,
Rómham an ’sgach áit, féuch.
6A’m éigin ghoir me ort mo Thriath,
D’éigheas go hard lem’ ghláoidh:
Is as do theampoll náomhtha féin,
D’éist tu mo ghuith go cáoimh.
Ann fhiadhnuise ’sa néisteachd féin,
Mo ghláoidh do rainigh suas;
7An talamh air gach céim an sin,
Do chrith, ’sdo chrathuigh ghluais:
Iochtar na ccnoc agus na mbeann,
Do ghluaiseadar go garg,
Do chriothadar do chrathaigh iad,
Do bhrigh go raibh ort fearg.
8Chuaidh deatach as a shróin amach,
A’s teine loisgeach mhór,
Chuaidh as a bhéul a’s lasadh leis
Do éibhlibh nidh ba leór.
9Do lúb se fós na neamha fuidh,
’Sa nuas do thuirling se,
Fior‐dhorchadas a’s duibheagán,
Do bhi fa chosuibh Dé.
10Air Cherub mharcaigh se go hárd,
Air eitibh fos do chuaigh:
A’s bhi se luath ag eiteallúgh’,
Air sgiathánaibh na gaoith’.
11An dorchadas mar dhiamhaireacht,
Do chuir se uime féin;
Budh phailliún do na huisgeadh dorch’,
A’s néulla tiúgh na spéir.
12Lé chéile d’imthigh a néuill tiugh,
A’s an chloch‐shneachta fós,
Agus gual teine marangcéadn’
On deallradh bhí ’na ghnúis.
13Rin Dia ’sna spéiribh tóirneach chruaigh,
Do leig an ti as aird’,
Le cloch‐shneachta a ghuth amach,
A’s gual teine ’sgach ait.
14A shaighde leig se chuca ’mach,
A’s spréigh se iad air fad,
Teine d’ feair ortha, theilg go mór,
A’s chláoí iad go grad.
15Aigéin na nuisgeadh chonncas ris,
’S iochtar an domh’n do nocht;
Led’ anál as do shróin a Dhé,
Led’ achmhusán as smacht.
16A’s ionad ard do chuir se’ nuas,
A’s bhain se me amach,
Is rinn mo tharruing marangcéadn’
Ó uisgeadhaibh iomarcach.
17Om’ namhuid neartmhar agus tréun,
Thug dhamhsa fuasgladh deas,
A’s ó lucht mo mhiorúin a’s m’fuath,
Budh ro threise na mis’.
18La mo thruaighmhéile a’s mo bhróin,
Thangadar orm gan fhios
Acht bhi mo Dhia ’na thaca treóin
Ni shleamhnóchadh mo chos.
19Go hionad fhairsing agus réidh
Do thug se me amach;
M’fuascladh go sáor do rinne se,
Oir ionam ghabh se tlacht.
20’Réir m’ionracuis a’s ghloine lámh,
Dioluigheachd thug Dia dham:
21Air seachrán uaidh ni dheachuidh me,
A shlighe coimhéadaigh leam.
22’Oir uile bhreith ta os mo chó’ir.
A dhligheadh uaim nior chuir.
23Budh dhíreach iona lathair me:
’O m’aingidheacht rinneas sguir.
24’Réir m’firéuntachd a’s ghlaine lámh,
A sealladh beacht a shúl,
Do rinné mise luathghair tamh
Go cáoimh le Dia na ndúl.
25Don trócaireach teasbainfeádh tú,
Thu féin ro thrócaireach.
26Don duine díreach a mbáo’l tú,
Ionad, seadh bheith neamhspla’ch.
27Na dáoine ta fuidh bhuaireadh mhór,
Lan‐shaorfair a’s gach ait;
Acht bheir tu ’nuas an mhuintir sin,
Aig a bhfuil na ruisg ard.
28Oir lasfuigh tu mo choinnioll damh,
A’s ghnidh mo Dhia ’smo rígh
Mo dhorchadas á shoilseóchadh,
Cómh‐soiléir glan go mbí.
29Mór‐bhuidhin shlóigh, led’ neart, a Dhe!
Do briseadh leam air fad:
Le cómh’cht mo Dhia tar bhalla ré’
Do chuaidh me léim gan stad.
30Acht Dia, ata a shlighe ro cheart:
Is déarbhtha focal Dé;
Don uile dhuine dhóighios as,
Chum di’on is sár‐sgiath é.
31Oir cia is Dia, acht thusa Dhé?
Cia ’s carruicc acht ar dTriath?
32An neach ullmhuigheas mo shlighe ceart,
’Sa bheir Dhamh neart, se Dia.
33Mar chosa fiadh, ta luath chum rioth,
Mo chosa rinne se,
Air m’áitibh ard dham shocarúghadh
Chum nach ngluaisfidh me.
34Chum cómhraic theagaisg se mo lámh,
Ionnus go bhfuaras buaidh.
Go mbrisfidh le mo bhracuibh‐se
Bogha don iaran chruaidhe.
35Thug tusa sgiath do shláinte dhamh,
Do dheaslamh choing’ me suas;
Thug orm do cháoinneas a’s do ghrádh
Go hinbhe mhór gur fhás.
36Mo chéim’ne rinnis fairsing fúm,
Sin dhamh mur bhi tu féin,
Ionnus go socair seasfadh me,
’Sni shleamhnóchadh mo chéim.
37Lean me mo namhuid annsa tóir,
A’s orra rug go cas;
A’s no gur cláoidheadh iad go léir
Nior fhill me féin air m’ais.
38Gan neárt chum eirghe, loiteas iad,
A’s thuit siad sios fom’ chois.
39Le neart chum catha chrioslais me;
’Néireógh am’ aigh’ ’stu chlaoi’s.
40Air bhrá’id do thugais dhámh mo námh’d
Lucht m’fuath’ go gcláoidhfidh tu,
41Gláoidh siad ’sda bhfhurtacht ní raibh neach:
Air Dhia, ’snior phreagair se.
42Amhuil, luaithreadh a dul re gáoith,
Go mion do bruigh me iad;
A’s theilg me iad amach arís
Mar lathach air an tsráid.
43Ó ghliadh na ndáoine sháorfair me;
Rinn ceann na ccineach dhiom.
Na dáoine ’mhain nar bh’aithne dham,
Ann umhlacht dhámh do chím.
44Air chloisinn dóibhsean iomrádh orm
Géillidh siad dhamh gan stad
Agus ghnidh coigcrich mar an ccéadn’
Géillidh dhamhsa air fad.
45Seargfuighear a’s cuirfear air feódh,
Na coigchriocha go léir;
A teacht le heagla ’s umhan mór
Amach as ’ndaingnibh féin.
46Dia beo ata, beanuidhe go raibh,
Mo charruicc féin go bráth;
Agus Dia mo shláinte biaidh se
Air árduibh shuas do ghnáth.
47Mo dhioghaltas a’s mo leasughadh,
’Se Dia do bheir amach;
’Se fós a chuirfidh dhamh fo smacht
Na slóigh go hiomadach.
48’Se fhuasglas me o meascáirdibh:
’S do thóg me thar gach neach,
A d’éirghidh riom a’s thug me sáor
O fhear na heugórach.
49’Measg na ccineadhach uime sin,
Bheirimse dhuit a Dhé,
Mór‐bhuidheachas dod ainmse fós,
Ard‐mholadh seinnfigh me.
50Bheir seisean fuasgladh mór dá rig:
Le trócair’ bheir se grás
Do Dhaibhi neach do úngadh leis,
Agus da shliocht go bráth.

目前选定:

Psalm 18: PSA1836

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录